Ag cosaint Sonraí Pearsanta sa Roinn Dlí agus Cirt
- Foilsithe: 18 Samhain 2019
- An t-eolas is déanaí: 6 Nollaig 2024
- Cosaint Sonraí
- Cad is sonraí pearsanta ann
- Rochtain a fháil ar do Shonraí Pearsanta
- Iarraidh ar Rochtain ó Ábhar Sonraí
Cosaint Sonraí
Tá an Roinn Dlí agus Cirt tiomanta do chearta agus príobháideacht gach duine aonair a chosaint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/67 An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí arna thabhairt tuilleadh éifeachta dó i gCuid 3 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018.
Cad is sonraí pearsanta ann
Under the General Data Protection Regulation (GDPR), personal data is defined as:
“any information relating to an identified or identifiable natural person (data subject)".
Faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, déantar sonraí pearsanta a mhíniú mar “aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (ábhar sonraí)”.
Déantar socrú leis an míniú sin maidir le raon leathan aitheantóirí pearsanta ar sonraí pearsanta iad, lena n-áirítear ainm, uimhir aitheantais (m.sh. uimhir phearsanta seirbhíse poiblí), sonraí suímh nó aitheantóir ar líne, agus cumhdaítear leis na sonraí leictreonacha, na sonraí de láimh agus na sonraí íomhá go léir a fhéadfar a theachtadh ar ríomhaire nó ar chomhaid de láimh.
Maidir le sonraí pearsanta, ceanglaítear mar a leanas leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí:
- go ndéanfar iad a phróiseáil ar bhealach atá dleathach, cothrom agus trédhearcach
- go ndéanfar iad a bhailiú chun críocha sonraithe, sainráite agus dlisteanacha agus nach ndéanfar iad a phróiseáil tuilleadh ar shlí atá ar neamhréir leis na críocha sin
- go mbeidh siad leordhóthanach, iomchuí agus teoranta dá mbeidh gá leis
- go mbeidh siad cruinn agus go gcoimeádfar suas chun dáta iad
- go ndéanfar iad a choinneáil i bhfoirm nach gceadófar léi na hábhair shonraí a shainaithint ach go ceann tréimhse nach faide ná mar is gá chun na gcríoch sin ar chucu a dhéanfar na sonraí pearsanta a phróiseáil; agus
- go ndéanfar iad a phróiseáil i slí lena n-áiritheofar slándáil chuí na sonraí.
Is féidir dul i dteagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí don Roinn ag dataprotectioncompliance@justice.ie.
Is ceart aon cheisteanna maidir le cosaint sonraí a bhaineann le sonraí pearsanta atá i seilbh na Roinne Dlí agus Cirt a dhíriú chuig an Oifig Tacaíochta agus Comhlíonta Cosanta Sonraí sa Roinn. Is féidir dul i dteagmháil leis an Oifig sin le ríomhphost chuig dataprotectioncompliance@justice.ie.
Rochtain a fháil ar do Shonraí Pearsanta
Ar na cearta a thugtar do ‘ábhair shonraí’ leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí tá an ceart chun cóip dá sonraí pearsanta atá á bpróiseáil ag an Roinn Dlí agus Cirt a fháil.
Chun go mbeidh an Roinn in ann na sonraí pearsanta a bheidh á lorg a shainaithint agus a aimsiú, is ceart duit ár bhFoirm Iarrata ar Rochtain ó Ábhar Sonraí a chomhlánú agus a chur ar ais chugainn, á chinntiú go dtugann tú mionsonraí, a mhéid is féidir, faoin gcaidreamh a bhí agat leis na hOifigí agus na Rannáin éagsúla atá againn, chomh maith le haon aitheantóirí sonracha (m.sh. aon seoltaí a bhí agat roimhe seo, dáta breithe, uimhir thagartha ó theagmháil roimhe sin leis an Roinn, etc.).
De bhreis air sin, ós rud é nach mór dúinn céannacht aon duine atá ag déanamh Iarrata ar Rochtain ó Ábhar Sonraí a fhíorú, beidh ort cineálacha sonracha aitheantais a thabhairt dúinn (tugtar mionsonraí san Fhoirm Iarrata ar Rochtain ó Ábhar Sonraí).
Tabharfar freagra ar an Iarraidh uait ar Rochtain ó Ábhar Sonraí laistigh de mhí amháin ón dáta a bhfaightear í nó, i gcás ina dtarlóidh deacracht le linn do chéannacht a fhíorú, laistigh de mhí amháin ó chéannacht a fhíorú.
Iarraidh ar Rochtain ó Ábhar Sonraí
Chun Iarraidh ar Rochtain ó Ábhar Sonraí a dhéanamh, comhlánaigh an fhoirm seo agus cuir ar ais le ríomhphost í chuig subjectaccessrequests@justice.ie nó, mar mhalairt air sin, leis an bpost chuig:
Data Protection Support and Compliance Office
- Seoladh:
- Department of Justice, 51 St Stephen’s Green, Dublin 2, D02 HK52, D02 HK52
- Ríomhphost: