English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ionadaíocht na hÉireann ag 61ú Biennale Ealaíne na Veinéise in 2026 fógartha ag an Aire Catherine Martin: ealaíontóir Isabel Nolan

Éire sa Veinéis - Ionadaíocht na hÉireann ag 61ú Biennale Ealaíne na Veinéise in 2026 fógartha ag an Aire Catherine Martin: ealaíontóir Isabel Nolan

Tá fógartha ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D., gur roghnaíodh an t-ealaíontóir Isabel Nolan, le Georgina Jackson agus The Douglas Hyde Gallery of Contemporary Art mar léiritheoir, chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag 61ú Biennale Ealaíne na Veinéise in 2026.

Tá Biennale na Veinéise ar cheann de na hardáin idirnáisiúnta is tábhachtaí do na hamharc-ealaíona, a mheallann os cionn leathmhilliún cuairteoir, ar a n-áirítear léiritheoirí idirnáisiúnta, lucht na ndánlann, criticeoirí ealaíne, agus ealaíontóirí. Roghnaíodh foireann ionadaíochta na hÉireann i ndiaidh próisis iomaíoch oscailte le moltóirí idirnáisiúnta.

Dúirt an tAire Martin:

“Ba mhaith liom mo chomhghairdeas a ghabháil le Isabel Nolan, Georgina Jackson agus The Douglas Hyde Gallery as a bheith roghnaithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag Biennale Ealaíne na Veinéise 2026. Tá aitheantas ar Isabel Nolan mar ealaíontóir ar thús cadhnaíochta i gcleachtas amharc-ealaíon na hÉireann. Méadaítear feasacht ar earnáil láidir amharc-ealaíon na hÉireann trí rannpháirtíocht in Biennale Ealaíne na Veinéise; is pointe tábhachtach i ngairm ealaíontóra é. Déanann mo Roinn, trí Chultúr Éireann, Éire sa Veinéis a choimisiúnú i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon.”

Tá taispeántais an ealaíontóra Isabel Nolan fréamhaithe in ábhair mhóra: an chosmeolaíocht agus an stair dhomhain; an reiligiún agus an mhiotaseolaíocht; an bás agus an grá. Agus í ag obair sa dealbhóireacht, teicstílí, pictiúir, líníochtaí, an ghrianghrafadóireacht agus an scríbhneoireacht, tugann Nolan aghaidh ar cheisteanna faoi conas brí a chur sa domhain. Tá cumas iontach ag saothar s’aici dul i dteagmháil leis an phobal, agus iad ag iarraidh bealaí a aimsiú chun taitneamh a bhaint as an domhan chasta atá cruthaithe againn, nó fiú grá a bheith acu dó. In 2027, tiocfaidh an saothar seo ar ais go hÉirinn ar chamchuairt náisiúnta, arna tacú ag an Chomhairle Ealaíon, in ionaid éagsúla ar fud an oileáin.

Dúirt an t-ealaíontóir a roghnaíodh, Isabel Nolan:

“Is pribhléid mhór í ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn i réimse ar bith den ghníomhaíocht chultúrtha. Is deis annamh í mo shaothar a bheith ar taispeáint in éineacht leis an iliomad ealaíontóirí eile; chomh maith leis an tseans chun dul i dteagmháil le pobail mhóra ansin, agus sa bhaile leis an chamchuairt náisiúnta.

Cathair iontach í an Veinéis agus tá mé ar bís go bhfuil an t-ádh mór liom gur féidir liom an tionscadal uaillmhianach seo a thabhairt chun críche leis an léiritheoir Georgina Jackson ón Douglas Hyde agus an léiritheoir Cian O’Brien. Tá an cumas ait agus speisialta ag an ealaín cineálacha cumhachtacha pobal a chruthú agus a thástáil le heolas agus áilleacht chomhroinnte, is cuma cé chomh sealadach agus atá siad. Is stáitse é Biennale na Veinéise nach bhfuil a shárú ann.”

