English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí ar straitéisí a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar Choireacht Eacnamaíoch agus Éilliú

  • Ó: An Roinn Dlí­ agus Cirt

  • Foilsithe: 13 Deireadh Fómhair 2023
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 13 Deireadh Fómhair 2023
  • Dúnadh na haighneachtaí: 3 Samhain 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Consultation is closed


Céard atá i gceist leis seo

Bhí bunú na Comhairle Comhairlí in aghaidh Coireacht Eacnamaíoch agus Éilliú ar cheann de na moltaí a rinneadh san Athbhreithniú ar Struchtúir agus Straitéisí chun Coireacht Eacnamaíoch agus Éilliú a Chosc, a Fhiosrú agus chun Pionós a Ghearradh air sin a foilsíodh i mí na Nollag 2020.

Is éard is príomhfheidhm na Comhairle ná comhairle a thabhairt don Rialtas agus moltaí a dhéanamh maidir le freagraí straitéiseacha agus beartais i leith coireacht eacnamaíoch agus éilliú.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gComhairle Chomhairleach in aghaidh Coireacht Eacnamaíoch agus Éilliú agus faoi chuspóirí na Comhairle, téigh chuig (www.anticorruption.ie).


Céard atáimid ag iarraidh ort a dhéanamh?

Táimid anois ag lorg tuairimí uait faoin méid ar mhaith leat a chur san áireamh i bhforbairt na straitéisí chun aghaidh a thabhairt ar Choireacht Eacnamaíoch agus Éilliú.


An comhairliúchán ar líne

Comhlánaigh an comhairliúchán ar líne anseo: an comhairliúchán ar líne. Tá gach freagra gan ainm.

Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leat roimh ré as do chuid aiseolais. Is féidir leat aiseolas a chur isteach go dtí am dúnta gnó Dé hAoine, 03 Samhain 2023 .


Céard a tharlóidh le d’iarratas ar chomhairliúchán?

Cuideoidh do chomhairliúchán le heolas a chur ar fáil don Chomhairle Chomhairleach le straitéis a cheapadh chun cuidiú le haghaidh a thabhairt ar choireacht eacnamaíoch agus éilliú. Beidh torthaí an tsuirbhé ar fáil go poiblí ag deireadh na tréimhse comhairliúcháin.

Tabhair ar aird go mbeidh freagraí ar an gcomhairliúchán faoi réir na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise.