English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Ár nAirí

Is í Eiléana Nic an tSaoi, T.D., atá ina hAire Dlí agus Cirt. Ceapadh sa ról sin í i Meitheamh 2020.

Toghadh Eiléana go Dáil Éireann i bhfothoghchán i Márta 2013, agus atoghadh í in olltoghchán Fheabhra 2016. Cheap an Taoiseach Éanna Ó Cionnaith, T.D., í le bheith ina hAire le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta sa Roinn Sláinte i mBealtaine 2016 mar chuid den Rialtas Comhpháirtíochta nua.

I Meitheamh 2017, mar chuid d’atheagar rialtais leis an Taoiseach nua-cheaptha, Leo Varadkar T.D., tugadh ardú ceime don Aire Nic an tSaoi do phost an Aire Stáit le freagracht as Gnóthaí an Aontais Eorpaigh.

D’fhóin sí roimhe sin ar an gCoiste Oireachtais um Iompar agus Cumarsáid, agus bhí sí ina ball den Choiste Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus an Ghaeltacht freisin