Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Iarrachtaí ar bun chun an geilleagar oíche a athbheochan agus níos mó spásanna cultúrtha agus pobail a sholáthar trí chóras pleanála feabhsaithe

Inniu, óstálfaidh Catherine Martin, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Malcom Noonan, an tAire Stáit don Oidhreacht agus Athchóiriú Toghcháin, ceardlann sa Mhonarcha Seacláide dírithe ar an nGeilleagar Oíche a athbheochan. Glacfaidh ionadaithe ó eagraíochtaí a bhaineann leis an earnáil páirt san imeacht. Déanfaidh siad iarracht a aithint conas is féidir tacú le spásanna ealaíne, cruthaitheacha agus pobail le tacaíocht ón gcóras pleanála agus forbartha.

Tá an Cheardlann ar siúl mar fhreagra díreach ar Ghníomh 16 i dTuarascáil an Tascfhórsa um Gheilleagar Oíche.

D’ardaigh na daoine atá ag obair san earnáil ceisteanna faoi phleanáil, rialáil agus rochtain ar spás go seasmhach le linn an phróisis chomhairliúcháin chun Tuarascáil an Tascfhórsa um Gheilleagar Oíche a fhorbairt. Tugadh gealltanas i nGníomh 16 i dTuarascáil an Tascfhórsa um Gheilleagar Oíche ceardlann tiomnaithe a reáchtáil chun raon feidhme praiticiúil na ngníomhaíochtaí a bhaineann le pleanáil agus forbairt ar féidir leo tacú leis an nGeilleagar Oíche a thuiscint agus a chinneadh. Is í an aidhm ná treoir dea-chleachtais a fhorbairt chun cabhrú le hÚdaráis Áitiúla agus le daoine eile pleanáil go héifeachtach don Gheilleagar Oíche i gcomhthéacs uirbeach ilúsáide.

Aithneofar deiseanna chomh maith le dúshláin chun gníomhaíocht nua agus éagsúil a chruthú inár nGeilleagar Oíche agus tabharfar aghaidh orthu go comhoibríoch sa cheardlann agus tabharfar aghaidh ar roinnt príomhthéamaí lena n-áirítear:

  • athbheochan lár an bhaile, lena n-áirítear spásanna faoin aer
  • úsáid spásanna folmha idir an dá linn
  • soláthar Bonneagair Chultúrtha
  • spásanna cultúrtha a shainiú agus a aithint
  • bainistíocht torainn, lena n-áirítear prionsabal ghníomhaí athraithe
  • pleanáil agus ceadúnú

I measc na ndaoine a fuair cuireadh chuig an gceardlann tá daoine atá ag obair san Earnáil Gheilleagar Oíche, Give Us The Night, An Garda Síochána, Údaráis Áitiúla, baill den Tascfhórsa um Gheilleagar Oíche, lena n-áirítear Fáilte Éireann, an Chomhairle Ealaíon, ionadaithe ón earnáil mhiondíola, Cónaidhm Fhíoncheannaithe na hÉireann, Cumann na bhFíoncheannaithe Ceadúnaithe, ranna agus gníomhaireachtaí Rialtais agus grúpaí ionadaíocha eile.

Áireofar sa cheardlann cur i láthair ó Jo Cox Browne, an Stiúrthóir a bhunaigh Night Time Economy Solutions Ltd, atá paiseanta faoi chuidiú le bailte agus cathracha a dhéanamh níos sábháilte, bríomhaire agus níos tarraingtí le linn na hoíche. Tá taithí ag Jo ar a bheith ag obair i gcomhpháirtíocht le fórsaí póilíneachta, coimisinéirí póilíneachta agus coireachta, Ceantair Feabhsaithe Gnó, údaráis áitiúla, ospidéil, ollscoileanna, áitribh cheadúnaithe agus eagraíochtaí deonacha chun cabhrú leo réitigh nuálacha a dhearadh ar féidir leo coireacht agus leochaileacht a laghdú

Labhróidh Julie McLaughlin, comhbhunaitheoir Jando Design, ealaíontóir atá lonnaithe sa Mhonarcha Seacláide agus bainisteoir an ionaid, ag an imeacht seo chomh maith agus tabharfaidh sí cuntas ar an gcaoi ar sháraigh siad na dúshláin éagsúla a bhain leis an ionad nuálach cruthaitheach seo a oscailt

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:

"Chualamar go soiléir le linn fhorbairt Thuarascáil an Tascfhórsa um Gheilleagar Oíche go dteastaíonn níos mó spásanna ealaíonta, cruthaitheacha agus pobail uainn ar féidir leo an Geilleagar Oíche a fheidhmiú agus tacú leis agus ba mhaith linn go dtacóidh ár gcóras pleanála agus forbartha leis an riachtanas seo. Tá spásanna cultúrtha fíorthábhachtach dár bpobail agus dár ndaoine aonair agus níor cheart an tábhacht seo a mheas faoina luach. Is féidir leis pobail a thabhairt le chéile, mothaíonnn daoine níos rannpháirtí mar gheall air, agus go bhfuil siad mar chuid de rud éigin níos mó ná iad féin. Ba mhaith linn an t-eolas comhchoiteann laistigh den seomra seo a úsáid inniu, chun breathnú ar dhúshláin agus réitigh fhéideartha. Ní obair aon Roinn nó Aire ar leith é cabhrú le Geilleagar Oíche níos bríomhaire a fhorbairt – baineann sé le gach duine againn a bheith ag obair le chéile agus ag iarraidh rudaí a chur i gcrích."

Dúirt an tAire Stáit Noonan:

"Tá an Geilleagar Oíche thar a bheith tábhachtach dár gcathracha agus dár mbailte agus cuireann sé leo mar áiteanna iontacha le cónaí iontu agus le cuairt a thabhairt orthu. Tá sé mar aidhm againn infheistíocht a dhéanamh in athghiniúint agus áiseanna a théann chun tairbhe pobail áitiúla sa chiall is leithne. Mar chuid den chlár oibre sin, caithfimid tacú leis an nGeilleagar Oíche trí chur chuige Lár an Bhaile a uasmhéadaíonn úsáid na bhfoirgneamh folamh agus a spreagann forbairt spásanna poiblí ardchaighdeáin. Agus é seo á dhéanamh, tá sé tábhachtach freisin nach mbíonn tionchar diúltach ag geilleagar bríomhar oíche ar chónaí i lár an bhaile. Is féidir aghaidh a thabhairt ar cheisteanna amhail sábháilteacht agus torann trí ghníomhaíochtaí comhoibríocha a stiúrann an rialtas áitiúil. Ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil na nósanna imeachta agus na córais riachtanacha a rialaíonn an Geilleagar Oíche oiriúnach don fheidhm agus gur féidir leo freagairt do riachtanais na ndaoine a oibríonn sa cheantar. Tríd an gceardlann seo, is féidir linn foghlaim ó go leor daoine éagsúla ar spéis leo Geilleagar Oíche bríomhar agus rathúil a fheiceáil - ag éisteacht leis na heispéiris agus na moltaí éagsúla maidir le conas is féidir athruithe a dhéanamh. Táim ag tnúth leis na rudaí a fhoghlaimítear a thabhairt le chéile chun feabhsuithe agus cur chuige dea-chleachtais a fhorbairt a léiríonn fuinneamh agus tiomantas an lucht freastail."

Nótaí

Foilsíodh Tuarascáil an Tascfhórsa um Gheilleagar Oíche i mí Mheán Fómhair 2021. Bhí sé mar thoradh ar naoi mí de chomhairliúchán, de phlé agus de chomhoibriú idir an Rialtas láir, an Rialtas Áitiúil agus earnáil an Gheilleagair Oíche é féin agus ba ghealltanas é i gClár an Rialtais.

Tá 36 moladh phraiticiúla sa Tuarascáil maidir le rialáil, ceadúnú, pleanáil, iompar, sábháilteacht agus éagsúlacht gníomhaíochtaí a mhéadú mar chuid den tairiscint oíche.

Tá struchtúr forfheidhmithe i bhfeidhm lena chinntiú go gcuirfear na moltaí i bhfeidhm ina n-iomláine agus freisin, rud atá tábhachtach, go bhfanann an doiciméad mar cháipéis reatha agus go gcuirtear smaointe nua agus forbairtí nua san áireamh de réir mar a théann an obair ar aghaidh.

Leagtar amach Gníomh 16 den Tuarascáil thíos:

1) Treoir shainiúil dea-chleachtais a fhorbairt chun cabhrú le húdaráis áitiúla forálacha atá oiriúnach go háitiúil a áireamh chun pleanáil éifeachtach a dhéanamh don Gheilleagar Oíche i gcomhthéacs uirbeach ilúsáide. Mar gheall ar an treoir, beifear in ann:

  • a aithint conas is féidir le húdaráis áitiúla a bheith nuálaíoch ina gcur chuige maidir le tacaíocht a thabhairt don Gheilleagar Oíche agus é a spreagadh chun a bheith ina chuid ghníomhach in athbheochan lárionaid uirbeacha, lena n-áirítear úsáid chuí spásanna faoin aer
  • breithniú a dhéanamh ar chéimeanna praiticiúla chun úsáidí Gheilleagar Oíche a spreagadh le hionchorprú i struchtúr foirgnimh oifigí nua, óstáin, árasáin nó forbairtí cóiríochta do mhic léinn
  • sainmhínithe praiticiúla ar spásanna cultúrtha mar chuid den phróiseas seo

(2) Ag eascairt as an méid a foghlaimíodh ó threoir dea-chleachtais a fhorbairt, gnéithe Gheilleagar Oíche a cur san áireamh mar chuid de threoirlínte reachtúla Forbairt Uirbeach a léireofar sa phróiseas pleanála reachtúil.

Chun eolas a dhéanamh don tionscnamh seo reáchtálfar Ceardlann Gníomhachtú Gheilleagar Oíche tiomnaithe chun raon agus scóip phraiticiúil na ngníomhaíochtaí a bhaineann le pleanáil agus forbairt ar féidir leo tacú le hearnáil an Gheilleagar.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat