Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD

D’aithin an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, gur éirí Siún Ní Raghallaigh as post Chathaoirleach Bhord RTÉ.

Dúirt an tAire: “Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Siún Ní Raghallaigh as a seirbhís mar Chathaoirleach Bhord RTÉ tráth a raibh géarchéim ag an gcraoltóir náisiúnta nach bhfacthas riamh roimhe. Tá méid an-suntasach curtha aici leis an bpróiseas athchóirithe agus claochlaithe atá ag tarlú san eagraíocht; agus caithfear a díograis agus a tiomantas i leith craolacháin seirbhíse poiblí a aithint.”

Lean sí ar aghaidh: “Ag an am an-tábhachtach seo do RTÉ, tá sé riachtanach go leanann muid ar aghaidh leis an bpróiseas tábhachtach maidir le muinín san eagraíocht a athchothú. Mar a dúirt Siún Ní Raghallaigh, tá géarghá ann leanúint ar aghaidh leis an bpróiseas claochlaithe agus múnla maoinithe inbhuanaithe a chur i bhfeidhm – tá mé an-tiomanta dó seo.

“Guím gach rath ar Shiún sa todhchaí.”