English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Roghanna Taistil níos Cliste chun cuairt a thabhairt orainn



Ag tabhairt cuairt ar ár n-oifig?

Tá Ceanncheathrú na Roinne Dlí agus Cirt i 51 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath, D02 HK52. Aimsigh anseo anseo sinn ar Google Maps.


Ar an Rothar

  • Tá go leor seastán rothar ar Fhaiche Stiabhna, ar Shráid Hume, ar Shráid Mhuirfean, ar Ardán Phort an Iarla agus i gCearnóg Mhuirfean. Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar Smart Dublin.
  • Níl ach siúl gearr ónár bhfoirgneamh go dtí stáisiúin éagsúla de chuid NOW dublinbikes. Orthusan tá cinn ar Fhaiche Stiabhna (siúl nóiméid amháin), ar Ardán Phort an Iarla (siúl 5 nóiméad), i gCearnóg Mhic Liam (siúl 9 nóiméad) agus ar Shráid Eabhrac (siúl 9 nóiméad). Tabhair cuairt ar Léarscáil DublinBikes.ie anseo Léarscáil DublinBikes.ie anseo le haghaidh tuilleadh eolais.

Ar an mBus

  • Tá rochtain réidh ann ar bhusanna a stopann ar Fhaiche Stiabhna, ar Ardán Phort an Iarla, ar Shráid Chill Dara agus ar Shráid Dhásain.
  • Níl an stad is gaire dúinn ach méadair ón mbealach isteach tosaigh, le bealaí 7B, 7D, 11, 37, 40, 46A, 145 agus 155 ag freastal ar an stad sin.
  • Pleanáil do thuras ag Bus Átha Cliath Bus Átha Cliath.

Ar Thram

  • Siúl 8 nóiméad ó stad Fhaiche Stiabhna (an Líne Ghlas).
  • Tabhair cuairt ar Luas le haghaidh tuilleadh eolais Luas.

Ar an Traein

  • Siúl 13 nóiméad, a bheag nó a mhór, ó Stáisiún Shráid an Phiarsaigh.
  • Pleanáil do thuras ag Iarnród Éireann Iarnród Éireann.

I dTacsaí

Siúl 7 nóiméad ón stad tacsaithe is gaire ar Fhaiche Stiabhna, lasmuigh de shiopa caife Insomnia.

Bain úsáid as Eolas faoi Tháillí Tacsaí agus Meastóir Táillí Tacsaí TFI chun do chuairt ar ár n-oifig a phleanáil.