Gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Teanga
- Foilsithe: 25 Bealtaine 2018
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Eolas ar chomhlacht, An Coimisinéir Teanga, a fhiosraíonn gearáin ó bhaill den phobal a bhfuil sé deacair dóibh rochtain a fháil ar sheirbhísí eagraíochtaí stáit i nGaeilge. Tá na seirbhísí nach mór d'eagraíochtaí stáit a chur ar fáil i nGaeilge leagtha amach in Acht na dTeangacha Oifigiúla agus i reachtaíocht eile. Tá foirm ar líne ar fáil gur féidir le húsáideoirí a chomhlánú chun gearán a dhéanamh nó comhairle a iarraidh; is féidir an fhoirm chomhlánaithe a sheoladh chuig Oifig an Choimisinéir Teanga.