English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An Inimirce


Taisteal laistigh den Chomhlimistéar Taistil

Faoin gComhlimistéar Taistil, gluaiseann saoránaigh Éireannacha agus saoránaigh Bhriotanacha go saor i gceachtar dlínse, cónaíonn siad i gceachtar dlínse agus baineann siad leas as na cearta agus na teidlíochtaí a bhaineann leis sin, lena n-áirítear rochtain ar fhostaíocht, ar chúram sláinte, ar oideachas, ar shochair shóisialacha agus ar an gceart chun vótáil i dtoghcháin áirithe.

Bhí an Comhlimistéar Taistil ann sula raibh an Ríocht Aontaithe ina ball den Aontas Eorpach agus níl sé ag brath ar an Ríocht Aontaithe a bheith ina ball de. Tá Meabhrán Tuisceana sínithe ag Rialtas na hÉireann agus ag Rialtas na Ríochta Aontaithe, á athdhearbhú go bhfuil siad tiomanta don Chomhlimistéar Taistil a choinneáil ar bun, beag beann ar na himthosca. Ar dháta an tsínithe, d’eisigh an dá Rialtas Ráiteas Comhpháirteach faoin gComhlimistéar Taistil freisin.

An Toradh atá air sin

Faoi mar atá amhlaidh i láthair na huaire, leanfaidh an teorainn talún idir Éire agus Tuaisceart Éireann de bheith saor ó aon rialuithe córasacha inimirce.

Ní gá do Shaoránaigh Éireannacha ná do Shaoránaigh Bhriotanacha dul i mbun aon ghnímh chun a gceart chun cónaí sa Chomhlimistéar Taistil, agus chun gluaiseacht go saor laistigh de, a chosaint.

Ní bheidh aon athrú ar stádas na saoránach Briotanach in Éirinn. Ní bheidh víosa ná aon chineál réamhcheada ag teastáil ó shaoránaigh Bhriotanacha chun taisteal go hÉirinn, agus ní bheidh aon chineál ceada cónaithe nó ceada fostaíochta ag teastáil uathu ach oiread. Leanfaidh siad de leas a bhaint as an gceart céanna atá acu faoi láthair chun cónaí, chun bheith ag obair, chun dul i mbun staidéir, chun rochtain a fháil ar sheirbhísí agus chun vótáil i dtoghcháin áirithe.

Tar éis don Ríocht Aontaithe imeacht as an Aontas Eorpach ar an 31 Eanáir 2020, is féidir le saoránaigh Éireannacha sa Ríocht Aontaithe agus saoránaigh Bhriotanacha in Éirinn araon leas a bhaint as na cearta sin fós. Tríd an Meabhrán Tuisceana, ghabh an dá Rialtas orthu féin tabhairt faoin obair ar fad is gá chun a chinntiú go gcosnófaí cearta agus pribhléidí comhaontaithe an Chomhlimistéir Taistil, lena n-áirítear trí shocrú reachtach a dhéanamh.

Tugadh aitheantas don Chomhlimistéar Taistil i gcaitheamh na hidirbheartaíochta idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe agus tá comhaontú sa Phrótacal maidir le hÉirinn agus Tuaisceart Éireann, atá ina chuid dhílis den Chomhaontú um Tharraingt Siar ar imigh an Ríocht Aontaithe as an Aontas Eorpach an 31 Eanáir 2020 ar a bhonn, go bhféadfaidh Éire agus an Ríocht Aontaithe leanúint de shocruithe a dhéanamh eatarthu féin maidir le gluaiseacht daoine idir a gcríocha.

Náisiúnaigh nach náisiúnaigh den Aontas Eorpach/den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch iad

Tá socruithe curtha i bhfeidhm ag Rialtas na hÉireann do na daoine sin ar as tír lasmuigh den Aontas Eorpach dóibh (neamh-LEE) agus atá ina mball teaghlaigh náisiúnaigh, nó ina gcleithiúnaí ar náisiúnach, den Ríocht Aontaithe ag a raibh Cárta bailí Ceada Cónaithe Éireannaigh amhail ar an 31 Nollaig 2020.

Tugadh scéim nua isteach do náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe a thagann go hÉirinn tar éis 11.01pm ar an 31 Nollaig 2020 agus ar mian leo a mbaill teaghlaigh nach náisiúnaigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch iad a thabhairt leo. Tá mionsonraí le fáil ar shuíomh gréasáin Sheachadadh Seirbhíse Inimirce.