Slándáil
- Foilsithe: 24 Márta 2023
- An t-eolas is déanaí: 24 Márta 2023
Ról an rannáin Choireachta agus Shlándála
Is é ról an Rannáin Choireachta agus Slándála sa Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais treorú comhordaithe maidir le beartais a sholáthar chomh maith le creataí comhordaithe dlí chun an choireacht a laghdú agus a chosc, chun dul i ngleic le hathchoireacht agus pobail níos sábháilte a fhorbairt.
Treoraítear obair le dul i ngleic leis an gcoireacht trí anailís ar threochtaí coireachta agus áireofar na nithe seo a leanas:
- bearta chun an baol, go mbeidh duine i mbun coireachta, a laghdú in éineacht le tionscnaimh chun an choireacht a chosc;
- póilíneacht éifeachtach atá bunaithe ar an gcomhpháirtíocht idir pobail, An Garda Síochána, údaráis phoiblí agus gníomhaireachtaí eile;
- bearta chun seasamh na n-íospairteach agus a gcuid riachtanas a fheabhsú;
- freagairtí ó ghníomhaireachtaí, a oibríonn i gcomhar le chéile, ar chineálacha casta coireachta – an choireacht eagraithe, gáinneáil, smuigleáil, cibearchoireacht agus coireacht an bhóna bháin;
- raon smachtbhannaí coiriúla a fheidhmiú chun éascú le laghdú ar choireacht agus leis an gcosaint phoiblí a éascú.
Tá a shainchúram leathan agus clúdaítear na nithe seo a leanas:
- Pléascáin/Piriteicnic
- Arm Tine
- Slándáil Phríobháideach
- Sceimhlitheoireacht
Tuilleadh eolais
Chun níos mó a fháil amach, tabhair cuairt ar an leagan Béarla dár suíomh gréasáin – táimid ag obair ar an leagan Gaeilge faoi láthair.