English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Feachtas earcaithe Gardaí á sheoladh ar an 6 Feabhra

D’fhógair an tAire Dlí agus Cirt, Séamus Ó Ceallacháin TD, feachtas earcaithe Gardaí 2025 inniu. Osclófar an feachtas i gcomhair iarratas ar an 6 Feabhra agus mairfidh sé go ceann 3 seachtaine.

Le soláthar de níos mó ná €2.48 billiún i mBuiséad 2025 tacófar le hearcú comhaltaí nua agus ball foirne nua den Gharda Síochána agus Gardaí Cúltaca nua. Tugtar gealltanas, freisin, sa Chlár Rialtais go gcuirfear maoiniú ar fáil chun 5,000 Garda nua, ar a laghad, a earcú i gcaitheamh na gcúig bliana atá le teacht.

Dúirt an tAire Ó Ceallacháin:

“Tá ríméad orm gur ceapadh i m’Aire Dlí agus Cirt mé. Tosaíocht ar leith atá agam – agus bunsprioc inghnóthaithe inár gClár Rialtais – ná cur le méid an Gharda Síochána, ionas gur féidir linn níos mó Gardaí a chur ar an talamh inár bpobail.

“Osclófar an feachtas earcaíochta nua seo ar an 6 Feabhra agus beifear ag glacadh le hiarratais go ceann trí seachtaine. Mar a deirtear sa líne lipéid, ‘is jab é ar fiú é a dhéanamh’, agus tá súil agam go smaoineoidh a oiread daoine agus is féidir ar na deiseanna a thugtar le gairm sa Gharda Síochána, agus go smaoineoidh siad ar iarratas a dhéanamh.”

Sa Chlár Rialtais leagtar amach roinnt beart atá ceaptha an Garda Síochána a neartú, cur le hacmhainní na heagraíochta, agus tacaíocht a nua-chóiriú chun dul i ngleic leis an gcoireacht. Áirítear sna bearta sin athchóiriú a dhéanamh ar phróisis earcaithe agus oiliúna Gardaí chun an acmhainn a mhéadú; scrúdú a dhéanamh ar chlár iontrála luathaithe do chéimithe a thabhairt isteach sa Gharda Síochána; agus Plean Caipitil nua don Gharda Síochána a chur i ngníomh chun stáisiúin Ghardaí nua-aimseartha dhea-fheistithe a sholáthar ar fud na tíre.

Is ceart d’iarrthóirí ionchasacha cuntas a chlárú ar an Suíomh Gréasáin Earcaíochta don tSeirbhís Phoiblí mar a mbeidh siad ábalta ansin iarratas a dhéanamh nuair a bheidh an feachtas beo ar an 6 Feabhra.