Dúirt an léiritheoir Georgina Jackson:

“Is duine de mhór-réaltaí amharc-ealaíona comhaimseartha na hÉireann í an t-ealaíontóir Isabel Nolan. Is ardán dochreidte é Biennale na Veinéise chun béim a leagan ar a saothar agus ar bheocht amharc-ealaíona comhaimseartha na hÉireann araon, agus chun ceangal a dhéanamh le pobail fhairsinge. Is fiontar cumhachtach é saothar Isabel a léiriú sa Veinéis; i measc na móitífeanna a thagann aníos go minic ina saothar tá áirsí, crainn solais thite, tonnta ag éirí tógtha agus grianta ag dul in éag – íomhánna a bheidh an-chumhachtach san Arsenale. Is mór an onóir agus ábhar scleondar dom a bheith in ann oibriú le Isabel, an léiritheoir Cian O’Brien, foireann The Douglas Hyde, Cultúr Éireann agus an Chomhairle Ealaíon chun Éire sa Veinéis 2026 a chur chun críche, agus chun cur le hoidhreacht na pailliúin rathúla a tharla roimhe seo.”

CRÍOCH

Nótaí chuig na heagarthóirí:

Tá ionadaíocht á déanamh ar Éirinn faoi láthair (go deireadh na Samhna, 2024) ag Biennale na Veinéise ag Eimear Walshe (2024) agus roimhe seo ag Niamh O’Malley (2022), Eva Rothschild (2019), Jesse Jones (2017), Sean Lynch (2015), agus Richard Mosse (2013).

Isabel Nolan ar dhuine de na healaíontóirí is tábhachtaí in Éirinn a bhfuil taispeántais shuntasacha aonair déanta aici in Éirinn agus go hidirnáisiúnta, i spásanna ar nós: Château La Coste, Aix-en-Provence, An Fhrainc; London Mithraeum Bloomberg SPACE, Londain; Grazer Kunstverein, Graz; Mercer Union, Toronto and CAG, Vancouver; Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, Baile Átha Cliath: agus Musée d’art moderne de Saint Etienne. Bhí a saothar ar taispeáint in Palais de Tokyo, Páras; Artspace, Sydney; Gailearaí Náisiúnta na hAlban, Dún Éideann; Gailearaí Ealaíne Daejeon, An Chóiré Theas; agus Gailearaí Ealaíne Bhéising i gCathair an Impire, Béising. Tá páirt glactha aici i dtaispeántais ghrúpa agus biennales idirnáisiúnta cosúil le Lofoten International Arts Festival, Glasgow International agus EVA International, Luimneach. Beidh sí ag glacadh páirt mar ealaíontóir sa 13ú eagrán de Biennial Learphoill atá ag teacht aníos. Tarlóidh an fhéile Biennial, dar teideal ‘BEDROCK’, idir 7 Meitheamh – 14 Meán Fómhair 2025, arna léiriú ag Marie-Anne McQuay. Tá cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath, agus tá sí ag obair in Temple Bar Gallery + Studios. Is iad Gailearaí Kerlin, i mBaile Átha Cliath, gníomhairí Isabel.

Is í an Dr Georgina Jackson Stiúrthóir an Douglas Hyde Gallery of Contemporary Art i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tá saothar nua ceannródaíoch coimisúnaithe aici ann ó ealaíontóirí nua ar nós Abbas Akhavan, Bassam Issa Al-Sabah, Gabriel Kuri, Jumana Manna agus Deirdre O’Mahony. Roimhe seo ba í Stiúrthóir na dTaispeántas & na gClár ag Mercer Union, Toronto, agus bhí róil léiriúcháin aici sa Hugh Lane, Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, agus The Mattress Factory Art Museum in Pittsburgh. Tá comhoibriú déanta aici ar thaispeántais le Tate Liverpool, Contemporary Art Gallery, Vancouver, Toronto International Film Festival, agus an Form Foundation. Rinne sí a PhD trí GRADCAM, Baile Átha Cliath, tá múinteoireacht déanta aici ag Ollscoil Toronto, an Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta, agus an Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha, agus bhí sí ina ball de Choiste Stiúrtha an Fheachtais Náisiúnta do na hEalaíona idir 2018 agus 2022.

Tá an Douglas Hyde ar cheann de na mórardáin don ealaín chomhaimseartha in Éirinn, ina dtugtar scoth na healaíne comhaimseartha idirnáisiúnta go hÉirinn agus scoth na healaíne comhaimseartha Éireannaí go dtí an domhain. Suite i gcroílár chathair Bhaile Átha Cliath, ba iad Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus Comhairle Ealaíon na hÉireann a chur tús leis in 1978, agus ba é an chéad ghailearaí poiblí in Éirinn a bhí tiomanta don ealaín chomhaimseartha agus an chéad gailearaí ollscoile. Déanann an Douglas Hyde ealaíontóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta atá ag teacht chun cinn, nó atá seanbhunaithe, a choimisiúnú, agus cuirtear na saothair nua ealaíne seo ar taispeáint sa ghailearaí agus in áiteanna eile chun eispéiris iontacha spreagúla a chruthú. Tacaíonn muid le healaíontóiri chun saothar nua dána a chruthú agus tá sé an-tábhachtach dúinn go gcuirtear an saothar sin os comhair pobail éagsúil atá ag dul i méid i gcónaí. Tá sé ag imirt tionchar ar na glúnta d’ealaíontóiri agus pobail le 45 bliain anuas.

Is teach léiriúcháin agus comhlacht camchuartaíochta é COBA:Cian O’Brien Arts faoi stiúir Cian O’Brien, léiritheoir Éire sa Veinéis 2026. Tacaíonn COBA le tionscadail agus comhshaothair chultúir ar mhórscála a léiriú agus oibríonn siad go straitéiseach le heagraíochtaí cultúir ar pholasaí, earcaíocht, straitéis agus cumarsáid. D’fhág O’Brien Project Arts Centre i Meitheamh 2024 tar éis 13 bliana a chaitheamh ann mar Stiúrthóir Ealaíonta, i ndiaidh an eagraíocht a stiúradh trí roinnt tionscadal cultúir ar mhórscála cosúil le hÉire sa Veinéis (2017 & 2024) agus The Casement Project (ART: 2016 & 14-18 NOW). Ba é Leas-Chathaoirleach Choiste Stiúrtha an Fheachtais Náisiúnta do na hEalaíona idir 2016 agus 2022.

Ó 2005 i leith, tá ionadaíocht náisiúnta ag Biennale na Veinéise ina tionscnamh Rialtais faoi stiúir Chultúr Éireann i gcomhar leis an Chomhairle Ealaíon. Ceapann an dá pháirtí gur deis ar dóigh í Biennale na Veinéise d’fhorbairt ealaíontóirí agus do léiritheoirí na hÉireann chun obair a dhéanamh i gcomhthéacs idirnáisiúnta. I ndiaidh a gcur i láthair, tiocfaidh taispeántas Éire sa Veinéis ar ais i gcomhair Camchuairte Náisiúnta Éireannaí.

Tá an Chomhairle Ealaíon ar bís le bheith in ann leanúint ar aghaidh ag tacú le taispeántas na hÉireann de chuid Chamchuairt Náisiúnta Éire sa Veinéis, mar pháirt dár dtiomantas i leith na straitéise deich-mbliana: 'Saothar Ealaíne Iontach a Chruthú' lena dtacaítear le healaíontóirí chun saothar uaillmhianach nuálach spreagúil a chruthú.

Eisíonn Cultúr Éireann gairm oscailte go débhliantúil ag lorg léirithe spéise maidir le ceapachán Léiritheora agus Ealaíontóra d’ionadaíocht Náisiúnta na hÉireann sa Veinéis. Déantar foireann ionadaíochta na hÉireann a roghnú i ndiaidh próisis iomaíoch oscailte le moltóirí idirnáisiúnta, le Cultúr Éireann i gcomhar leis an Chomhairle Ealaíon.