Tá méadú tagtha ar na pianbhreitheanna a fhorchuirtear i leith na coireachta scine
- Foilsithe: 30 Meán Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Shínigh Eiléana Nic an tSaoi, an tAire Dlí agus Cirt, Ordú um Thosach Feidhme faoin Acht um Chúirteanna, an Dlí Sibhialta, an Dlí Coiriúil agus Aoisliúntas (Forálacha Ilghnéitheacha), 2024, chun na pianbhreitheanna uasta i leith ceithre chion a bhaineann le sceana a mhéadú le héifeacht ón 30 Meán Fómhair 2024.
Leis an Ordú um Thosach Feidhme, tugtar éifeacht do Chuid 9 den Acht um Chúirteanna, an Dlí Sibhialta, an Dlí Coiriúil agus Aoisliúntas (Forálacha Ilghnéitheacha), 2024, lena leasaítear Acht na nArm Tine agus na nArm Ionsaitheach, 1990, chun na pionóis uasta i leith na gcionta seo a leanas faoin Acht sin a mhéadú:
- Cion alt 9(5) arb éard é aon airteagal a bheith ina sheilbh ag duine in aon áit phoiblí, agus é ar intinn aige díobháil a dhéanamh leis d'aon duine, nó aon duine a éagumasú nó a imeaglú leis: méadaítear an phianbhreith ó théarma príosúnachta cúig bliana go téarma príosúnachta seacht mbliana
- Cion alt 10 arb éard é foghail a dhéanamh le scian, le harm ionsaithe nó le hairteagal eile ar a bhfuil lann nó bior géar: méadaítear an phianbhreith ó théarma príosúnachta cúig bliana go téarma príosúnachta seacht mbliana
- Cion alt 11 arb éard é taispeáint airteagail a d’fhéadfadh mórdhíobháil a dhéanamh: méadaítear an phianbhreith ó théarma príosúnachta cúig bliana go téarma príosúnachta seacht mbliana
- Cion alt 12 arb éard é airm ionsaitheacha fhorordaithe a mhonarú, a allmhairiú, a dhíol, a fhruiliú nó a thabhairt ar iasacht: méadaítear an phianbhreith ó théarma príosúnachta seacht mbliana go téarma príosúnachta deich mbliana
Tagann na hathruithe sin sa dlí sna sála ar mholtaí ón bhfoghrúpa um choireacht scine de chuid an Fhóraim Saineolaithe um Iompraíocht Fhrithshóisialta, rud a ndéanann Séamas de Brún, Aire Stáit sa Roinn Dlí agus Cirt, cathaoirleacht air.
Dúirt an tAire Nic an tSaoi:
“Is cionta coiriúla tromchúiseacha iad cionta scine, ar féidir leo iarmhairtí forleathana millteanacha a bheith acu. Is é atá sna leasuithe seo ná neartú agus athchothromú riachtanach na bpionós i leith coireacht scine faoi Acht na nArm Tine agus na nArm Ionsaitheach, 1990."
“Tá na leasuithe ag teacht le fíor-thromchúis na gcionta atá i gceist agus cinnteofar leo gurb amhlaidh, sna cásanna is tromchúisí, a fhéadfaidh na cúirteanna smachtbhanna a fhorchur atá ar cóimhéid go hiomlán leis an gcoir."
D’fháiltigh an tAire de Brún roimh thosú na bhforálacha sin. Dúirt sé:
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na comhaltaí den Fhóram um Iompraíocht Fhrithshóisialta as a gcuid oibre, go háirithe an Foghrúpa um choireacht scine. Tá na pionóis mhéadaithe seo ina dtoradh ar na moltaí a rinne an Fóram dom."
“Tá méid soiléir suntasach intinne coiriúla ag baint leis na cionta atá i gceist. Tá siad ina mbagairt shuntasach ar shábháilteacht pobail iontu féin agus toisc gur féidir le hionsaithe tromchúiseacha, agus le hionsaithe marfacha in amanna, teacht astu. A bhuí leis na méaduithe sna pianbhreitheanna uasta, cuirfear in iúl gur iompraíocht dho-ghlactha amach is amach inár sochaí iad na cionta atá i gceist.”