Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus an Caighdeán Oifigiúil
- Foilsithe: 24 Márta 2023
- An t-eolas is déanaí: 17 Iúil 2023
- Acht na dTeangacha Oifigiúla
- An Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030
- An Caighdeán Oifigiúil
Tá ábhar a bhaineann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, agus leis an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge, 2010 – 2030, le fáil thíos.
Acht na dTeangacha Oifigiúla
Is í príomhaidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ná soláthar níos mó de sheirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil ón tseirbhís phoiblí ar chaighdeán níos airde. Tá ar ranna Rialtais agus ar chomhlachtaí poiblí eile plean comhtháite comhaontaithe a ullmhú chun a leithéidí de sheirbhísí a sholáthar nuair a iarrann an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta orthu é sin a dhéanamh.
Tugtar scéimeanna ar na pleananna sin. Cuireadh tús le Scéim Thionscnaimh Ghaeilge na Roinne seo an 30 Meitheamh, 2006.
Sa roinn seo, faigh amach faoi na nithe seo a leanas:
Aighneachtaí á Lorg – Dréachtscéim Ghaeilge á hUllmhú
An Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030
Tá cur chuige comhtháite don Ghaeilge leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ina bhfuil 9 réimse gnímh luaite, is iad sin an t-oideachas, an Ghaeltacht, an teaghlach, seirbhísí poiblí, na meáin agus an teicneolaíocht, foclóirí, reachtaíocht, an eacnamaíocht agus tionscnaimh leathana. Tá na gníomhartha ábhartha faoin Straitéis á gcur i bhfeidhm ag na páirtithe leasmhara éagsúla, lena n-áirítear an Roinn seo.
Tá an tuarascáil is deireanaí ar an dul chun cinn atá déanta faoin Straitéis ag an Roinn seo ar fáil anseo: Tuarascáil ar dhul chun cinn, 2010 - 2015.
Ina theannta sin, tá plean forfheidhmithe na Roinne seo faoin Straitéis ar fáil anseo.
An Caighdeán Oifigiúil
Tugtar anseo an aighneacht ar an gCaighdeán Oifigiúil a rinne Aistritheoir na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais, thar ceann an Aire, i nDeireadh Fómhair 2014, ar Ard-Rúnaí Cúnta agus Cléireach na Dála, Seirbhís Thithe an Oireachtais, dá iarraidh ar Ard-Rúnaí na Roinne aon aighneacht a bheadh ag an Aire maidir leis an athbhreithniú ar an gCaighdeán sin a chur ar aghaidh go dtí Rannóg an Aistriúcháin i Seirbhís Thithe an Oireachtais.
Tógadh go luath sa bhliain 2016 ar an ábhar a bhí in Aguisín 8 agus Aguisín 9 a ghabh leis an aighneacht sin sa Staidéar seo ar an Séimhiú a rinne Aistritheoir na Roinne.