English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Gairmeacha sa Roinn Dlí agus Cirt



Réamhrá

Is é misean na Roinne Dlí agus Cirt oibriú le chéile chun slándáil an phobail agus an tslándáil náisiúnta a chur ar aghaidh, an ceartas agus an comhionannas a chur chun cinn, agus cearta an duine a chosaint.


Earcaíocht

Is gnách gurb í an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a sheolann aon earcaíocht a dhéanann an Roinn agus go ndéantar amhlaidh trí chomórtas oscailte.

Is í an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí an soláthraí láraithe seirbhísí earcaíochta, measúnaithe agus roghnúcháin don státseirbhís agus tá sí ar an bpríomhbhealach rochtana d’iarrthóirí ar spéis leo dul isteach sa tseirbhís phoiblí.

Is féidir tuilleadh faisnéise faoi aon phoist atá ar oscailt faoi láthair a fháil ar an suíomh gréasáin Public Jobs .

Sheol an PAS freisin tairseach faisnéise tiomnaithe do chéimithe atá ag lorg eolais faoi dheiseanna gairme sa tSeirbhís Phoiblí.

Déanann an tSeirbhís Chúirteanna, an Bord um Chúnamh Dlíthiúil, Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána, an Garda Síochána agus an tÚdarás Clárúcháin Maoine a gcuidsean earcaíochta tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, freisin.

Earcaíocht Sheachtrach

Ó thráth go chéile bainimid leas as gníomhaireachtaí seachtracha earcaíochta, agus nuair a tharlaíonn sé sin, féadfaidh sé go ndéanfaimid an fógra a liostáil thíos:

Tá an Rannán Seirbhísí Comhroinnte Airgeadais ag fostú:

Cuntasóir, Grád II, do Chiarraí agus do Bhaile Átha Cliath

Dáta Deiridh - 3pm, Dé Luain, 31ú Iúil, 2023


Soghluaisteacht as Státseirbhís

Tugtar gealltanas sa Phlean Athnuachana don Státseirbhís deiseanna gairme agus soghluaisteachta a mhéadú do bhaill foirne thar theorainneacha geografacha, eagraíochta agus earnála.

I gcomhréir leis an ngealltanas sin, seoladh Scéim nua um Shoghluaisteacht sa Státseirbhís i mí na Samhna, 2017. Leis an Scéim sin, cuirtear ar chumas na mball foirne buan uile ag gráid ghinearálta Oifigigh Cléireachais agus Oifigigh Feidhmiúcháin sa Státseirbhís iarratas a dhéanamh ar shoghluaisteacht.

Cumhdaítear sa chéim shoghluaisteachta seo aistrithe idir agus laistigh de 46 crios.


Tuilleadh faisnéise

I gcás ceisteanna sonracha, déan teagmháil le: