English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Bailiúcháin

Litir faoi chearta, anois go bhfuil toghairthe chun na cúirte ort

Tuilleadh Teangacha ar Fáil: български | čeština | dansk | Deutsch | eesti | English | Español | ελληνικά | français | | hrvatski | italiano | latviešu | lietuvių | Magyar | Malti | Nederlands | polsk | Português | Română | Slovenčina | Slovenščina | Suomi | svenska |


Tá Toghairm seirbheáilte ort anois. Doiciméad dlíthiúil atá i dtoghairm, agus ciallaíonn sé go bhfuil ort freastal sa chúirt, ar an dáta agus san am agus san áit atá luaite ar an toghairm, chun cúiseamh coiriúil a fhreagairt. Ós rud é go bhfuil tú bainteach anois le próiseas cúirte, tá cearta áirithe agat. Tá sé tábhachtach go mbeadh na cearta sin, a mhínítear thíos, ar eolas agat.

1. An ceart chun dul i gcomhairle le haturnae agus comhairle dlí a fháil

Tá de cheart agat labhairt le haturnae agus comhairle dlí agus eile a fháil ón aturnae.

Dlíodóir atá in aturnae, agus tá an t-aturnae neamhspleách ar an nGarda Síochána (póilíní Éireannacha) nó ar údaráis Stáit.

Féadfaidh sé go mbeidh tú ábalta cúnamh dlíthiúil a fháil saor in aisce. Ar dháta na héisteachta sa chúirt, is féidir leat iarratas ar chúnamh dlíthiúil in aisce a dhéanamh chuig an mBreitheamh ag a mbeidh do chás á éisteacht. Féadfaidh sé go dteastóidh ón mBreitheamh roinnt eolais a fháil uait chun a chinneadh an féidir cúnamh dlíthiúil in aisce a dheonú, agus déanfaidh an Breitheamh na nithe seo a leanas a bhreithniú roimh chinneadh a dhéanamh maidir le cúnamh dlíthiúil:

  • Cibé acu atá nó nach bhfuil dóthain airgid agat chun díol as do dhlíodóir féin;
  • Ag cur tromchúis an chúisimh nó an chiona san áireamh, cibé acu an ar mhaithe leis an gceartas é gur ceart cúnamh dlíthiúil a bheith agat le linn do chosaint a ullmhú agus a stiúradh.

2. An ceart chun fanacht i do thost

I gcoitinne, ní gá duit aon cheisteanna a fhreagairt faoin gcúiseamh atá déanta sa Toghairm, nó eolas a chur ar fáil faoin gcúiseamh atá déanta sa Toghairm.

Ach –

  • Is ceart duit freagra a thabhairt nuair a ghlaonn an Cláraitheoir d’ainm agus aon cheisteanna nóis imeachta a chuireann an Breitheamh ort sa chúirt a fhreagairt.
  • Nuair a iarrtar ort, is ceart duit a rá cibé acu atá tú ag pléadáil ciontach nó ag pléadáil neamhchiontach.
  • Tá de cheart agat gan fianaise a thabhairt – má chinneann tú fianaise a thabhairt sa chúirt, áfach, ní mór duit aon cheisteanna a chuirtear ort faoin gcúiseamh sa Toghairm a fhreagairt.

Is féidir le d’aturnae (má tá ceann agat) cuidiú leat cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcur chuige is fearr duitse.

3. An ceart chun tuilleadh eolais a iarraidh faoina bhfuil tú cúisithe

Tá eolas sa Toghairm faoina bhfuil tú á chúiseamh ann, ach is féidir leat níos mó eolais agus doiciméid faoin gcúiseamh a iarraidh.

Nuair a rachaidh tú chun na cúirte, is féidir leatsa nó le d’aturnae (má tá ceann agat) níos mó eolais agus doiciméid a iarraidh ar an mBreitheamh. Má dheonaíonn an Breitheamh é sin nó iad sin duit, féadfaidh sé go gcuirfidh an Breitheamh do chás siar d’fhonn tréimhse ama a thabhairt duit chun an t-eolas go léir (agus aon doiciméid) a bhreithniú sula gcinneann tú an dteastaíonn uait pléadáil ciontach nó neamhchiontach ina bhfuil tú á chúiseamh ann.

Is féidir le d’aturnae (má tá ceann agat) comhairle a chur ort faoin gcur chuige is fearr duitse.

4. An ceart chun ateangaire nó aistriúchán ar dhoiciméid a iarraidh ar an mBreitheamh

Is féidir leat ateangaire nó aistriúchán ar dhoiciméid a iarraidh ar an mBreitheamh. Má ordaíonn an Breitheamh an cúnamh sin sa chúirt, beidh sé saor in aisce. Féadfaidh sé go gcuirfidh an Breitheamh do chás siar chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil ateangaire ar fáil.

Má tá bac éisteachta ort, nó stad i do chuid cainte, is féidir leat ateangaire nó cúnamh eile a iarraidh ar an mBreitheamh. Má ordaíonn an Breitheamh an cúnamh sin sa chúirt, beidh sé saor in aisce.