Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Iarrann an tAire Martin ar Airí Cultúir an AE chun tacú le hiarrachtaí atá á ndéanamh ar fud na hEorpa chun ceiliúradh a dhéanamh ar athoscailt an léirithe bheo

D’fhreastail an tAire Catherine Martin, T.D., inniu ar chruinniú Airí Cultúir agus Meán an AE, a cuireadh ar siúl trí fhíschomhdháil, chun plé a dhéanamh ar bhearta chun tacú leis na hearnálacha cultúir agus meán teacht as paindéim COVID-19.

Agus í a labhairt leis an gcruinniú i nGaeilge, d’iarr an tAire Martin ar a comh-Airí an fhéidearthacht a fhiosrú go gcuirfí sraith léirithe ar fud an AE ar siúl, nuair a bheidh sé sábháilte agus nuair a bheidh sé oiriúnach chun ceiliúradh a dhéanamh ar shrianta COVID a bhaint, chun tacaíocht agus dlúthpháirtíocht a léiriú don earnáil agus chun gur féidir leis an bpobal taitneamh a bhaint arís eile as aoibhneas an léirithe bheo.

Ag labhairt ag an gcruinniú, dúirt an tAire Martin:

A chomhghleacaithe, ba bhliain ar leith i mbliana. Bhí agus tá na taibh-ealaíona go fóill i measc na n-earnálacha ba mhó ar imríodh tionchar diúltach orthu. Táimid dírithe ar an todhchaí sa díospóireacht seo chun cabhrú leis an earnáil chultúir teacht slán agus sa chomhthéacs sin, ba mhaith liom a mholadh go ndéanaimid machnamh ar conas is féidir linn ceiliúradh a dhéanamh ar léiriú beo a chur ar siúl arís nuair a bheidh sé sábháilte é sin a dhéanamh i ngach Ballstát. B’fhéidir go bhféadfaimis ceolchoirm chomhuaineach a chur ar siúl ó ionaid a athosclaíodh ar fud na hEorpa chun sinn a thabhairt le chéile, ardú meanman a thabhairt dúinn agus ár n-ealaíontóirí iontacha agus éagsúlacht ár gcultúir chomhroinnte a léiriú.

Chuir an tAire Martin fáilte freisin roimh an méadú suntasach a bheartaítear ar chistiú don Chlár Eoraip na Cruthaitheachta 2021-2027, príomhuirlis airgeadais an AE chun tacú leis an earnáil chultúir agus mheán. Dúirt sí freisin, áfach, gur féidir le tréimhse ina ndéanfar spreagadh airgeadais nár sonraíodh a leithéid roimhe seo chun borradh a chur faoi théarnamh Bhallstáit an AE agus faoi na hearnálacha cultúrtha, cruthaitheacha agus meán, glacadh le ról i bhfad níos mó laistigh de chláir níos fairsinge an AE agus mar chuid d’Áis Aisghabhála an AE.

Dúirt an tAire Martin:

Ní bhaineann ach luach domhain intreach leis an gcultúr amháin, is gné ríthábhachtach sa gheilleagar é freisin a dhéanann fostaíocht a sholáthar agus a chuireann leis an táirgiúlacht. Caithfear an luach a bhaineann leis maidir le sláinte, folláine, foghlaim ar feadh an tsaoil, an suíomh atá aige maidir le dul i ngleic le agus feasacht a mhúscailt ar shaincheisteanna móra ár linne, cosúil leis an bpaindéim, an ghéarchéim aeráide agus an clár forbartha inbhuanaithe a thuiscint agus a úsáid.

Mar fhocal scoir, d’iarr an tAire Martin go mbeidh teacht níos fearr ag na hearnálacha cultúir, cruthaitheacha agus meán ar chláir agus ionstraimí téarnaimh an AE a chuirtear ar siúl ar leibhéal náisiúnta. Leag an tAire béim ar an méid is féidir leis na hearnálacha cur le tosaíochtaí an AE a bhaint amach, téarnamh glan glas, nascacht fheabhsaithe, digitiú, uasoiliúint agus Eoraip a bhaint amach atá níos gaire dá cuid saoránach san áireamh.