Scileanna Sláinte agus Folláine: Siompóisiam Náisiúnta faoi ról na cruthaitheachta agus na n-ealaíon i sláinte agus folláine ar siúl ar an 22 Meitheamh 2022
- Foilsithe: 26 Bealtaine 2022
- An t-eolas is déanaí: 26 Bealtaine 2022
Sa siompóisiam:
- déanfar machnamh ar an bhfianaise maidir leis na buntáistí sláinte a bhaineann leis na healaíona cruthaitheacha
- déanfar plé ar ghníomhaíochtaí ealaíon agus sláinte in ospidéil ar féidir leo cabhrú le torthaí sláinte níos fearr a sheachadadh d’othair agus dá gcúramóirí
- déanfar iniúchadh ar ról oibríochtúil earnálacha na n-ealaíon, an chultúir agus na cruthaitheachta maidir le cúram sláinte agus folláine a sheachadadh sa phobal
Inniu d’fhógair Catherine Martin, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Stephen Donnelly, an tAire Sláinte, siompóisiam náisiúnta faoin gcruthaitheacht, sláinte agus folláine a bheidh ar siúl Dé Céadaoin, an 22 Meitheamh 2022. Óstálfaidh clár uile-rialtais Éire Ildánach, an Roinn Sláinte (Éire Shláintiúil), Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus an Chomhairle Ealaíon an cruinniú seo de lucht déanta beartais agus daoine a oibríonn sna hearnálacha sláinte, ealaíon agus cultúir chun breathnú ar conas a is fearr leas a bhaint as an gcaoi a gcabhraíonn rannpháirtíocht chruthaitheach lenár sláinte agus folláine. Léiríodh go gcuireann idirghabhálacha bunaithe ar na healaíona, ar an gcultúr agus ar an gcruthaitheacht i suíomhanna pobail agus cúram sláinte feabhas ar shláinte daoine agus go gcuidíonn siad le drochshláinte mheabhrach agus choirp a chosc, chomh maith le bainistiú raon riochtaí fadtéarmacha.
Tabharfar deis sa siompóisiam an fhianaise maidir leis na buntáistí sláinte a bhaineann le rannpháirtíocht sna healaíona cruthaitheacha a mheas; gníomhaíochtaí ealaíon agus sláinte a phlé in ospidéil ar féidir leo cabhrú le torthaí sláinte níos fearr a sholáthar d’othair agus dá gcúramóirí; agus iniúchadh a dhéanamh ar ról oibriúcháin earnálacha na n-ealaíon, an chultúir agus na cruthaitheachta maidir le cúram sláinte agus folláine a sheachadadh sa phobal. Beidh lucht sinsearach déanta beartais na hÉireann ó na hearnálacha sláinte agus cultúir ar na painéil, chomh maith le saineolaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta sa réimse.
Dúirt an tAire Catherine Martin:
"Aithnítear na buntáistí a thugann na healaíona, an cultúr agus an rannpháirtíocht chruthaitheach d’fholláine mheabhrach daoine ar bhealach níos forleithne i dtaighde an lae inniu. Go deimhin, fuarthas tuiscint shoiléir air seo le linn COVID-19 agus muid ag maireachtáil trí thréimhsí leithlisithe shóisialta. Táim tiomanta, mar sin, do chomhoibriú le mo chomhghleacaithe sa Rialtas chun tionscnaimh spriocdhírithe, bunaithe ar fhianaise a thabhairt chun cinn a sheachadann buntáistí sláinte agus folláine trí na healaíona, cultúr agus cruthaitheacht ar bhealach inbhuanaithe."
Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly:
"Is é chéad mhisean chlár an Rialtais ‘Caighdeán Beatha Níos Fearr do Chách’ a chinntiú agus úsáid a bhaint as táscairí folláine éagsúla. In éineacht le mo chomhghleacaithe sa Rialtas, mar sin, táim tiomanta do chur chun cinn leanúnach na sláinte agus na folláine ar mhaithe le leas daoine aonair agus an daonra ina iomláine, go pearsanta, go sóisialta agus go heacnamaíoch.
"Tá na healaíona ríthábhachtach do shláinte agus folláine ár sochaí go háirithe chun pobail a thabhairt le chéile. Go deimhin, cuireann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte béim ar bhuntáistí na n-ealaíon agus na cruthaitheachta go ginearálta maidir le drochshláinte a chosc, dea-shláinte a chur chun cinn, agus bainistiú agus cóireáil tinnis ag gach aois.
