Cairt an Chustaiméara
- Foilsithe: 18 Samhain 2019
- An t-eolas is déanaí: 20 Nollaig 2024
- An Roinn Dlí agus Cirt: Cairt Custaiméirí 2023-2025
- Cumarsáid
- Oifigeach Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas
An Roinn Dlí agus Cirt: Cairt Custaiméirí 2023-2025
Insítear duit sa Chairt Custaiméirí na leibhéil seirbhíse agus iompair ar féidir leat a bheith ag súil leo uainn.
Is féidir leat a bheith ag súil go ndéanfaimid an méid seo a leanas:
- An tseirbhís agus an chomhairle is fearr is féidir a thabhairt duit.
- Bheith cothrom, cairdiúil agus íogair.
- Caitheamh go cothrom le gach duine ar fud na naoi bhforas atá leagtha amach i ndlí an chomhionannais:
- inscne
- cine
- stádas pósta
- míchumas
- reiligiún
- aois
- gnéaschlaonadh
- stádas teaghlaigh
- duine de phobal an Lucht Siúil.
- Ár ndícheall freastal ar aon riachtanais speisialta a d'fhéadfadh a bheith agat.
Táimid ag súil go gcabhróidh tusa linn seirbhís mhaith a thabhairt trí:
- D'uimhir thagartha agus eolas ceart a bheith ar láimh agat agus tú ag caint linn nó ag tabhairt cuairte orainn
- Mheas a bheith agat ar ár bhfoireann
- Aiseolas a thabhairt dúinn chun cabhrú linn ár seirbhísí a fheabhsú
- Chur in iúl dúinn sula dtugann tú cuairt ar ár n-oifigí má tá aon riachtanais speisialta agat
Cumarsáid
Teileafón
- Is é an aidhm atá againn gach glao a fhreagairt go tapa.
- Tabharfaimid ár n-ainm agus ár n-áit oibre duit.
- Beimid béasach agus cabhrach, agus déanfaimid ár ndícheall eolas soiléir agus ceart a thabhairt duit.
Iompar maslach ar ghlaonna
Uaireanta bíonn custaiméirí trína chéile nó cantalach agus iad ag labhairt linn ar an bhfón agus d'fhéadfadh iompar maslach a bheith mar thoradh air seo. Má tharlaíonn sé seo, iarrfaimid ar an gcustaiméir stop a chur leis an iompar maslach ionas gur féidir linn leanúint leis an nglao. Má leanann an t-iompar maslach, iarrfaimid ar an gcustaiméir glaoch ar ais nuair a bheidh rudaí níos suaimhní agus cuirfimid deireadh leis an nglaoch.
Litreacha agus ríomhphoist
- Déanfaimid iarracht admháil a thabhairt go bhfuarthas gach litir agus ríomhphost laistigh de chúig lá oibre.
- Seolfaimid freagra deiridh chugat laistigh de 20 lá oibre. Mura féidir linn do cheist a fhreagairt le linn an ama seo, cuirfimid in iúl duit cén uair a bhféadfaidh tú a bheith ag súil le freagra deiridh.
- Cuirfimid uimhir thagartha inár ríomhphoist agus litreacha má bhaineann siad le do cheist.
- Tabharfaimid ár n-ainm agus ár sonraí teagmhála i ngach litir agus ríomhphost nuair is cuí.
- Scríobhfaimid ár ríomhphoist agus ár litreacha ar fad ar bhealach go mbeidh siad éasca le léamh agus le tuiscint.
Cuairteoirí pearsanta – má thagann tú chuig ceann dár n-oifigí
- Beannóimid go béasach duit.
- Beimid cothrom agus cabhrach agus déileálfaimid le d'fhiosrúchán chomh tapa agus is féidir linn.
- Cosnóimid do phríobháideachas.
- Déanfaimid cinnte go bhfuil ár n-oifigí inrochtana do chustaiméirí faoi mhíchumas. (Chabhródh sé linn dá bhféadfá insint dúinn cén cineál tacaíochtaí a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil uait sula dtagann tú.)
- Iarraimid ort coinne a dhéanamh ar dtús más gá duit labhairt le ball foirne ar leith. Cinntíonn sé seo go mbeidh siad ar fáil chun bualadh leat nuair a thagann tú ar cuairt.
Oifigeach Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas
Is é Séamus Callagy ár nOifigeach Rochtana agus tá sé freagrach as cúnamh a sholáthar, a eagrú agus a chomhordú do chustaiméirí faoi mhíchumas atá ag iarraidh rochtain a fháil ar ár seirbhísí.
Má tá tú faoi mhíchumas, déan teagmháil leis an Oifigeach Rochtana má tá imní ort faoi conas rochtain a fháil ar ár seirbhísí. Bheimis sásta d'aiseolas a fháil ar an méid atá ag obair go maith nó ar an áit a bhféadfaimis seirbhísí a fheabhsú chun iad a dhéanamh níos inrochtana.
- Ríomhphost: accessofficer@justice.ie
- Teileafón: 01 602 8202
Aiseolas
Cuirimid fáilte roimh d'aiseolas mar bhealach chun cabhrú linn ár seirbhísí a fheabhsú. Tá Grúpa Oibre maidir le Seirbhís do Chustaiméirí agus Foireann Léargais do Chustaiméirí againn a úsáidfidh d'aiseolas chun seirbhísí do chustaiméirí a fheabhsú. Is féidir leat difríocht a dhéanamh do dhaoine eile trí insint dúinn faoi d'eispéireas agus do thuairimí agus do mholtaí a thabhairt. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ag customerservices@justice.ie.
Gearáin
Tá nós imeachta gearán againn más mian leat gearán a dhéanamh faoin gcaighdeán seirbhíse atá curtha ar fáil againn. Tá an córas éasca le húsáid. Is féidir leat an gearán a dhéanamh ar líne nó is féidir leat cóip pháipéir den nós imeachta gearán a iarraidh ar an bhfoireann.
Seirbhísí i nGaeilge
Tá baill foirne againn ar fud na Roinne a bheidh sásta seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge. Más mian leat do ghnó a dhéanamh linn trí Ghaeilge, déanfaimid ár ndícheall a chinntiú go dtarlóidh sé sin.
Leagan Fuaime: An Roinn Dlí Agus Cirt: Cairt Custaiméirí Eatramhach
ISL