Oonagh McPhillips
- Foilsithe: 19 Samhain 2019
- An t-eolas is déanaí: 21 Iúil 2023

Sealbhaíonn Oonagh McPhillips post an Ard-Rúnaí sa Roinn Dlí agus Cirt. Is í nó é an tArd-Rúnaí státseirbhíseach sinsearach agus ceann neamh-pholaitiúil na Roinne. Is éard atá i bpost an Ard-Rúnaí ná bainistiú ó lá go lá agus pleanáil agus treorú straitéiseach neamhpholaitiúil.
Is Oifigeach Poiblí Ainmnithe í Oonagh faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015 : féach www.lobbying.ie.
Freagrachtaí an Ard-Rúnaí
Faoin Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí, 1997 (Uimh. 27 de 1997), tá na freagrachtaí seo a leanas ar Ard-Rúnaí na Roinne:
- gnó na Roinne i gcoitinne a bhainistiú;
- beartais Rialtais is cuí maidir leis an Roinn a chur i bhfeidhm;
- monatóireacht a dhéanamh ar bheartais Rialtais a dhéanann difear don Roinn;
- aschuir arna gcinneadh ag an Aire a sheachadadh;
- comhairle bheartais a sholáthar don Aire ar na hábhair go léir atá laistigh de shainchúram na Roinne;
- Ráitis Straitéise a ullmhú lena gcur faoi bhráid an Aire;
- tuarascálacha ar dhul chun cinn a sholáthar don Aire maidir le cur i ngníomh an Ráitis Straitéise;
- a chinntiú go bhfuil an úsáid chuí á baint as acmhainní agus go bhfuil seirbhísí poiblí atá éifeachtach ó thaobh costas de á gcur ar fáil;
- sracléiriú a ullmhú ar an tslí a bhfuil freagrachtaí sonraithe le sannadh d’oifigigh eile síos tríd an Roinn;
- gnóthaí a bhaineann le ceapacháin, feidhmíocht, airíonacht agus dífhostú státseirbhíseach is ísle ná grád Príomhoifigigh, nó a choibhéis, a bhainistiú.
Le hAlt 4(1) den Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí tugtar cumhacht don Ard-Rúnaí freagracht i gcomhlíonadh a cuid nó a chuid feidhmeanna a shannadh d’oifigigh eile sa Roinn (nó do ghrád nó gráid oifigigh).
Agus an creat sanntaí á léiriú, is ceart aird chuí a bheith ar na tosca a dhéanann difear ó thráth go chéile do dháileadh agus do chomhlíonadh freagrachtaí ar fud na Roinne, ar nós riachtanas oibre i réimse ar leith, ailíniú gníomhaíochtaí a chuimsíonn nó a bhaineann le níos mó ná réimse amháin, agus comhordú freagrachtaí comhroinnte nó tadhlacha. Is ceart go mbeadh aird, freisin, ar shannadh feidhmeanna i leith ceapachán, feidhmíochta agus airíonachta pearsanra faoi Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956-2005, a dhéanann an tArd-Rúnaí ó thráth go chéile faoi rialacháin ar leith.
Déanfar na freagrachtaí a shanntar amhlaidh a chur in iúl tríd an gcóras pleananna gnó feidhme atá ag an Roinn chun tosaíochtaí agus cuspóirí na Roinne, arna leagan amach ina Ráiteas Straitéise, a léiriú. Déanfar sannadh freagrachta as oifigigh aonair, nó grád nó gráid oifigigh, faoi leibhéal an Phríomhoifigigh do chomhlíonadh feidhmeanna a láimhseáil, ó thaobh riaracháin de, ar bhonn na gcuspóirí oibre pearsanta (nó foirne) a aithnítear faoi phleananna gnó feidhme na Roinne, nó ar bhonn na gcuspóirí a bhaineann leo. Le Ráiteas Straitéise na Roinne agus le Córas Bainistíochta agus Forbartha Feidhmíochta na Roinne, cuirtear bonn eolais faoi na pleananna gnó Rannáin sin, a thugtar ar aghaidh ar bhonn bliantúil chun coinneáil suas le riachtanais agus tosaíochtaí a bhíonn ag athrú leo, agus cuireann sin bealach praiticiúil ar fáil chun tosaíocht a thabhairt d’obair na Roinne ó lá go lá ag leibhéal rannóige, foirne agus daoine aonair, agus an obair sin a bhainistiú.
Faoi réir forálacha buiséid uileghabhálacha, gheobhaidh oifigigh a mbeidh freagrachtaí sannta dóibh faoin gcreat seo na hacmhainní cuí agus an tacaíocht bhonneagair chuí chun a chur ar a gcumas a gcuid oibleagáidí faoin Acht a chomhlíonadh.
Leanfar de shanntaí faoi Alt 4(1) den Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí a leasú ó thráth go chéile, i scríbhinn, agus measfar an creat a bheith nuashonraithe dá réir.
Misean na Roinne
Ag obair ar mhaithe le hÉirinn shábháilte, chothrom, uilechuimsitheach
Is iad seo a leanas ár luachanna agus ár ngealltanais:
- Comhoibríoch – oibreoimid le chéile le daoine eile go muiníneach agus i gcomhpháirtíocht
- Gairmiúil – beimid neamhchlaonta, freagrach agus eiticiúil
- Oscailte – tabharfaimid freagraí agus faisnéis, ag déanamh cumarsáide chun naisc a bhfuil brí leo a dhéanamh
Is iad seo a leanas ár luachanna agus ár spriocanna:
- Dul i ngleic leis an gcoireacht, cur leis an tslándáil náisiúnta, agus an phóilíneacht a athrú ó bhonn
- Rochtain ar an gceartas a fheabhsú agus córas na gcúirteanna a nuachóiriú
- An tsábháilteacht pobail a neartú, athchiontú a laghdú, tacú le híospartaigh, agus an foréigean baile, gnéasach agus inscne-bhunaithe a chomhrac
- Córas cothrom inimirce a chur ar fáil i gcomhair aoise digití
- Dlús a chur leis an nuálaíocht, le hathrú digiteach ó bhonn agus le gníomhaíocht ar son na haeráide ar fud earnáil an cheartais.
Tá tuilleadh eolais le fáil ag gov.ie/ceartais