English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Faoin Roinn Dlí agus Cirt



Réamhrá

Gabhann freagracht ollmhór le misean na Roinne – bheith ag obair ar mhaithe le hÉirinn shábháilte, chothrom agus uilechuimsitheach – ach gabhann diongbháilteacht agus mórtas ollmhór leis, freisin, de bharr an chion a dhéanann ár n-eagraíocht chun sochaí chóir dhaonlathach a bhaint amach.

Tá an phríomhfhreagracht orainn as beartas poiblí i leith shlándáil an Stáit agus shábháilteacht an phobail, lena n-áirítear an choireacht a chosc agus a bhrath, an ceartas a riar, próisis inimirce agus cosanta idirnáisiúnta a bhainistiú, seirbhísí tábhachtacha rialála a sholáthar agus athchóiriú leanúnach a dhéanamh ar an dlí sibhialta agus coiriúil.

Tá an Roinn ailínithe faoi dhá cholún – Ceartas Sibhialta agus Ceartas Coiriúil – agus tá gach colún díobh faoi cheannas Leas-Rúnaí. Tá na feidhmeanna seo a leanas sa dá cholún: Rialachas, Reachtaíocht, agus Beartas. Tacaítear le hobair an dá cholún leis na feidhmeanna cumasúcháin seo a leanas – an fheidhm Chorparáideach, Gnóthaí Eorpacha, Athrú, Teicneolaíocht agus Nuálaíocht, agus Trédhearcacht.

Ina theannta sin, bainistíonn an fheidhm mhór Seachadta Seirbhíse Inimirce, atá suite i gcolún an Cheartais Shibhialta, seachadadh seirbhísí inimirce agus cosanta idirnáisiúnta don Roinn agus don Stát, agus bainistíonn an fheidhm Seachadta Seirbhíse Ceartais seachadadh seirbhísí túslíne neamh-inimirce – ar seirbhísí éifeachtúla, láidre agus custaiméir-láraithe iad – don Roinn.

Is féidir sonraí iomlána faoinár straitéis agus ár bpleananna gnó a fháil iRáiteas Straitéise na Roinne Dlí agus Cirt, 2021 go 2023 agus iPlean Gníomhaíochta na Roinne Dlí agus Cirt, 2021


Struchtúr

Tá mionsonraí faoi struchtúr agus sraitheanna bainistíochta na Roinne le fáil ar an gCairt Eagraíochta.


Pleanáil straitéiseach


Scoth Seirbhíse do Chustaiméirí


Rialachas Corparáideach


Rochtain ar fhaisnéis


Taighde & Anailísíocht Sonraí


Gairmeacha


Stair na Roinne


Ceisteanna Parlaiminteacha a bhaineann leis an Roinn


Téigh i dteagmháil linn