English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Oifigeach Seirbhísí, sa Roinn Dlí agus Cirt

Tá deiseanna anois ann do dhaoine atá cuícháilithe agus tiomanta le dul i mbun an róil (na ról), Oifigeach Seirbhísí, sa Roinn Dlí agus Cirt. Cuirfear iarratasóirí a n-éiríonn leo ar phainéal, in ord fiúntais. Beidh an painéal i bhfeidhm ar feadh tréimhse suas go dtí 2 bhliain.

Beidh na folúntais don Oifigeach Seirbhísí a bheidh le líonadh ón bpainéal lonnaithe in áiteanna éagsúla i mBaile Átha Cliath 1 agus 2.

Cuirfear na hiarrthóirí a n-éireoidh leo ar phainéal, in ord fiúntais agus, de réir mar a thiocfaidh folúntais chun cinn, tairgfear post in ord fiúntais.

Féadfar folúntais atá an-chosúil leis na folúntais seo a thiocfaidh chun cinn i réimse eile sa Státseirbhís a líonadh ón bpainéal atá bunaithe mar thoradh ar an gcomórtas seo.

Cáilíochtaí Riachtanacha agus Riachtanais Phearsanta:

  • De bharr chineál na hoibre atá i gceist, ní mór don iarrthóir a bheith ábalta obair fhisiciúil a dhéanamh
  • Ní mór scileanna maithe idirphearsanta a bheith ag iarrthóirí agus go mbeidís in ann déileáil le cliaint
  • Ní mór d’iarrthóirí a bheith in ann cumarsáid a dhéanamh go soiléir agus go líofa i mBéarla sa scríobh agus ó bhéal araon.