Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cur chuige úr á ghlacadh i leith sábháilteacht pobail a fheabhsú, agus an tAire Séamus Ó Ceallacháin ag ceadú Chomhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla nua ar fud na tíre

  • Le rialacháin a shínigh an tAire Séamus Ó Ceallacháin agus a thiocfaidh i bhfeidhm inniu, réitítear an bealach le haghaidh Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla nua a bheith ag dul i mbun oibre ar fud na tíre
  • Tiocfaidh na Comhpháirtíochtaí in ionad na gComhchoistí Póilíneachta a bhí ann roimhe, agus feidhmeoidh siad mar struchtúir ilghníomhaireachta a bheidh faoi stiúir ag an bpobal chun aghaidh a thabhairt ar shábháilteacht agus í a mhéadú laistigh de phobail
  • Comhlíonann sé seo ceann amháin de na príomhghealltanais atá i gClár an Rialtais

Tá Séamus Ó Ceallacháin, an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, tar éis rialacháin a shíniú a thiocfaidh i bhfeidhm inniu (Dé Luain, an 30 Meitheamh) agus lena bhforálfar do Chomhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla a bhunú i ngach limistéar údaráis áitiúil ar fud na tíre.

Ar an leibhéal áitiúil, imreoidh comhpháirtíochtaí sábháilteachta pobail ról lárnach maidir le sábháilteacht pobail a fheabhsú ar fud na tíre i gcomhar leis an nGarda Síochána, le cónaitheoirí áitiúla, le gnólachtaí agus le gníomhaireachtaí stáit.

Leagtar amach sna rialacháin conas a oibreoidh na Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta.

Dúirt an tAire Séamus Ó Ceallacháin,

"Tá an-áthas orm na rialacháin a shíniú, a fhágann go bhféadfar Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla a bhunú ar fud na tíre anois. Leagtar amach sna rialacháin conas a oibreoidh na Comhpháirtíochtaí ar bhealach trédhearcach éifeachtúil sa chleachtas, agus sainordú soiléir agus rannpháirtíocht láidir áitiúil i gcroílár gach ceann díobh. Is ionann na Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla agus céim shuntasach i dtreo cur chuige atá i bhfad níos comhoibríche, níos freagrúla agus níos áitiúla i leith sábháilteacht pobail.”

Bunófar 36 Chomhpháirtíocht Sábháilteachta san iomlán i ngach limistéar údaráis áitiúil, agus 30 comhalta ar a mhéad ag gach ceann díobh.

I gcomparáid leis na Comhchoistí Póilíneachta, beidh raon níos leithne comhaltaí ag na Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta. Áireofar leis na comhaltaí éigeantacha comhairleoirí áitiúla, oifigigh údaráis áitiúil, comhaltaí den Gharda Síochána, agus ionadaithe ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus ó Tusla – an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach.

Beidh cónaitheoirí áitiúla, comhaltaí a dhéanann ionadaíocht do ghrúpaí óige, do dhaoine scothaosta agus do ghrúpaí nua agus mionlaigh ina gcomhaltaí freisin, mar aon le hionadaithe gnó agus oideachais.

Cé go bhféadfaidh gach Comhpháirtíocht an oiread cruinnithe agus is gá a thionól, ní mór di sé chruinniú ar a laghad a thionól gach bliain. Ní mór cead a bheith ag daoine den phobal freastal ar cheann amháin de na cruinnithe sin, agus beidh deiseanna ag comhaltaí den Oireachtas agus ag gach ionadaí poiblí atá tofa go háitiúil páirt a ghlacadh trí fhreastal ar chruinniú amháin ar a laghad de chuid na Comhpháirtíochta.

Dúirt an tAire Ó Ceallacháin freisin:

“Is é atá i gceist le sábháilteacht pobail ná ionadaithe tofa áitiúla, gníomhaireachtaí stáit, eagraíochtaí pobail agus an pobal a bheith ag obair i gcomhar le chéile agus leis an nGarda Síochána chun cabhrú lenár bpobail a dhéanamh níos sábháilte agus níos ceangailte.

"Cé go bhféachtar ar Éirinn, tríd is tríd, mar thír shábháilte ina mbíonn rátaí coireachta réasúnta íseal, ní ionann an scéal i ngach pobal. Teastaíonn uainn ar an leibhéal áitiúil na struchtúir is gá chun gur féidir réitigh fhadtéarmacha a chur i bhfeidhm nach bhfuil dírithe ar an bpóilíneacht agus uirthi sin amháin. Soilsiú poiblí, bailiú dramhaíola, spásanna poiblí agus suíomh seirbhísí, is féidir leo go léir cur leis an mbraistint sábháilteachta inár mbailte."

Beidh cathaoirleach agus leaschathaoirleach deonach, arna dtoghadh as measc na gcomhaltaí, i gceannas ar gach Comhpháirtíocht, agus beidh ról comhordaitheora agus riarthóra mar thacaíocht acu.

Ceanglófar ar gach Comhpháirtíocht nuabhunaithe a plean saincheaptha sábháilteachta pobail féin a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Glacfaidh na Comhpháirtíochtaí cur chuige straitéiseach i leith a gcuid oibre ionas gur féidir le soláthraithe seirbhíse iomchuí déileáil ar bhealach comhordaithe le haon saincheisteanna a thagann chun cinn agus aghaidh a thabhairt orthu i gcomhpháirt leis an bpobal.

Críoch

Nótaí d’Eagarthóirí

Ceann amháin de na príomhphrionsabail atá sa Tuarascáil ón gCoimisiún um Thodhchaí na Póilíneachta in Éirinn is ea go dteastaíonn comhar ilghníomhaireachta leis an nGarda Síochána agus, rud ríthábhachtach, leis na pobail féin chun sábháilteacht pobail a bhaint amach. Is é an cuspóir atá leis seo na comhlachtaí iomchuí, lena n-áirítear na Gardaí, a thabhairt le chéile le pobail ar bhealach comhoibríoch, trí dhíriú ar na hábhair imní ar shainaithin daoine áitiúla iad agus ar thug daoine áitiúla tús áite dóibh.

Leis an Acht um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail, 2024, a tosaíodh an 2 Aibreán 2025, foráiltear do Chomhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla a bhunú, a oibreoidh ar gach leibhéal údaráis áitiúil.

Foráiltear le halt 114 den Acht um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail, 2024, do rialacháin a dhéanamh i ndáil le comhpháirtíochtaí sábháilteachta pobail áitiúla a bhunú agus a oibriú.

Tiocfaidh na Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla in ionad na gComhchoistí Póilíneachta, agus cuirfidh siad leis an dea-obair a rinne siad, trí raon níos leithne geallsealbhóirí pobail a thabhairt le chéile.

Foráiltear leis an Acht d’Oifig Náisiúnta um Shábháilteacht Pobail a bhunú. Agus í ina hoifig de chuid na Roinne Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, tá sé mar fheidhm ag an Oifig sin oiliúint, tacaíocht agus treoir a sholáthar do Chomhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla. Tá treoirdhoiciméad cuimsitheach á ullmhú ag an Oifig Náisiúnta chun ullmhú do bhunú na gcomhpháirtíochtaí sábháilteachta ar fud na tíre agus chun tacú leis an obair sin. Is leis an doiciméad sin, agus leis na rialacháin, a sholáthrófar creat le haghaidh Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla a bhunú agus a oibriú.