English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Séamus Ó Ceallacháin ceaptha ina Aire Dlí agus Cirt

Fáiltíonn an Roinn roimh Shéamus Ó Ceallacháin, atá ceaptha ina Aire Dlí agus Cirt.

Tá an tAire Ó Ceallacháin ina Theachta Dála tofa do dháilcheantar Chuan Bhaile Átha Cliath Theas ón mbliain 2016 i leith. Tá céimeanna sa Dlí ag an Aire Ó Ceallacháin ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus ó Ollscoil Cambridge agus ó Óstaí an Rí. Bhí sé ina chomhalta de Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ón mbliain 2009 go dtí an bhliain 2016.

Ba é an tAire Ó Ceallacháin urlabhraí Fhianna Fáil um Dhlí agus Ceart ar feadh théarma na Dála roimhe seo.

Ceapfar Airí Stáit sna laethanta beaga atá le teacht, faoi réir tuilleadh breithnithe ag an Rialtas.

Guímid gach rath ar an Aire Ó Ceallacháin ina ról nua chun cabhrú leis an Roinn seo leanúint ar aghaidh ag obair chun an fhís atá againn a bhaint amach, is é sin, Éire atá sábháilte, cothrom agus uilechuimsitheach.