English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Phríomhoifigeach Promhaidh Cúnta leis an tSeirbhís Phromhaidh

Tá an deiseanna ann anois do dhuine atá cáilithe agus tiomanta go cuí tabhairt faoin ról mar Phríomhoifigeach Promhaidh Cúnta leis an tSeirbhís Phromhaidh.

Is gníomhaireacht í an tSeirbhís Phromhaidh den Roinn Dlí agus Cirt agus is seirbhís náisiúnta í, a bhfuil sainchúram uirthi cur le pobail níos sábháilte agus níos lú íospartach trí athshlánú ciontóirí. Baintear sin amach trí mheasúnú agus bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar chiontóirí, dúshlán a thabhairt d’iompar ciontaithe agus comhtháthú iar-chiontóirí a éascú.

Oibríonn an tSeirbhís Phromhaidh chun Éire atá níos sábháilte agus níos córa a bhaint amach trí na nithe seo a leanas:

  • A chinntiú go bhfuil orduithe Cúirte forfheidhmithe;
  • An baol dochar a dhéanamh don phobal a laghdú;
  • An seans go dtarlóidh athchiontú a laghdú;
  • An dochar atá déanta ag an gcoir a chur ina cheart arís (cúiteamh agus ceartas aisiríoch).

Seachadann an tSeirbhís Phromhaidh seirbhísí chun sochaí níos sábháilte a chruthú trí chiontóirí a mheas agus a bhainistiú ina bpobail féin. Is é an ról atá ag an tSeirbhís sa chomhthéacs seo ná:

  • Oibriú le pobail agus le comharsanachtaí chun ciontóirí a bhainistiú chun iompar ciontach a laghdú;
  • Dúshlán a thabhairt don iompar ciontach;
  • Comhtháthú iar-chiontóirí sa tsochaí a éascú le nach ndéanfaidh siad cion arís;
  • Bainistíocht a dhéanamh trí chomhpháirtíochtaí éifeachtacha le ciontóirí agus na daoine sin atá i mbaol dochar a dhéanamh.

Cuireann an tSeirbhís maoirseacht phromhaidh, seirbhís pobail, filleadh ar an bpobal, cláir iompair chiontaigh agus sainseirbhísí tacaíochta ar fáil do chiontóirí fásta agus óga. Cuireann sí Seirbhís Phromhaidh ar fáil chomh maith do phríosúin agus ionaid ghabhála chun ciontóirí a athshlánú agus athchomhtháthú príosúnach a éascú. Tá an tSeirbhís freagrach as maoirseacht a dhéanamh gach bliain ar 16,000 ciontóir sa phobal go náisiúnta.

Eagraítear seachadadh seirbhíse ag baint úsáid as struchtúr náisiúnta agus réigiúnach. Faoi láthair tá 10 réigiún oibríochta ann, gach ceann acu faoi stiúir Príomhoifigeach Promhaidh Cúnta (Bainisteoir Réigiúnach), atá ag tuairisciú do Leas-Stiúrthóir (Oibríochtaí).

Tá an Príomhoifigeach Promhaidh Cúnta ina bhall den fhoireann ardbhainistíochta. Beidh sé/sí i gceannas ar oibriú agus ar bhainistiú na Seirbhíse Promhaidh ó lá go lá, lena n-áirítear seirbhísí gairmiúla, sa réigiún oibríochtúil sannta agus beidh sé/sí freagrach as an méid sin. Cuirfidh an Príomhoifigeach Promhaidh Cúnta straitéisí agus pleananna i bhfeidhm a uasmhéadaíonn cáilíocht, comhsheasmhacht agus éifeachtúlacht.

Tá tuilleadh eolais faoi na róil le fáil i leabhrán an chomórtais.

Leabhrán Faisnéise: Príomhoifigeach Promhaidh Cúnta sa tSeirbhís Phromhaidh
Leabhrán Faisnéise: Príomhoifigeach Promhaidh Cúnta sa tSeirbhís Phromhaidh
Amharc amharc

Cáilíochtaí & Riachtanais Bhunriachtanacha

Ní mór d’iarrthóirí, ar an spriocdháta nó roimhe sin:

  • Cáilíocht Leibhéal 8 ar a laghad ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí san Eolaíocht Shóisialta le comhpháirt beartais shóisialta a éascaíonn iontráil i gclár oibre sóisialta arna fhormheas ag Bord Clárúcháin na nOibrithe Sóisialta (CORU)
  • Taithí ábhartha dhá bhliain ar a laghad ar bhainistíocht oibríochtúil i suíomh promhaidh nó oibre sóisialta.
  • Scileanna láidre ceannaireachta a bhfuil teist orthu chun foirne trasfheidhmiúla a spreagadh;
  • Cumas láidir anailíseach agus réitithe fadhbanna;
  • Scileanna cumarsáide agus idirphearsanta den scoth;
  • Ball foirne láidir agus atá ábalta daoine a spreagadh ag gach leibhéal;
  • Tiomanta do luach agus rannchuidiú smachtbhannaí pobail mar dhlúthchuid den chóras ceartais choiriúil;
  • Eolas mór agus fairsing a bheith acu ar an gcóras ceartais choiriúil, go háirithe saincheisteanna a bhaineann le cleachtas promhaidh comhaimseartha agus le bainistiú ciontóirí;
  • Duine díograiseach, féin-spreagtha agus tiomanta d’fhorbairt ghairmiúil.

Riachtanais Inmhianaithe

Tá sé inmhianaithe go mbeadh na nithe seo a leanas ag iarrthóirí ar an dáta a dhéantar an t-iarratas:

  • Cáilíocht ghairmiúil in obair shóisialta, aitheanta ag CORU.
  • Taithí ar thionscnaimh dearbhaithe cáilíochta agus/nó bainistíochta athruithe a stiúradh

Iarrtar ar iarratasóirí foirm iarratais a chur isteach don phost seo. Tá an fhoirm ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le competitions@justice.ie

Ba cheart iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh chuig competitions@justice.ie leis an gceannteideal ábhair: Príomhoifigeach Promhaidh Cúnta

Is é 3.00pm an 29/04/2025 an spriocdháta d'iarratais