English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán ar an Ráiteas Straitéise, 2024-2026

  • Ó: An Roinn Dlí­ agus Cirt

  • Foilsithe: 21 Meán Fómhair 2023
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 21 Meán Fómhair 2023
  • Dúnadh na haighneachtaí: 13 Deireadh Fómhair 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Consultation is closed


A bhfuil i gceist leis seo

Ar an Aire Eiléana Nic an tSaoi TD a bheith ceaptha ina hAire Dlí agus Cirt, agus i gcomhréir leis an Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí, 1997, tá Ráiteas nua Straitéise á fhorbairt againn don tréimhse 2024 - 2026.

Beidh an Clár Rialtais, tosaíochtaí barr-thábhachtacha Rialtais, creataí beartais agus saincheisteanna suntasacha eile mar bhonn eolais faoinár Straitéis, agus leagfar amach ár spriocanna ardleibhéil don tréimhse 2024 - 2026 ann.

Tá do thuairimí á lorg againn anois ar aon saincheisteanna straitéiseacha barr-thábhachtacha ar mhaith leat go ndéanfaí iad a bhreithniú agus an Ráiteas nua Straitéise á fhorbairt.


A bhfuilimid ag iarraidh ort a dhéanamh

Tá an tAire Nic an tSaoi ag spreagadh a oiread daoine agus eagraíochtaí agus is féidir chun páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán, ionas go n-éistfear le guthanna na ndaoine go léir a bhfuil spéis acu sna hábhair thábhachtacha seo.


An Comhairliúchán Ar Líne

Comhlánaigh an comhairliúchán ar líne anseo:

An Comhairliúchán Ar Líne

Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leat roimh ré as do chuid aiseolais, ar féidir é a chur isteach go dtí am scoir gnó Dé hAoine, 6 Deireadh Fómhair, 2023 .


A dtarlóidh le d’iarratas ar chomhairliúchán

Cuideoidh do chomhairliúchán chun bonn eolais a chur faoi Ráiteas Straitéise na Roinne Dlí agus Cirt.

Tabhair do d’aire, le do thoil, go mbeidh freagraí comhairliúcháin faoi réir na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise (i.e. an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997, an tAcht um Shaoráil Faisnéise (Leasú), 2003, agus an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014).