"Tá lúcháir orm go raibh mo Roinnse in ann tionscnaimh spriocdhírithe a mhaoiniú agus a thacú a chuireann leis an mbaint dhearfach seo idir rannpháirtíocht chruthaitheach agus ár meabhairshláinte agus ár bhfolláine agus táim ag tnúth le haschur an tsiompóisiam seo chun ár dtuiscint agus ár gcomhoibriú a mhéadú sa réimse seo."
Dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir an Chomhairle Ealaíon:
"Sa lá atá inniu ann, tá glacadh níos forleithne le luach na n-ealaíon don tsochaí, maidir le sláinte, folláine, naisc, samhlaíocht, foghlaim, taitneamh agus tairbhí cultúrtha agus socheacnamaíocha níos leithne a éascú, agus cuireadh béim bhreise air le linn srianta sláinte poiblí COVID-19. Is mór ag an gComhairle Ealaíon freisin an méid a chuireann gairmithe sláinte, úsáideoirí na seirbhíse sláinte, cúramóirí, cairde agus oibrithe deonacha le forbairt na n-ealaíon in Éirinn. Tá lúcháir orainn oibriú i gcomhar lenár gcomhghleacaithe sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, FSS agus an Roinn Sláinte ar an tionscnamh seo."
Dúirt Paul Reid, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin FSS:
"Tá FSS ag tacú leis an straitéis tras-rialtais, Éire Shláintiúil, le blianta fada agus tá lúcháir orthu a bheith mar phríomh-chomhpháirtí don siompóisiam seo. Táimid ag obair i gcomhpháirtíocht chun forbairt na n-ealaíon i seachadadh seirbhísí cúram sláinte a leathnú agus a chur chun cinn, dár n-úsáideoirí seirbhíse agus dár bhfoireann, a thacaíonn agus a fheabhsaíonn an fholláine iomlán. Fáiltímid roimh imeachtaí mar seo, ag tabhairt oibrithe cúram sláinte agus comhpháirtithe le chéile chun an fhoghlaim a roinnt."
Siompóisiam hibrideach a bheidh i gceist d’fhormáidí pearsanta agus ar líne agus beidh an ócáid phearsanta ar siúl i gColáiste Ríoga na Lianna, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2.
Nótaí
Is tionscnamh uile-Rialtais é Clár Éire Ildánach atá bunaithe sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, a dearadh chun cruthaitheacht a chur chun cinn mar straitéis le haghaidh folláine, comhtháthú sóisialta agus rathúlacht eacnamaíoch. Is é a phríomh-mholadh ná go gcuireann rannpháirtíocht i ngníomhaíocht chultúrtha agus chruthaitheach folláine an duine aonair, an phobail agus an náisiúin chun cinn. Féachann an Clár mar sin le tacaíocht a thabhairt do gach saoránach - cibé acu ina n-aonar nó i dteannta a chéile, inár saol pearsanta nó inár n-institiúidí - chun ár n-acmhainneacht iomlán chruthaitheach a bhaint amach, trí chomhoibriú a spreagadh, a éascú agus a thacú. Chuige sin, agus faoi threoirphrionsabail na cruthaitheachta, an chomhoibrithe agus an chlaochlaithe, féachann an Clár le tuiscint ar luach na cruthaitheachta de gach cineál a chur chun cinn agus dul i ngleic le lucht cinnteoireachta agus tionchar a imirt orthu chun cruthaitheacht a leabú trasna an bheartais phoiblí.
Treoraíonn an Clár Sláinte agus Folláine sa Roinn Sláinte comhordú chur i bhfeidhm Éire Shláintiúil, an creat náisiúnta chun sláinte agus folláine mhuintir na hÉireann a fheabhsú (2013-2025). Mar chuid féinchumhachtaithe sláinte d’fhorfheidhmiú fhís Sláintecare do thodhchaí na seirbhísí cúram sláinte agus sóisialta in Éirinn, oibríonn an Clár go dlúth le comhghleacaithe i Ranna Rialtais eile, FSS agus raon leathan comhpháirtithe agus páirtithe leasmhara. Déanann an Clár maoirsiú ar chur i bhfeidhm roinnt beartas agus straitéisí faoi scáth Éire Shláintiúil, lena n-áirítear an Beartas Náisiúnta um Murtall, an Plean Náisiúnta um Ghníomhaíocht Choirp agus an Straitéis Náisiúnta um Shláinte Ghnéis, chomh maith le bainistiú a dhéanamh ar Chiste Éire Shláintiúil, foilsiú shuirbhé bliantúil Éire Shláintiúil agus feachtais náisiúnta rannpháirtíochta agus chumhachtaithe na saoránach a reáchtáil.