Doncha Ó Súilleabháin
- Foilsithe: 19 Samhain 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Nollaig 2023

Mar Leas-Rúnaí don cholún Ceartais Shibhialta, tacaíonn Doncha Ó Súilleabháin leis an Ard-Rúnaí agus déanann ionadaíocht ar an Ard-Rúnaí. Tá sé freagrach as na nithe seo a leanas:
- fís shoiléir a leagan amach don cholún Ceartais Shibhialta agus clár athchóirithe agus nuachóirithe sa cheartas sibhialta a stiúradh, leis na haidhmeanna rochtain ar an gceartas a chur chun cinn, clár reachtaíochta an Rialtais a thabhairt ar aghaidh, oibleagáidí idirnáisiúnta a chomhlíonadh, agus comhairle a thabhairt ar thionscnaimh reachtaíochta i gcoitinne;
- formhaoirseacht a dhéanamh ar fhorbairt beart straitéiseach agus reachtach chun córas inimirce freagrúil agus cóir cothrom a chur chun cinn, ag obair go dlúth le raon leathan gníomhaithe Rialtais agus sochaí sibhialta; agus
- cabhrú leis an Ard-Rúnaí chun fís shoiléir a leagan amach don Roinn trí straitéis, beartas, cuspóirí agus spriocanna a fhorbairt do gach gné d’obair na Roinne, agus chun an clár leathan d’athrú eagraíochtúil atá á chur i bhfeidhm sa Roinn a chur i gcrích.
Tá Doncha ina Oifigeach Poiblí Ainmnithe faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015: féach www.lobbying.ie .