An Beartas Gaeilge
- Foilsithe: 18 Samhain 2019
- An t-eolas is déanaí: 14 Iúil 2023
Acht na dTeangacha Oifigiúla
Is í príomhaidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 ná soláthar níos mó de sheirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil ón tseirbhís phoiblí ar chaighdeán níos airde.
Tá ar ranna Rialtais agus ar chomhlachtaí poiblí eile plean comhtháite comhaontaithe a ullmhú chun seirbhísí den chineál sin a sholáthar nuair a iarrann an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta orthu é sin a dhéanamh.
Tugtar scéimeanna ar na pleananna sin.
An Straitéis 20-Bliain don Ghaeilge
Tá cur chuige comhtháite don Ghaeilge leagtha amach sa Straitéis 20-Bliain don Ghaeilge, ina sonraítear 9 réimse gníomhaíochta.
Is iad sin:
- an t-oideachas
- an Ghaeltacht
- an teaghlach
- seirbhísí poiblí
- na meáin agus an teicneolaíocht
- foclóirí
- reachtaíocht
- an eacnamaíocht
- tionscnaimh tras-earnálacha.
Tá na gníomhartha iomchuí faoin Straitéis á gcur i bhfeidhm ag na páirtithe leasmhara éagsúla, lena n-áirítear an Roinn seo.
Tá an tuarascáil is deireanaí ar an dul chun cinn atá déanta faoin Straitéis ag an Roinn seo ar fáil anseo: Tuarascáil ar dhul chun cinn, 2010 - 2015
Ina theannta sin, tá plean forfheidhmithe na Roinne seo faoin Straitéis ar fáil thíos.
Plean Forfheidhmithe faoin Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030