English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán maidir le hAthchóiriú ar an tSeirbhís Cróinéara

  • Ó: An Roinn Dlí­ agus Cirt

  • Foilsithe: 20 Deireadh Fómhair 2023
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 20 Deireadh Fómhair 2023
  • Dúnadh na haighneachtaí: 19 Eanáir 2024
  • An t-eolas is déanaí: 25 Deireadh Fómhair 2024

Consultation is closed


Céard atá i gceist leis seo

Coroners provide an important service to bereaved families and loved ones, often during challenging and upsetting times in their lives.

Cuireann cróinéirí seirbhís thábhachtach ar fáil do dhaoine muinteartha agus do theaghlaigh a bhfuil daoine muinteartha leo tar éis bháis go minic le linn tréimhse dhúshlánach agus choscrach ina saol.

Is é cuspóir an chomhairliúcháin phoiblí seo tuairimí, breathnuithe agus moltaí a lorg maidir le conas a d‘fhéadfaí athchóiriú a dhéanamh ar an tSeirbhís Cróinéara amach anseo. Beidh tuairimí daoine aonair a bhain leas as an tSeirbhís Cróinéara agus tuairimí grúpaí páirtithe leasmhara ríthábhachtach maidir le hathchóiriú a dhéanamh amach anseo ar an tSeirbhís Cróinéara. Tá sé tábhachtach go gcoinneodh aon athchóiriú amach anseo ar an tSeirbhís gnéithe dearfacha ar fad na Seirbhíse ach ag an am céanna go ndéanfaí athrú chun feabhais agus go bhfeabhsófaí an tseirbhís más gá.

Léigh an páipéar faoin gcomhairliúchán poiblí sula gcomhlánaítear ceachtar ceistneoir.

Comhairliúchán Poiblí maidir le hAthchóiriú ar an tSeirbhís Chróinéara
Amharc amharc

Léireofar freagraí ar an bpróiseas comhairliúcháin trí dhá cheistneoir ar leith atá dírithe ar thuairimí agus dearcthaí na bpáirtithe uile ar spéis leo a chur in iúl ag brath ar an gcineál taithí atá acu agus ar an gcaidreamh atá acu leis an tSeirbhís Cróinéara.

Cuid 1 den Chomhairliúchán dírithe ar léargas a fháil ar thaithí saoil na ndaoine sin, ar bhásaigh duine muinteartha leo, a bhain úsáid as an tSeirbhís Cróinéara.

Chuige sin, forbraíodh ceisteanna chun taithí roimhe seo a bhailiú mar aon le dearcthaí agus tuairimí maidir leis an teagmháil a bhí ag teaghlaigh agus cairde méala leis an tSeirbhís Cróinéara ó thaobh an méid a d’oibrigh go maith agus chun a fháil amach an bhfuil gnéithe ann a d’fhéadfaí a fheabhsú amach anseo.

Cuid 2 den Chomhairliúchán dírithe ar pháirtithe ar spéis leo agus a bhfuil baint dhíreach nó indíreach acu ag tacú leis an tSeirbhís Cróinéara a chur ar fáil.

Cuireadh an ceistneoir seo i dtoll a chéile chun tuairimí agus dearcthaí páirtithe leasmhara a bhailiú ar shaincheisteanna ar leith mar a phléitear i gcaibidlí 1 – 4 den cháipéis chomhairliúcháin.

B’fhéidir gur mhian le daoine áirithe freagra a thabhairt ar an dá cheistneoir.


Céard atáimid ag iarraidh ort a dhéanamh?

Moltar don oiread daoine aonair agus eagraíochtaí agus is féidir páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán tríd an gceistneoir is ábhartha dá gcúinsí a chomhlánú, chun go dtabharfar deis do gach duine a gcuid tuairimí a thabhairt.


An comhairliúchán ar líne

Cuid 1 den Chomhairliúchán

Chun léargas agus dearcthaí a roinnt maidir le taithí saoil duine a bhfuil duine muinteartha leo tar éis bháis agus a bhain úsáid as an tSeirbhís Cróinéara:

Comhlánaigh the online Cuid 1 den Chomhairliúchánar líne.

Cuid 2 den Chomhairliúchán 2

Chun léargais agus tuairimí a roinnt a bailíodh ó ról díreach / indíreach ag tacú leis an tSeirbhís Cróinéara a chur ar fáil:

Comhlánaigh Cuid 2 den Chomhairliúchán ar líne.

Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leat roimh ré as do chuid aiseolais ar féidir leat a chur isteach go dtí 5pm Dé hAoine an 19 Eanáir, 2024 .

Ní ghlacfar le haighneachtaí tar éis an dáta sin.

Ba cheart aon cheist a bhaineann leis an gcomhairliúchán a chur ar aghaidh chuig coronerconsultation@justice.ie.


Céard a tharlóidh do d’aighneacht chomhlánaithe

Cuideoidh do thuairimí agus dearcthaí linn eolas a dhéanamh do chlár athchóirithe na Roinne Dlí agus Cirt chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a aithníodh agus athrú nuálach a chur chun cinn ar fud na Seirbhíse Cróinéara. Beidh an próiseas comhairliúcháin phoiblí ríthábhachtach chun an chaoi a bhfeidhmeoidh an tSeirbhís Cróinéara amach anseo a aithint.

Foilsiú na n-aighneachtaí agus forálacha ábhartha den Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014

Níl sé i gceist aighneachtaí páirtithe leasmhara a fuarthas a fhoilsiú mar fhreagra ar an bpróiseas comhairliúcháin seo.

Tabhair ar aird, toisc go dtagann sé faoi phróiseas comhairliúcháin na Roinne Dlí agus Cirt, go bhféadfadh freagraí ar an gceistneoir seo a bheith faoi réir iarrataí faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014. Ciallaíonn sé sin go bhfuil ceangal faoin dlí ar an Roinn an fhaisnéis sin a eisiúint má iarrtar í. Mar sin féin, má tá aon fhaisnéis inaitheanta phearsanta sna freagraí, ní eiseofar an fhaisnéis ar leith sin.

An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

Déileálfar le haon fhaisnéis phearsanta a chuirfear ar fáil don Roinn Dlí agus Cirt de réir na gcaighdeán is airde slándála agus rúndachta, go docht i gcomhréir leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988-2018.