English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Coiste Comhairleach an Chomhairliúcháin Cróinéara

Cuirfear tús le clár athchóirithe in 2023 chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna aitheanta agus athrú nuálach a chur chun cinn ar fud na Seirbhíse Cróinéirí.

Mar chuid den phróiseas sin, reáchtálfar comhairliúchán poiblí ar an athchóiriú ar an tSeirbhís Cróinéirí níos deireanaí i mbliana. Lorgófar tuairimí daoine sa chomhairliúchán maidir le roinnt gnéithe den tseirbhís cróinéireachta, lena n-áirítear struchtúr na seirbhíse agus na príomhsheirbhísí coimhdeacha amhail paiteolaíocht agus rannpháirtíocht cliant/úsáideoirí.

Beidh an próiseas comhairliúcháin phoiblí ríthábhachtach chun an chaoi a bhfeidhmeoidh an tSeirbhís Cróinéirí amach anseo a aithint.

Ról an Choiste Chomhairligh

Tá Coiste Comhairleach bunaithe ag an Roinn Dlí agus Cirt chun tacú leis an bpróiseas comhairliúcháin.

Ar na comhaltaí a bheidh ar an gcoiste, beidh ionadaithe ón Roinn Dlí agus Cirt, ó Chumann Cróinéirí na hÉireann, ón Roinn Sláinte, ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, ón nGarda Síochána, ó Oifig an Phaiteolaí Stáit, ó Choláiste Ríoga na Lianna - Dámh na Paiteolaíochta, agus ó shaineolaí neamhspleách.

Is é an ról a bheidh ag an gcoiste ná:

  • Tuairimí agus comhairle a thabhairt maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin.
  • Comhairle a thabhairt ar dhréacht-thograí athchóirithe i ndiaidh aighneachtaí chuig an gcomhairliúchán a fháil.

Tá an Roinn Dlí agus Cirt ag lorg léirithe spéise ó dhaoine den phobal a bhfuil taithí acu ar an tseirbhís cróinéireachta agus ar mhaith leo a bheith ar an gCoiste Comhairleach.

Tá sé beartaithe go gcasfar an coiste ar a chéile ceithre huaire le linn an phróisis comhairliúcháin agus beidh an chéad chruinniú ar siúl ag tús Mheán Fómhair.

Más maith leat a bheith san áireamh, seol ríomhphost chuig csitmail@justice.ie , ina leagtar amach go hachomair an chaoi a raibh teagmháil agat leis an tSeirbhís Cróinéirí san am atá thart agus na cúiseanna ar mhaith leat a bheith ar an gCoiste Comhairleach.

Is é Dé hAoine, an 11 Meán Fómhair ag 5pm an dáta deiridh a nglacfar le léirithe spéise. Ní dhéanfar iarratais dhéanacha a mheas.

Nótaí d’iarratasóirí

  • Táthar ag súil go mbeidh an chéad chruinniú den Choiste Comhairleach ar siúl sa tseachtain dar tús an 24 Meán Fómhair 2023. Beidh ar rannpháirtithe a bheith ar fáil le linn an ama sin.
  • Tá sé beartaithe go mbeidh an chéad chruinniú ar siúl ar an láthair i mBaile Átha Cliath. D’fhéadfaí cruinnithe as sin amach a reáchtáil ar an láthair nó ar líne.
  • Déanfar comhréitigh réasúnta do dhaoine a bhfuil cúnamh ag teastáil uathu nó nach bhfuil in ann freastal ar chruinnithe ar an láthair.
  • Is de do thoil féin atá sé páirt a ghlacadh sa Choiste Comhairleach agus ní dhéanfar costais chothaithe / taistil a chúiteamh le rannpháirtithe. Beidh soláistí beaga ar fáil do na daoine sin a bheidh ag freastal ar na cruinnithe ar an láthair.