Plean Teanga Dhaingean Uí Chúis seolta go hoifigiúil ag an Aire Stáit Chambers
- Foilsithe: 29 Aibreán 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Sheol Jack Chambers T.D., Aire Stáit na Gaeltachta agus Spóirt Plean Teanga Dhaingean Uí Chúis go hoifigiúil inniu 29/04/2022 ag ócáid a eagraíodh sa Díseart i nDaingean Uí Chúis mar chuid d’Fhéile na Bealtaine.
Tá maoiniú bliantúil de €80,000 á chur ar fáil d’fheidhmiú an phlean thar thréimhse 7 mbliana, rud a chiallaíonn go mbeidh buiséad iomlán de €560,000 ar fáil d’fheidhmiú an phlean teanga.
Dúirt an tAire Stáit Chambers:
“Is údar ceiliúrtha agus suntais é go bhfuil plean teanga Daingean Uí Chúis á sheoladh go hoifigiúil inniu mar chuid d’Fhéile na Bealtaine. Tréaslaím le gach aon duine - pobal an bhaile, an coiste stiúrtha agus an cheanneagraíocht a d’oibrigh ar an bplean agus an tOifigeach Pleanála Teanga, Cristín de Mórdha, atá ag obair go leanúnach chun an plean a chur i bhfeidhm. Ach an oiread leis na pleananna teanga ar fad eile atá á bhfeidhmiú, tá deiseanna á dtabhairt sa chás seo do phobal Dhaingean Uí Chúis a bheith lárnach i roghnú a gcuid tosaíochtaí féin faoin bplean agus a bheith páirteach i bhfeidhmiú an phlean ar bhonn comhpháirtíochta.”
Mar thaca breise don phróiseas pleanála teanga mar a bhaineann sé le Gaeltacht Chiarraí Thiar go sonrach, d’fhógair an tAire Stáit Chambers chomh maith go bhfuil deontais ar fiú suas le €54,578 in iomlán iad ceadaithe aige i leith dhá thogra faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga a Roinne - €39,818 breise do CLG na Gaeltachta i leith oibreacha ar an bpáirc imeartha i nGallarús agus €14,760 do Choiste Forbartha Fhionn Trá le go mbeidh siad in ann comhairleoirí a cheapadh don obair athchóirithe atá beartaithe acu a dhéanamh ar halla pobail an cheantair.
Agus é ar chamchuairt sa bhaile, thug an tAire Stáit cuairt chomh maith ar Theach Damhsa agus Drioglann Dhaingean Uí Chúis atá ag feidhmiú le cabhair Údarás na Gaeltachta.
- Tá ciste iomlán ar fiú €5.8m é á chur ar fáil mar thacaíocht don phróiseas pleanála teanga sa bhliain reatha. Is ionann seo agus ardú de €800,000 ar an gciste a bhí ar fáil in 2021.
- Tá gach ceann den 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta ceadaithe anois.
- Tá 21 Oifigeach Pleanála Teanga (19 i Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta agus 2 i mBailte Seirbhíse Gaeltachta) agus 4 Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga fostaithe agus ag cur pleananna i bhfeidhm faoi láthair.
- Tá 5 Bhaile Seirbhíse Gaeltachta ceadaithe faoin bpróiseas go dtí seo - Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis, Cathair na Gaillimhe, An Clochán Liath agus Trá Lí.
- Tá pleananna i leith Chaisleán an Bharraigh agus Dún Garbháin á scrúdú ag an Roinn faoi láthair agus tá pleananna á n-ullmhú i gcás Chathair Saidhbhín, Chaisleán an Bharraigh agus Chathair Chorcaí.
- Tá 3 Líonra Gaeilge ceadaithe go nuige seo faoin bpróiseas– Inis, Baile Loch Riach agus Cluain Dolcáin – chomh maith le péire eile sa tuaisceart – Carn Tóchar agus Iarthar Bhéal Feirste – atá faofa ag Foras na Gaeilge faoi réir phróiseas neamh-reachtúil atá curtha ar bun ag an eagraíocht ann.