Maoiniú breise os cionn €1.5m fógartha d’fhoilsitheoireacht agus foclóireacht na Gaeilge
- Foilsithe: 5 Samhain 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Maoiniú breise os cionn €1.5m fógartha d’fhoilsitheoireacht agus foclóireacht na Gaeilge
• Fógartha ag an Aire Stáit Thomas Byrne TD le linn cuairt ar ÁIS Fhoras na Gaeilge i nDún Seachlainn
• €900,000 breise le hinfheistiú i gcúrsaí foilsitheoireachta agus scríbhneoireachta na Gaeilge trí Chlár na Leabhar Gaeilge agus ÁIS
• €629,000 le hinfheistiú i dtionscadail foclóireachta Fhoras na Gaeilge in 2024 agus 2025
Tá maoiniú breise os cionn €1.5 milliún ceadaithe ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, agus ag an Aire Stáit Spóirt, Corpoideachais agus Gaeltachta, Thomas Byrne TD, do thionscadail foilsitheoireacht agus foclóireacht na Gaeilge.
D’fhógair an tAire Stáit Byrne an maoiniú breise seo le linn dó cuairt a thabhairt ar an Áisíneacht Dáileacháin Leabhar (ÁIS) de chuid Fhoras na Gaeilge i Dún Seachlainn, Co. na Mí inniu.
Tacóidh an maoiniú seo ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le scéimeanna foilsitheoireachta agus scríbhneoireachta faoi Chlár na Leabhar Gaeilge mar aon le margaíochta agus taighde sna réimsí sin. Chomh maith leis sin, cuirfidh sé ar chumas Fhoras na Gaeilge infheistíocht riachtanach a dhéanamh ar an mbonneagar teicneolaíochta agus gnéithe eile de na foclóirí nua Gaeilge atá a bhforbairt faoi láthair.
Dúirt an tAire Martin:
“Is ealaín í an scríbhneoireacht agus is tacaíocht do na healaíontóirí seo agus a gcuid foilsitheoirí atá san infheistíocht bhreise seo faoi Chlár na Leabhar Gaeilge. Is aitheantas é freisin ar na dúshláin atá roimh an earnáil le blianta beaga anuas mar aon le tacaíocht chun todhchaí na hearnála a chinntiú.”
Ag labhairt ar a chuairt go dtí Foras na Gaeilge i nDún Seachlainn inniu, dúirt an tAire Stáit Byrne:
"Tá an-áthas orm go bhfuil an deis agam le linn mo chuairte inniu go dtí ionad Fhoras na Gaeilge i nDún Seachlainn an maoiniú seo a chur ar fáil d’Fhoras na Gaeilge chun tacú leis na tionscadail thábhachtacha seo ar leas an phobail agus ar leas na teanga."
“Tabharfaidh an infheistíocht bhreise seo tuilleadh tacaíochta d'earnáil na foilsitheoireachta agus na scríbhneoireachta Gaeilge agus cinnteoidh sé infheistíocht riachtanach i gcúrsaí teicneolaíochta, margaíochta agus taighde a bheidh de thairbhe na hearnála agus phobal na Gaeilge san iomlán.”
CRÍOCH