Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

154 Garda nua le sannadh ar fud na tíre

D’fháiltigh an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, Séamus Ó Ceallacháin, roimh fhianú 154 Garda nua ag searmanas i gColáiste na nGardaí ar an Teampall Mór inniu.

Cuirfidh na Gardaí nua atá ar promhadh tús lena ngairmréimeanna sa Gharda Síochána anois agus déanfaidh Coimisinéir na nGardaí iad a shannadh do Rannáin Ghardaí ar fud na tíre.

Beidh sé seo ar an leithroinnt Gardaí ar promhadh is mó le bliain anuas ar Réigiúin lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, leis an gcuid is mó díobh á sannadh do phobail sa Deisceart agus san Iarthuaisceart. Imscarfar 45 duine de na Gardaí nua i Réigiún Cathrach Bhaile Átha Cliath, le 66 duine díobh ag dul go dtí Réigiún an Deiscirt, lena n-áirítear 20 Garda ar promhadh an ceann do stáisiúin i gCathair Luimnigh agus i gCathair Chorcaí faoi seach.

Léigh tuilleadh anseo

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat