English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Beathaisnéisí

Niall Collins

Niall Collins

Tá Niall Collins ina Aire Stáit ag an Roinn Dlí agus Cirt le freagracht speisialta as an Dlí Idirnáisiúnta, Athchóiriú an Dlí agus Ceartas Óige. Ceapadh sa ról seo é an 29 Eanáir 2025.

Roimhe seo bhí sé ina Aire Stáit ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta le freagracht speisialta as Scileanna agus Breisoideachas ó mhí Iúil 2020.

Tá sé ina Theachta Dála do dháilcheantar Chontae Luimnigh ó 2016, agus roimhe sin ó 2011 go 2016 do dháilcheantar Luimnigh agus ó 2007 go 2011 do thoghcheantar Luimnigh Thiar.

D’fhóin sé mar bhall de Chomhairle Contae Luimnigh do Thoghcheantar Áitiúil an Bhrú, agus é tofa ar an gcomhairle den chéad uair i dtoghcháin áitiúla 2004.

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Uasal Collins ag niall.collins@oireachtas.ie


Róil