Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an Tánaiste agus an tAire Martin Scéim Tacaíochta COVID arbh fhiú €11.5m do Ghnólachtaí san Earnáil Imeachtaí

Suas le €50,000 ar fáil do FBManna a bhfuil baint acu le ceolchoirmeacha, imeachtaí cultúrtha, comhdhálacha nó seónna trádála

Sheol an Tánaiste agus an tAire Fiontraíochta, Trádála agus Fostaíochta, Leo Varadkar agus an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin scéim tacaíochta nua inniu (Déardaoin, 15 Iúil 2021) chun cabhrú le comhlachtaí a oibríonn san earnáil imeachtaí lena gcostais sheasta.

Is fiú €11.5 milliún an Scéim Tacaíochta COVID don Earnáil Imeachtaí. Díreoidh an scéim seo ar FBManna san earnáil sin a ndeachaigh srianta sláinte poiblí COVID-19 i bhfeidhm go mór orthu. Tá deontas suas le €50,000 ar fáil d’iarratasóirí rathúla mar shíntiús i leith chostais sheasta.

Dúirt an Tánaiste agus an tAire Fiontraíochta, Trádála agus Fostaíochta, Leo Varadkar T.D.:

“Tá an earnáil imeachtaí buailte go dona ag an bpaindéim. Ar an drochuair, is breá leis an víreas seo nuair a thagann grúpa daoine le chéile, cibé acu trí na rudaí is breá linn go léir a dhéanamh - freastal ar cheolchoirmeacha, ar imeachtaí cultúrtha, nó teacht le chéile chun gnó a dhéanamh ag comhdhálacha nó seónna trádála.

“Le linn na paindéime, rinneamar iarracht cabhrú le gnóthais lena gcostais sheasta, trí na deontais, na fóirdheontais pá agus na hiasachtaí ar chostas íseal a cuireadh ar fáil. Tá an scéim seo dírithe go sonrach ar chuideachtaí a oibríonn san earnáil imeachtaí. Seo gnóthais a oibríonn chun imeachtaí a óstáil iad féin agus iad siúd a sholáthraíonn na seirbhísí a theastaíonn chun seónna taibhiú beo, seónna trádála agus féilte a chur ar siúl ar a áirítear comhlachtaí poiblíochta agus bainistíocht imeachtaí, cuideachtaí slándála, fuaime, soilsithe agus trealaimh stáitse. Cuirfidh sé deontas suas le €50,000 ar fáil chun cabhrú le costais sheasta.

“Tá luas ár gclár vacsaín á ghéarú agus tá gach duine fásta in ann clárú anois. Tá laethanta níos fearr le teacht. Leanfaidh an Rialtas ag cabhrú le gach gnóthas agus iad ag éirí ina seasamh arís.”

Dúirt an tAire Catherine Martin:

“Tuigim go raibh an earnáil imeachtaí ar cheann de na chéad earnálacha a dúnadh ach cuireann an earnáil obair ar fáil do na mílte duine agus is ar an earnáil seo a mhaireann go leor seirbhísí agus soláthraithe i sráidbhailte, bailte agus cathracha ar fud na tíre.

“Tá an-áthas orm Scéim Tacaíochta COVID nua don Earnáil Imeachtaí a fhógairt i gcomhar le mo chomhghleacaí an Tánaiste agus an tAire Fiontraíochta, Trádála agus Fostaíochta, Leo Varadkar T.D. Glacfar le hiarratais faoin scéim ón 4 Lúnasa trí shuíomh gréasáin mo Roinne. Tá sé mar aidhm ag an scéim seo tacú le gnóthais a sholáthraíonn seirbhísí do na hearnálacha imeachtaí agus ealaíon. Tá an scéim dírithe ar ghnólachtaí agus ar sholáthraithe ar a áirítear iad siúd a thacaíonn le féilte, ceolchoirmeacha, comhdhálacha agus siamsaíocht bheo."

Reáchtálfaidh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an scéim seo agus maoineofar í trí aistriú €11.5m ón Roinn Fiontraíochta, Trádála agus Fostaíochta. Tagann an scéim seo tar éis pacáiste cuimsitheach a chuir an Rialtas ar fáil chun cabhrú le gnóthais agus oibrithe le linn na paindéime, ar a áirítear Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta, Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéimeach, Scéim Tacaíochta Sriantaí COVID, Scéim Chúnaimh do Ghnólachtaí Ceoil agus Siamsaíochta, Scéim Chúnaimh COVID do Ghnólachtaí Beaga, iasachtaí ar chostas íseal, iarchur agus stóráil dliteanas cánach agus tarscaoileadh rátaí tráchtála.

Le bheith incháilithe don scéim seo ní foláir go raibh an gnó neamh-incháilithe le haghaidh tacaíochta faoin Scéim Tacaíochta Sriantaí COVID atá á cur i bhfeidhm ag na Coimisinéirí Ioncaim.

Is féidir treoirlínte na scéime a léamh ar gov.ie/ESCSS

Is féidir ceisteanna faoin scéim a sheoladh i r-phost chuig ESCSS@tcagsm.gov.ieESCSS@tcagsm.gov.ie

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat