English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Plean Teanga Cheantar na nOileán le seoladh ag an Aire Stáit Chambers

Seolfaidh an tAire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt, Jack Chambers T.D. plean teanga Cheantar na nOileán inniu (22/10/21) ag ócáid i Spórtlann Mhichael Mhóir, ar an Máimín i Leitir Móir. Ceadaíodh an plean faoin bpróiseas in 2019 agus ó shin i leith tá an plean á chur i bhfeidhm faoi stiúir Comhairle Cheantar na nOileán agus Oifigeach Pleanála Teanga atá fostaithe don chúram.

Dúirt an tAire Stáit:

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Comhairle Ceantar na nOileán agus an gcuireadh a thug siad dom an plean a sheoladh go hoifigiúil. Tá obair shuntasach ar bun le cúram a dhéanamh d’fheidhmiú an phlean ar leas na Gaeilge go háitiúil. Tréaslaím an obair sin le gach éinne atá bainteach leis - an tOifigeach Pleanála Teanga Máire-Áine Uí Ailín agus an coiste stiúrtha, faoi Chathaoirleacht Shéamuis Uí Ráinne, ina measc. Ach an oiread leis na pleananna teanga ar fad atá á bhfeidhmiú cheana féin, tá deiseanna á dtabhairt sa chás seo do phobal Cheantar na nOileán a bheith lárnach i roghnú a gcuid tosaíochtaí féin faoin bplean agus a bheith páirteach i bhfeidhmiú an phlean ar bhonn comhpháirtíochta. Is ar leas na Gaeilge go háitiúil atá an plean agus an iarracht seo ar fad.

  • Nóta don Eagarthóir*
  • Ceadaídh ciste breise ar fiú €800k don phróiseas pleanála teanga i mBuiséad 2022. Fágann sé seo go mbeidh ciste iomlán ar fiú €5.8m á chur ar fáil ina leith an bhliain seo chugainn.
  • Den 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, tá 24 plean ceadaithe go dtí seo.
  • Tá 4 Bhaile Seirbhíse Gaeltachta ceadaithe faoin bpróiseas pleanála teanga go dtí seo - Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis, Cathair na Gaillimhe agus An Clochán Liath.
  • Tá 3 Líonra Gaeilge ceadaithe go dtí seo faoin bpróiseas atá á chur i bhfeidhm faoi scáth Acht na Gaeltachta 2012 – Inis, Baile Loch Riach agus Cluain Dolcáin. Is fiú a lua chomh maith, go bhfuil 2 Líonra Gaeilge ceadaithe faoi stiúir Fhoras na Gaeilge sa dlínse ó thuaidh – Carn Tóchair agus Iarthar Bhéal Feirste nach dtagann faoi scáth díreach an Achta ná an phróisis dá réir.
  • Tá 3 phlean eile á mheas ag an Roinn faoi láthair - plean teanga do na hOileáin Árann, plean teanga Thrá Lí agus plean teanga an Ghaeltacht Láir.
  • Tá 18 Oifigeach Pleanála Teanga (17 i Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta & 1 i mBaile Seirbhíse Gaeltachta) chomh maith le 4 Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga fostaithe go dtí seo.
  • Maidir leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta, tá an próiseas chun pleananna a ullmhú idir lámha i gcás na mbailte seo a leanas: Dún Garbhán, Cathair Saidhbhín, Caisleán an Bharraigh agus Cathair Chorcaí agus tá plean teanga Thrá Lí á bhreithniú ag an Roinn faoi láthair