Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Rugbaí na Mumhan le hOscailt Oifigiúil Ionaid Bairr Feabhais a Cheiliúradh

  • Tá an Taoiseach Micheál Martin agus an tAire McConalogue in éineacht le Rugbaí na Mumhan agus príomhpháirtithe leasmhara i láthair ag Páirc Virgin Media, i gCorcaigh chun Ionad Bairr Feabhais Rugbaí na Mumhan a oscailt
  • Faigheann Ionad Bairr Feabhais Rugbaí na Mumhan os cionn €2.7 milliún i gcistiú stáit faoin gCiste um Bonneagar Spóirt ar Mhórscála
  • Áirítear sa tionscadal arna dtacú ag an gCiste um Bonneagar Spóirt ar Mhórscála áis traenála faoi dhíon ina bhfuil dromchla imeartha tríú glúin tuilsoilsithe agus ionad aclaíochta ardfheidhmochta

Fáiltíonn an Taoiseach Micheál Martin agus an tAire Stáit a bhfuil freagracht aige maidir le Spórt agus Beartas Poist, an Teachta Dála Charlie McConalogue, roimh oscailt oifigiúil Ionad Bairr Feabhais Rugbaí na Mumhan Dé Sathairn an 4ú Deireadh Fómhair 2025.

Tá tacaíocht €2,712,017 curtha ar fáil ag an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt don tionscadal seo faoin gCiste um Bonneagar Spóirt ar Mhórscála.

Sa tionscadal arna chistiú ag an gCiste um Bonneagar Spóirt ar Mhórscála tá áis traenála faoi dhíon ina bhfuil dromchla imeartha tríú glúin tuilsolais, cóiríocht ag dul leis ina gcuimsítear seomraí feistis, ionad aclaíochta, seomraí fisiteiripe agus áiseanna saincheaptha ann chun tacú le cumainn, cláir scoile agus forbartha óige.

Arsa an Taoiseach Micheál Martin TD:

"Tá sprioc thábhachtach bainte amach don spórt sa chúige seo le hoscailt Ionad Bairr Feabhais Rugbaí na Mumhan. Tá sé ar cheann de mhórfhorbairtí airgeadais na Mumhan, agus is léiriú é ar an uaillmhian, ar an mórtas agus ar an bhfís fhadtéarmach lena sainítear Rugbaí na Mumhan. Le clár an Rialtais leagtar síos spriocanna uaillmhianach chun a chinntiú go ndéanaimid infheistíocht san obair ar an talamh agus san obair ardfheidhmíochta chomh maith. Is eiseamláir atá sa tionscadal seo den chaoi is féidir obair ar an talamh agus ardfheidhmíocht a chomhtháthú le chéile go rathúil in aon tionscadal amháin. Is ríléir an toradh ar an infheistíocht ón gclár conaire láidir agus ón sárimirt sa chraobhchomórtas cúige, i gCraobhchomórtas Rugbaí Aontaithe agus i gCorn na gCuradh. Leis an áis seo cinnteofar go mbeidh Cúige Mumhan ina cheannródaí ar rugbaí na hÉireann agus ar rugbaí idirnáisiúnta. Is lá iontach é do Chúige Mumhan, agus do spórt na hÉireann."

Dúirt Patrick O’Donovan TD, an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt:

"Tá lúcháir orm go raibh mo Roinn in ann cistiú a chur ar fáil don tionscadal iontach seo. Leis an infheistíocht seo ar mhórscála tugtar chun solais tiomantas mo Roinne agus an Rialtais chun infheistíocht a dhéanamh sa spórt nó is maith is eol dúinn na buntáistí a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh inár bpobal. Bhain fortacht na Mumhan i gcónaí lena phobal - idir bhaill an chumainn agus an lucht leanúna diongbháilte a líonann na staidiamaí. Is dóibh siúd an áis seo chomh maith céanna leis na himreoirí."

Dúirt an Charlie McConalogue, an tAire Stáit le freagracht as Spórt agus Beartas Poist:

"Is dea-theist é an tIonad Bairr Feabhais do chumhacht an spóirt chun pobail a thabhairt le chéile agus tallann a fhorbairt. Is cúis bhróid é don Roinn a bheith tar éis tacú leis an tionscadal claochlaitheach seo tríd an gCiste Bhonneagar Spóirt Mhórscála. Is mian liom aitheantas a thabhairt don obair chrua agus don tiomantas a léirigh Rugbaí na Mumhan agus Cumann Rugbaí na hÉireann chun áis a sholáthar a rachaidh chun tairbhe na n-imreoir, na gcóitseálaithe agus na bpobal ar feadh na mblianta amach romhainn."

Dúirt Príomhfheidhmeannach Rugbaí na Mumhan, Ian Flanagan:

“Is cloch mhíle shuntasach é inniu don chúige agus muid ag oscailt go hoifigiúil ár nIonad Barr Feabhais den scoth i gCorcaigh. Seo ár n-infheistíocht chaipitil is mó tar éis athfhorbairt Pháirc Thuamhan agus léiríonn sé an luach a leagann muid ar ár gcluiche agus ar ár gcosáin imreoirí.

“Tá leibhéil dochreidte oibre déanta sa chúlra chun an pointe seo a bhaint amach inniu agus ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil leis an Taoiseach Mícheál Máirtín, leis na hAirí Patrick O’Donovan agus Charlie McConalogue agus leis an IRFU as a dtacaíocht chun cabhrú leis an bpíosa bonneagair ríthábhachtach seo a sheachadadh.”

Nótaí d’eagarthóirí

An Ciste um Bonneagar Spóirt ar Mhórscála (LSSIF);

Rinne an Beartas Náisiúnta Spóirt, a foilsíodh in 2018, foráil do Chiste nua Bonneagair Spóirt ar Mhórscála (LSSIF). Is é aidhm an Chiste um Bonneagar Spóirt ar Mhórscála tacaíocht Státchiste a chur ar fáil do thionscadail agus d'áiseanna spóirt níos mó ina bhfuil an infheistíocht riachtanach ón Státchiste níos mó ná an t-uasmhéid atá ar fáil faoin gCiste Áiseanna Spóirt Pobail.

Is é €297 milliún an infheistíocht charnach le linn an chéad dá bhabhta den Chiste um Bonneagar Spóirt ar Mhórscála (2018 agus 2024), agus cuireadh leithdháiltí cistiúcháin ar fáil do 68 dtionscadal ar mhórscála san iomlán.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat