English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Gairm ar Léirithe Spéise le haghaidh ceapacháin chuig an mBinse Achomhairc do Sholáthraithe Seirbhíse Iontaobhais nó Cuideachta

Tá an tAire Dlí agus Cirt ag iarraidh Léirithe Spéise ó dhaoine incháilithe lena mbreithniú le haghaidh ceapachán chuig ceann amháin de thrí phost – Cathaoirleach amháin agus beirt Ghnáthchomhaltaí – ar an mBinse Achomhairc do Sholáthraithe Seirbhíse Iontaobhais nó Cuideachta atá le bunú faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta) (Leasú), 2021.

Féadfaidh iarratasóirí incháilithe iarratas a dhéanamh ar an bpost mar Chathaoirleach, ar an bpost mar Ghnáthchomhalta nó ar an dá phost díobh. Ní foláir d’iarratasóirí a bheith ina n-abhcóide cleachtach nó ina n-aturnae cleachtach agus a bheith amhlaidh ar feadh thréimhse an cheapacháin agus ní foláir dóibh taithí deich mbliana ar a laghad ar chleachtadh tar éis a gcéim a bhaint amach a bheith acu tráth an iarratais.

Ba cheart léirithe spéise a chur isteach le ríomhphost chuig TCSPAppeals@justice.ie faoi 5pm Dé hAoine an 25 Deireadh Fómhair 2024.

Tá mionsonraí iomlána ar fáil sa doiciméad thíos:

Appointments to the Trust or Company Service Provider Appeal Tribunal - EoI Booklet
Amharc amharc