Andrew Munro
- Foilsithe: 18 Aibreán 2023
- An t-eolas is déanaí: 27 Iúil 2023

Is é Andrew an Ceannasaí Reachtaíochta agus an Ceannasaí Beartais don Cheartas Sibhialta.
An déantóir dlíthe don Roinn atá san fheidhm Reachtaíochta, atá freagrach as reachtaíocht phríomha agus reachtaíocht thánaisteach araon a dhréachtú, agus as Billí a chruthú agus a bhogadh trí Oifig an Ard-Aighne agus tríd an Oireachtas. Trí dhul i gcomhairle le páirtithe leasmhara iomchuí, déileálann an fheidhm reachtaíochta le dlí na hÉireann agus le trasuí dhlí an Aontais Eorpaigh agus an dlí idirnáisiúnta araon. Cuireann sí comhairle ar fheidhmeanna eile, agus oibríonn i ndlúthchomhairle leo, chun a chinntiú go mbreithnítear na himpleachtaí iomchuí ag gach céim den phróiseas reachtach.
Meitheal mhachnaimh na Roinne atá san fheidhm Bheartais. Oibríonn sí mar cheannaire smaointe, ag forbairt beartais fhadtéarmacha fhianaise-bhunaithe, trí thaighde agus anailís a dhéanamh ar fhaisnéis agus sonraí ón iliomad foinsí. Glacann sí dearcadh onnghníomhach straitéiseach maidir le ceapadh beartas agus iad a athbhreithniú, agus cuireann sí ar chumas na Roinne comhairle den chéad scoth a chur ar an Aire agus ar an Rialtas, ar mhaithe le leas fadtéarmach na saoránach go léir.
Tá Andrew ina Oifigeach Poiblí Ainmnithe faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015 : féach www.lobbying.ie.