Ceadaíonn an tAire O’Donovan maoiniú os cionn €182,500 don Scéim um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann 2025
- Foilsithe: 28 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 28 Iúil 2025
D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O'Donovan TD, sraith deontas inniu faoin Scéim um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann atá á reáchtáil ag a Roinn. Tá leithdháiltí ar fiú €182,721 iad ceadaithe ag an Aire O'Donovan chun tacú le tionscadail chultúrtha a bhfuil gnéithe suntasacha trasteorann ag baint leo.
Tá sé mar aidhm ag tionscadail bheaga neamhspleácha a fhaigheann maoiniú faoin scéim oidhreacht ealaíonta, chultúrtha, cheoil, scannánaíochta nó oidhreacht Oileán na hÉireann a fheabhsú, a cheiliúradh nó a chomóradh ar bhonn Thuaidh/Theas.
Lorgaíodh iarratais le haghaidh tionscadal a chabhraigh le cur chun cinn:
- Comhoibriú agus comhthionscnaimh idir eagraíochtaí agus institiúidí ar bhonn Thuaidh/Theas;
- Turasóireacht chultúir inbhuanaithe ar bhonn Thuaidh/Theas;
- Soláthar clár for-rochtana cultúir ar bhonn Thuaidh/Theas.
D’éirigh le cúig thionscadal déag agus gheobhaidh siad maoiniú suas le huasmhéid €15,000. Bhain na hiarratais rathúla sin le féilte, léirithe damhsa agus tionscadail físe agus tacóidh an maoiniú a bronnadh le malartuithe cultúrtha trasteorann ar leibhéal an phobail. I measc na dtionscadal tá imeacht “Tradition and Beyond 2025” de chuid Chompántas Amharclannaíochta Echo Echo Dance, a cheiliúrfaidh na forbairtí saibhre i ndamhsa agus i léirithe atá ag teacht chun cinn as damhsa traidisiúnta na hÉireann; agus tionscadal “An Chruit Bheo” atá á reáchtáil ag Cruit Éireann - tionscadal comhpháirteach thuaidh-theas a cheiliúrann oidhreacht na Cláirseoireachta Gaelaí ar oileán na hÉireann.
Agus é ag labhairt inniu dúirt an tAire O’Donovan:
Tacaíonn an Scéim um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann le grúpaí atá ag obair le chéile trasna na teorann ar a leasanna comhroinnte i dtionscnaimh chultúrtha éagsúla.” Spreagann an scéim tacaíochta pobail áitiúla chun deiseanna comhpháirtíochta ina dtionscadail a mheas agus leagann sí béim ar an bhféidearthacht lucht féachana níos leithne a mhealladh lena gcur i láthair cultúrtha. Tá súil agam nach amháin go gcuirfidh an comhoibriú leis na tionscadail sin ach go gcuirfidh sé le caidrimh nua agus le cairdeas buan ar an mbealach freisin.
Is cúis áthais dom inniu maoiniú €182,721 a fhógairt do na léirithe spéisiúla agus éagsúla sin de na hEalaíona, chun cur le malartuithe trasteorann feabhsaithe agus chun tacú leis an gcruthaitheacht agus leis an tallann is féidir a roinnt agus taitneamh a bhaint astu ar fud oileán na hÉireann.