Glao ar Mhaoiniú d'Íospartaigh na Coireachta 2024
- Foilsithe: 1 Meán Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 21 Meán Fómhair 2023
Tá an Roinn Dlí agus Cirt ag lorg iarratais ar mhaoiniú ó eagraíochtaí nua agus reatha a thacaíonn le hÍospartaigh na Coireachta.
Cuireann an Roinn Dlí agus Cirt tacaíocht ar fáil gach bliain d'eagraíochtaí a oibríonn i réimse Íospartaigh na Coireachta ("VOC") lena n-áirítear tacaíocht, faisnéis agus comhairle a sholáthar maidir le cearta íospartach, tionlacan cúirte agus seirbhísí tacaíochta agus comhairle eile.
Faoi ghlao 2024 ar mhaoiniú, féadfar iarratais ó eagraíochtaí ábhartha a dhéanamh freisin chun
• Na hamanna feithimh do riachtanais tacaíochta íospartaigh na coireachta a laghdú agus línte cabhrach d'íospartaigh na coireachta a leathnú.
- Freastal ar an éileamh méadaithe ar sheirbhísí tar éis fheachtais ardaithe feasachta Íospartaigh na Coireachta agus Foréigean Baile, Gnéasach agus Inscnebhunaithe (FBGI).
- Cead a thabhairt do sheirbhísí tosaigh neamhrialtasacha pleananna leathnaithe a fhorbairt do chontaetha eile, síneadh go contaetha eile agus seirbhísí éigeandála breise a cheadú.
- Seirbhís tionlacain a leathnú i bhfianaise líon na n-íospartach atá ag dul i méid agus leordhóthanacht an tsoláthair tacaíochta atá speisialaithe agus leanúnach a chinntiú, tacú le hobair for-rochtana le híospartaigh na gáinneála agus tacú leo siúd ar mian leo éirí as an striapachas.
- Seirbhísí tosaigh NGO a cheadú chun feachtais earcaíochta a reáchtáil d'oibrithe deonacha.
- Cabhrú le gach finné leochaileach an córas ceartais choiriúil a leanúint ó thaobh áiseanna, tacaíochtaí, faisnéise agus oiliúna de.
Glao ar iarratais
Tá iarratais ar mhaoiniú do 2024 á lorg ó eagraíochtaí nua agus reatha atá ag obair le hÍospartaigh na Coireachta.
Féadfaidh eagraíochtaí aonair, nó cuibhreannas a bhfuil dhá eagraíocht nó níos mó páirteach ann, iarratais a chur isteach i gcás gur eagraíocht phobail, fiontar sóisialta neamhbhrabúis, an príomhpháirtí.
Doiciméid
Ní mór Foirmeacha Iarratais Comhlánaithe a sheoladh ar ais chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas tráth nach déanaí ná 5pm Dé Luain an 2 Deireadh Fómhair, 2023.
Victims of Crime Funding
- Seoladh:
- 7 Ely Place, D02 TW98
- Ríomhphost:
- Achoimre:
- Contact details related to funding applications from support groups that support Victims of Crime