Cuardaigh ar fad gov.ie

Beathaisnéisí

Séamus Ó Ceallacháin

Is é Séamus Ó Ceallacháin an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce.

Toghadh é chun Dáil Éireann do dháilcheantar Chuan Bhaile Átha Cliath Theas in olltoghcháin na mblianta 2016, 2020 agus 2024. Roimhe sin, bhí sé ina chomhairleoir ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

D’fhóin sé mar chomhalta den Choiste Oireachtais um Dhlí agus Ceart, agus mar Chathaoirleach air. Bhí sé ina chomhalta de na Coistí Oireachtais um Airgeadas agus um Oideachas, freisin. Ba é urlabhraí Fhianna Fáil um Dhlí agus Ceart é ón mbliain 2016 i leith.

Is céimí sa dlí (Baitsiléir Dlí Shibhialta) de Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, é agus bhain sé céim Mháistir Dlíthe (LLM) agus céim Mháistreachta san Fhealsúnacht (M.Phil) sa Choireolaíocht amach ó Ollscoil Cambridge. Tá céim Abhcóide Dlí aige ó Óstaí an Rí, freisin, agus tá sé ina Abhcóide Sinsir ón mbliain 2008 i leith.

Róil

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat