English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí ar Uaireanta Oibre Solúbtha

  • Ó: An Roinn Dlí­ agus Cirt

  • Foilsithe: 14 Eanáir 2020
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 11 Nollaig 2019
  • Dúnadh na haighneachtaí: 31 Eanáir 2020
  • An t-eolas is déanaí: 5 Lúnasa 2021

Consultation is closed

Tá comhairliúchán poiblí á reáchtáil ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt an bheartais náisiúnta maidir le huaireanta oibre solúbtha.

Tabharfar aird sa bheartas sin ar na riachtanais atá ag teaghlaigh, ag daoine aonair, ag fostóirí agus ag an mórgheilleagar.


Cad atá i gceist le hUaireanta Oibre Solúbtha?

Is féidir le socruithe oibre solúbtha tacú le tuismitheoirí freagrachtaí cúraim agus freagrachtaí oibre a chothromú. Is féidir leo bheith ríthábhachtach freisin do dhaoine a thugann aire do dhaoine scothaosta nó do dhaoine faoi mhíchumas agus d’fhostaithe a bhfuil míchumas acu féin.

Is é a d’fhéadfadh a bheith i gceist le roghanna oibre solúbtha ná an fhéidearthacht a bheith ann an obair a thosú nó a chríochnú ag amanna difriúla, uaireanta comhbhrúite a chur isteach nó rochtain a fháil ar fhleisc-am, an cumas a bheith ann chun obair go cianda agus an ceart a bheith ann chun dícheangal lasmuigh d’uaireanta oibre. Áirítear leo freisin rochtain a bheith ann ar roghanna oibre páirtaimseartha nó roinnte.

An t-achar ar gá do dhaoine aonair é a thaisteal chuig a n-áit oibre agus an fháil agus an costas ar thithíocht, ar an iompar, ar chúram leanaí agus ar chúram daoine scothaosta, téann siad go léir i bhfeidhm ar an gcineál socruithe a lorgaíonn fostaithe.


Cé na nithe a bhfuilimid ag dul i mbun comhairliúcháin orthu?

Fostaithe

  • an dtairgeann d’fhostóir socruithe oibre solúbtha? Cé na socruithe atá ar fáil?
  • mar fhostaí, cén cineál socruithe oibre solúbtha a theastaíonn uait nó ba mhaith leat a fheiceáil i d’áit oibre?
  • i do thuairim, cé na socruithe oibre solúbtha ar cheart tús áite a thabhairt dóibh?
  • cé na gníomhartha a d’fhéadfadh an Rialtas a dhéanamh, dar leat, chun tú a chumasú roghanna oibre solúbtha a rochtain?
  • cé na gníomhartha ar cheart d’fhostóirí iad a thabhairt isteach, dar leat?

Fostóirí

  • mar fhostóir, cén cineál socruithe oibre solúbtha atá is oiriúnaí duit?
  • an dtairgeann tú socruithe oibre solúbtha do d’fhostaithe? Cé na roghanna a thairgeann tú?
  • an ann d’aon ghníomhartha a bhféadfadh an Rialtas iad a dhéanamh chun maolú a dhéanamh ar aon tionchar diúltach atá ag socruithe oibre solúbtha ort mar fhostóir?
  • an ann d’aon tacaí teicneolaíochta nua nó d’aon réitigh theicneolaíochta nua ar mhaith leat go ndéanfaí iniúchadh orthu nó go dtabharfaí isteach iad? Cén dóigh a rachadh siad sin i bhfeidhm go díreach ar do ghnólacht?

Ceardchumainn

  • cad é an seasamh reatha maidir le socruithe oibre solúbtha do do bhaill?
  • cé na gníomhartha ar mhaith leat go dtabharfadh an Rialtas isteach iad chun feabhas a chur ar an raon socruithe oibre solúbtha atá ar fáil do do bhaill?
  • cé na gníomhartha ar mhaith leat go dtabharfadh fostóirí isteach iad chun do bhaill a chumasú socruithe oibre solúbtha a rochtain?
  • an bhforchuirtear aon phionóis ar fhostaithe a bhaineann leas as socruithe oibre solúbtha?

Cén dóigh a n-úsáidfidh an Rialtas na freagraí?

Úsáidfimid na freagraí a gheofar chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • forbairt a dhéanamh ar bheartas náisiúnta maidir le huaireanta oibre solúbtha sa bhliain 2020
  • breithniú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil reachtaíocht nua ag teastáil
  • breithniú a dhéanamh ar cé acu a fhreastalaíonn nó nach bhfreastalaíonn na tacaí atá ann cheana ar na riachtanais atá ag gnólachtaí agus ag fostaithe agus ar cé acu atá nó nach bhfuil tacaí breise ag teastáil
  • féachaint ar an dóigh ar féidir an teicneolaíocht agus modhanna oibre a úsáid chun cabhrú le fostóirí agus le fostaithe socruithe oibre solúbtha a chur i bhfeidhm a fhreastalaíonn ar na riachtanais atá ag fostaithe agus ag gnólachtaí araon

Conas is féidir leat do thuairimí a chur in iúl

Is féidir leat do thuairimí a chur in iúl ar dhá bhealach

Cuir do thuairimí in iúl lom láithreach

Cliceáil ar an deilbhín thuas chun suirbhé gearr a dhéanamh ar Uaireanta Oibre Solúbtha.

Déan aighneacht i scríbhinn

Seol aighneacht i scríbhinn chuig flexibleworkingconsultation@justice.ie roimh an 31 Eanáir 2020.

I gcás go mbeidh aighneacht i scríbhinn á déanamh agat, moltar duit an doiciméad comhairliúcháin a léamh.

Comhairliúchán Poiblí ar Uaireanta Oibre Solúbtha
Tá an Rialtas ag lorg do thuairimí ar an mbeartas atá beartaithe aige maidir le huaireanta oibre solúbtha
Amharc amharc