Tacaíochtaí breise faoi Scéim na gCúntóirí Teanga fógartha ag an Aire Stáit Chambers
- Foilsithe: 13 Bealtaine 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- ciste breise trí bliana ar fiú suas le €72,000 ceadaithe chun tacú tuilleadh le seacht mbunscoil Ghaeltachta a bhfuil tinreamh níos mó na 100 dalta iontu
- Lámhleabhar: Ról an Chúntóra Teanga á sheoladh mar fhoinse tagartha, faisnéise agus tacaíochta
- Plean Teanga Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh á sheoladh go hoifigiúil
Agus é ar chuairt inniu go ceantar Dúiche Sheoigheach fógróidh Príomh-Aoire an Rialtas agus an tAire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt, Jack Chambers, go bhfuil cistíocht bhreise trí bliana ar fiú suas le €72,000 ceadaithe aige chun go mbeifear in ann uaireanta breise teagaisc a chur ar fáil faoi Scéim na gCúntóirí Teanga de chuid na Roinne do bhunscoileanna Gaeltachta a bhfuil tinreamh níos mó ná 100 dalta acu. Beidh seacht mbunscoil Ghaeltachta in ann leas a bhaint as an mbeartas seo. Ceadófar idir uair agus seacht n-uair an chloig breise sna scoileanna i gceist – ag brath ar an tinreamh.
Ina theannta sin - agus é ar chuairt chun plean teanga Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh a sheoladh go hoifigiúil, seolfaidh an tAire Stáit leabhrán nua: Ról an Chúntóra Teanga a bheidh mar fhoinse tagartha, faisnéise agus tacaíochta do chúntóirí teanga, lucht riartha na scéime agus d’fhoirne bainistíochta agus teagaisc scoileanna Gaeltachta. Tagann cur chun feidhme na mbeart seo lena bhfuil molta sa tuairisc: Athbhreithniú ar Scéim na gCúntóirí Teanga a rinne an Roinn a choimisiúnú agus a foilsíodh in 2019.
De thoradh an chiste bhreise seo, beidh ciste iomlán ar fiú tuairim is €1,230,943 in aghaidh na scoilbhliana á chur ar fáil ar leas 134 scoil Ghaeltachta (105 bunscoil, 28 iarbhunscoil agus scoil speisialta amháin) in iomlán agus 114 cúntóir teanga i mbun oibre iontu faoin scéim. Is ionann seo agus ardú €449,701 thar an méid a chaití faoin scéim go bliantúil suas go dtí ceithre bliana ó shin.
Dúirt an tAire Stáit Chambers:
"Le fógairt an chiste bhreise seo agus le foilsiú an lámhleabhair: Ról an Chúntóra Teanga, tá céimeanna móra eile glactha chun tacú tuilleadh leis an bpróiseas pleanála teanga agus le feidhmiú an pholasaí don oideachas Gaeltachta araon. Moladh san athbhreithniú a rinneadh ar an scéim gur chóir tacú tuilleadh leis an obair atá ar bun faoi scáth Scéim na gCúntóirí Teanga i mbunscoileanna Gaeltachta a bhfuil tinreamh níos airde ná 100 scoláire acu. Moladh chomh maith céanna gur chóir lámhleabhar a chur i dtoll a chéile ina dtugtar léargas ar obair an chúntóra teanga mar fhoinse tagartha agus tacaíochta. Le fógairt an chiste seo agus le foilsiú an lámhleabhair, tá an dá mholadh sin curtha chun feidhme anois.
"Níl amhras ar bith ach go bhfuil páirt lárnach ag Scéim na gCúntóirí Teanga leis na hiarrachtaí atá ar bun ag mo Roinn féin agus ag an Roinn Oideachais chun an Ghaeilge a neartú tuilleadh mar theanga phobail agus teaghlaigh sna ceantair Ghaeltachta mar chuid d’fhorfheidhmiú Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 don Ghaeilge. Trí Scéim na gCúntóirí Teanga agus go deimhin na scéimeanna agus na tionscadail eile atá á riar ag mo Roinn faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga, tá cabhair phraiticiúil á cur ar fáil tríd an ngréasán bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna Gaeltachta chun deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil do lucht freastail scoileanna Gaeltachta. De thoradh an chiste bhreise agus an lámhleabhair seo, tá an scéim á treisiú tuilleadh go céimiúil agus go córasach – ag úsáid na n-acmhainní atá ar fáil."
Is i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha faoi ghníomh 2.17 de Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 a thagann an beart seo chomh maith lena bhfuil geallta i leith na scéime sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022.
Agus Plean Teanga Dhúiche Sheoigheach agus Thuar Mhic Éadaigh á sheoladh aige gabhann an tAire Stáit Chambers buíochas le Comharchumann Dhúiche Sheoigheach Teo. (CDS) agus an coiste pleanála teanga as an obair atá déanta agus beartaithe maidir le plean an cheantair:
"Ach an oiread leis na pleananna teanga ar fad atá ceadaithe agus á bhfeidhmiú cheana féin, tá deiseanna á dtabhairt sa chás seo do phobal Dhúiche Sheoigheach agus Thuar Mhic Éadaigh a bheith lárnach i roghnú a gcuid tosaíochtaí teanga féin faoin bplean agus a bheith páirteach ina chur i bhfeidhm ar bhonn comhpháirtíochta. Is ar leas na Gaeilge go háitiúil atá an plean agus an iarracht seo ar fad."
Nótaí
Scéim na gCúntóirí Teanga
Dún na nGall
Scoil | Tinreamh | Uaireanta breise |
Scoil Chróine An Clochán Liath | 271 | 4 |
Gaillimh
Scoil | Tinreamh | Uaireanta breise |
Gaelscoil Mhic Amhlaigh | 644 | 7 |
SN na bhForbacha | 200 | 3 |
SN Séamus Naofa, Bearna | 241 | 3 |
Scoil Bhríde Mionloch | 156 | 1 |
SN Breandán Eanach Dúin | 133 | 1 |
SN Tuar Mhic Éadaigh | 101 | 1 |
Sonraí tinreamh scoileanna ar shuíomh na Roinne Oideachais ag: https://www.gov.ie/ga/bailiuchan/63363b-data-on-individual-schools/
Tugadh faoin athbhreithniú a dhéanamh ar Scéim na gCúntóirí Teanga in 2018 chun go bhfaighfí tuiscint níos fearr ar na bealaí a bhféadfaí an Scéim a láidriú tuilleadh i gcomhthéacs fheidhmiú an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta agus an phróisis pleanála teanga i gcoitinne. Is é SEALBHÚ, Lárionad Taighde DCU um Fhoghlaim agus Teagasc na Gaeilge a thug faoin athbhreithniú a dhéanamh faoi threoir na Roinne. Ceapadh coiste stiúrtha - comhdhéanta d’ionadaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, An Roinn Oideachais, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) agus Gaeloideachas chun cabhrú leis an obair. Tá nasc chuig an tuairisc féin anseo.
I dteannta leis an dá bheart faoi leith seo atá fógartha glacadh leis na céimeanna a leanas roimhe seo chun Scéim na gCúntóirí Teanga a neartú de thoradh an athbhreithnithe:
- ceadaíodh acmhainní breise arbh fhiú €1.02m ó thús na scoilbhliana 2018/19 le go mbeadh 32 scoil bhreise in ann leas a bhaint as an scéim – ionann le gach scoil Ghaeltachta atá rannpháirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta. De thoradh seo uile, tá 134 scoil Ghaeltachta ag baint leasa as na hathruithe seo uile le hais 104 scoil in 2017/18 agus tá 114 cúntóir fostaithe faoin scéim anois i gcomparáid le 100 in 2018/19
- ceadaíodh allúntas trí bliana ar fiú suas le €3,200,828 é ó thús na scoilbhliana 2019/20, agus baineadh leas as chun go mbeadh scoileanna Gaeltachta atá páirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta in ann cúntóir teanga a bheith acu ar feadh sé seachtaine breise in aghaidh na scoilbhliana, ionann le 32 seachtain in iomlán
Cúrsaí Pleanála Teanga
- tá ciste iomlán ar fiú €5.8m é á chur ar fáil mar thacaíocht don phróiseas pleanála teanga sa bhliain reatha. Is ionann seo agus ardú €800,000 ar an gciste a bhí ar fáil in 2021
- tá gach ceann de na 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta ceadaithe anois
- tá 21 Oifigeach Pleanála Teanga (19 i Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta agus 2 i mBailte Seirbhíse Gaeltachta) agus 4 Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga fostaithe agus ag cur pleananna i bhfeidhm faoi láthair
- tá 5 Bhaile Seirbhíse Gaeltachta ceadaithe faoin bpróiseas go dtí seo - Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis, Cathair na Gaillimhe, An Clochán Liath agus Trá Lí
- tá pleananna i leith Chaisleán an Bharraigh agus Dún Garbháin á scrúdú ag an Roinn faoi láthair agus tá pleananna á n-ullmhú i gcás Chathair Saidhbhín agus Chathair Chorcaí. Tá obair ullmhúcháin ar bun maidir leis an gClochán
Tá 3 Líonra Gaeilge ceadaithe go nuige seo faoin bpróiseas– Inis, Baile Loch Riach agus Cluain Dolcáin – chomh maith le péire eile sa tuaisceart – Carn Tóchar agus Iarthar Bhéal Feirste – atá faofa ag Foras na Gaeilge faoi réir phróiseas neamh-reachtúil atá curtha ar bun ag an eagraíocht ann.
Tá cóip den phlean agus tuairisc ar dhul chun cinn le fáil anseo.