Gheobhaidh tionscadail Chiste Nua Chothú Óige Ildánach maoiniú suntasach
- Foilsithe: 16 Lúnasa 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Fógraíonn an tAire Catherine Martin naonúr faighteoirí rathúla a roinneann €727,234 faoi Chiste píolótach Chothú Óige Ildánach.
- Gheobhaidh leanaí agus daoine óga ó chúlraí éagsúla nach gcloistear uathu go minic tacaíocht chun a gcruthaitheacht a fhorbairt agus a chothú.
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. na deontaithe faoi Chiste píolótach Chothú Óige Ildánach.
Clár píolótach atá sa Chiste chun tacú le rannpháirtíocht chruthaitheach daoine óga. Tacóidh sé le daoine aonair agus le heagraíochtaí teacht ar chohóirt ar leith de dhaoine óga nach gcloistear go minic, agus cuirfidh sé ar a gcumas tionscadail nuálacha a fhorbairt a fhéadfaidh a gcuid paisin cruthaitheacha a chothú agus a n-acmhainneacht chruthaitheach a spreagadh.
Dírítear sa chiste seo ar chuid de na leanaí agus na daoine óga is mó atá faoi mhíbhuntáiste. Beidh cumhacht láidir acu i múnlú na dtionscadal. Roghnaíodh 14 thionscadal as gach cearn den tír. Ina measc tá:
- The Elevate Youth Arts Project - Comhairle Dídeanaithe na hÉireann – Corcaigh/Baile Átha Cliath
- Áit Eile - Creative Spark- An Lú/An Mhí
- Building Bridges - Forbairt Bhealach Eabhra CLG- Luimneach
- Journeys - Helium Arts - Baile Átha Cliath
- Glór Dance Project - Traces Dance Ensemble – Loch Garman/Port Láirge
- Hear I Am - Campas Coinneála Leanaí Oibricigh - Baile Átha Cliath
- City Instincts – Foróige – Baile Átha Cliath
- Creative Aftercare Communities - Mol Foghlama Luimnigh - Luimneach
- Music in Mind Youth Programme - Ceoláras Náisiúnta na hÉireann - Baile Átha Cliath
Seo a leanas roinnt samplaí:
- Tacóidh Journeys le Helium Arts le folláine agus sonas leanaí idir 8-12 bhliain d’aois ó phobail dídeanaithe agus lucht iarrtha tearmainn a bhfuil breoiteacht ar feadh an tsaoil orthu. Cuirfidh an tionscadal dhá bhliain seo ar chumas leanaí tionscadal nuálach a fhorbairt, a chothóidh a bpaisean cruthaitheach agus a n-acmhainneacht.
- Oibreoidh tionscadal rince Glór le Traces Dance Ensemble le daoine óga faoi mhíchumas atá ag iarraidh rince. Cuirfidh sé glór agus fuinneamh na ndaoine óga i lár an aonaigh le taibhiú, agus tar éis sin labhróidh rannpháirtithe faoin saothar. Léiriú deich saothar timpeall Chathair Phort Láirge le damhsóirí óga a bhfuil Siondróm Down orthu.
- In Hear I Am le lucht Champas Coinneála Leanaí Bhaile an Oibricigh tabharfar guth do dhaoie óige faoi réimse ábhar ábhartha a bhaineann lena saol, trí phodchraoladh.
- Oibreoidh Creative Aftercare Communities de chuid Mhol Foghlama Luimnigh le daoine óga atá ag aistriú ó chúram, nó atá i mbun iarchúraim cheana féin, ag tacú leo spéiseanna cruthaitheacha a aithint agus deiseanna a thairiscint chun dul i ngleic leis na réimsí spéise seo.
Dúirt an tAire Catherine Martin:
“Comhghairdeas le faighteoirí Chiste píolótach Chothú Óige Ildánach. Agus sinn ar thóir an dul chun cinn agus an chomhionannais, tá an chaoi a n-ardaímid na daoine is leochailí timpeall orainn ríthábhachtach do thodhchaí na hÉireann. Creidim, trí chruthaitheacht, agus trí infheistíocht a dhéanamh i ndaoine óga cruthaitheacha nach gcloistear go minic, táimid ag saibhriú chultúr bríomhar na hÉireann. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do gach duine a chuir isteach ar an gclár píolótach seo – is iontach méid na hoibre atá ar siúl le leanaí agus daoine óga a fheiceáil, agus na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun bacainní a bhaint. Is léir go bhfuil flúirse d’acmhainneacht chruthaitheach ónár n-óige – agus tá éagsúlacht riachtanach chun é seo a scaoileadh.”
Nótaí d'Eagarthóirí
- Is plean uile-rialtais é an Plean Cruthaitheach don Óige 2023-2027. Tá sé mar sprioc aige acmhainn chruthaitheach gach linbh in Éirinn a chumasú. Spreagann sé comhpháirtíochtaí idir daoine fásta a oibríonn san oideachas, i gcúram leanaí luathbhlianta agus aois scoile, in obair óige agus phobail, ealaíontóirí agus eagraíochtaí cruthaitheacha.
- Faoi Airteagal 31 de Choinbhinsiún na NA um Chearta an Linbh tá an ceart ag leanaí “a bheith rannpháirteach go hiomlán sa saol cultúrtha agus ealaíonta agus spreagfaidh páirtithe soláthar deiseanna cuí agus comhionanna le haghaidh gníomhaíochtaí cultúrtha, ealaíonta, áineasa agus fóillíochta”. Tá príomhfhócas Phlean nua Óige Ildánach ar dhaoine óga a bhfuil an rochtain is lú acu ar dheiseanna cruthaitheacha.
- Oibreoidh iarratasóirí le daoine 6-24 bliana d’aois, ag cur cur chuige faoi stiúir an aosa óig i bhfeidhm, mar shampla tríd an gCreat Náisiúnta do Rannpháirtíocht Leanaí agus Daoine Óga i gCinnteoireacht a chur i bhfeidhm le cur ar a gcumas tionscadal cruthaitheach a aithint, a fhorbairt agus a bheith páirteach ann. Déanfaidh daoine óga an oiread gníomhaireachta agus is féidir agus an tionscadal á dhearadh.
- Dírítear sa Chiste Cothaithe ar leanaí agus ar
-Daoine óga ag maireachtáil faoi mhíchumais fhisiciúla nó intleachtúla agus an pobal néaréagsúlachta
-Dídeanaithe óga agus lucht iarrtha tearmainn;
-Daoine óga ag maireachtáil le fadhbanna meabhairshláinte;
-Daoine óga ón bpobal LADTA+;
-Taistealaithe agus Romaigh;
-Iad siúd atá laistigh den chóras cúraim nó ag aistriú uaidh;
-Daoine rannpháirteach sa chóras ceartais óige/daoine óga i bpríosún agus iar-chiontóirí