An tAire Nic an tSaoi agus an tAire Ó Domhnaill ag oscailt oifigiúil Stáisiún Gardaí nua an Spidéil
- Foilsithe: 16 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 24 Meán Fómhair 2024
D'fhreastail an tAire Dlí agus Cirt, Eiléana Nic an tSaoi agus Aire Oifig na nOibreacha Poiblí, Ciarán Ó Domhnaill TD ar oscailt oifigiúil Stáisiún Gardaí an Spidéil inniu.
Agus í ag cur fáilte roimh oscailt an stáisiún Gardaí nua, dúirt an tAire Nic an tSaoi:
“Tá ríméad orm a bheith anseo ar an lá iontach seo don phobal. Is forbairt thábhachtach é soláthar an Stáisiúin Gardaí nua seo don phóilíneacht agus déanfaidh sé freastal ar phobal an Spidéil anois agus amach anseo. Is é seo an chéad stáisiún ar an mbealach isteach go dtí an Ghaeltacht, ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, agus beidh sé fós ina chloch choirnéil thábhachtach den phobal seo.
“Chomh maith le saoráid nua-aimseartha atá oiriúnach don fheidhm a chur ar fáil do bhaill an Gharda Síochána agus don phobal a thagann ar cuairt, comhlíonann an stáisiún caighdeán an-ard comhshaoil. Tá ríméad orm freisin a fheiceáil go bhfuil an stáisiún inrochtana do chathaoireacha rothaí anois”.
Dúirt an tAire Nic an tSaoi chomh maith:
“Mar Aire Dlí agus Cirt, is tosaíocht don Rialtas é tacú le hobair an Gharda Síochána agus léiríonn buiséad breis is €2.35 billiún na bliana seo, buiséad nach bhfacthas a leithéid riamh cheana, an tiomantas do lucht saothair an Gharda Síochána a mhéadú chun cur ar chumas na heagraíochta ár bpobail a choinneáil slán. Tá Buiséad an Gharda Síochána ag an leibhéal is airde riamh anois. Tá an leibhéal infheistíochta seo atá ag méadú ag cinntiú gur féidir linn infheistíocht a dhéanamh i stáisiúin agus uasghrádú a dhéanamh orthu, cosúil le stáisiún an Spidéil inniu. Fágann sé freisin gur féidir infheistíocht a dhéanamh in earcaíocht na nGardaí agus sa trealamh agus sa teicneolaíocht a theastaíonn chun a chinntiú gur féidir leis na Gardaí coireacht thromchúiseach a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh”.
Dúirt an tAire Ó Domhnaill:
“Tá ríméad orm a bheith anseo inniu chun Stáisiún Gardaí an Spidéil a oscailt go hoifigiúil. Tá an struchtúr buan nua seo, a thagann in ionad an tseanfhoirgnimh shealadaigh a bhí ann, ag teacht níos mó le beartais an Rialtais maidir le Gníomhú ar son na hAeráide agus Inbhuanaitheacht agus is léiriú é ar ár dtiomantas oibriú i dtreo ár spriocanna maidir le gníomhú ar son na haeráide a bhaint amach.
D'oibrigh Oifig na nOibreacha Poiblí go dlúth leis an nGarda Síochána chun sprioc thábhachtach an tionscadail seo a bhaint amach. Cuirfidh an stáisiún saintógtha seo timpeallacht oibre nua-aimseartha ar fáil don fhoireann a chuirfidh ar a gcumas leanúint den tseirbhís luachmhar seo a chur ar fáil don phobal áitiúil le Cósta an Iarthair.”
Ó bunaíodh Múnla Oibriúcháin nua Rannán na Gaillimhe, bhí stáisiún Gardaí an Spidéil mar chuid de Limistéar Rannpháirtíochta Pobail Chontae na Gaillimhe Thiar, agus Stáisiún Gardaí Órán Mór ina Cheanncheathrú nua Limistéar Rannpháirtíochta Pobail.
Foirgneamh réamhdhéanta a bhí sa Stáisiún Gardaí roimhe seo ar an Spidéal, a tógadh thart ar 1984. Ag an am sin measadh gur foirgneamh sealadach a bhí ann go dtí go dtógfaí Stáisiún Gardaí nua. Tógadh an foirgneamh ar shuíomh a fuair Oifig na nOibreacha Poiblí (in 1979) ar Bhóthar na hAbhann, An Spidéal, Co. na Gaillimhe.
Roimh 1984, bhí seanstáisiún na nGardaí ar an Spidéal lonnaithe in áit eile ar an Spidéal ar phríomhshráid an tsráidbhaile. Beairic de chuid Chonstáblacht Ríoga na hÉireann a bhí san áitreabh seo ar dtús go dtí gur bunaíodh an Garda Síochána.
Tógadh an foirgneamh nua lena chinntiú go bhfuil cúrsaí comhshaoil chun tosaigh. Tá an foirgneamh tógtha le bloic, inslithe go caighdeán an-ard agus deartha chun chun rátáil A a bhaint amach ó thaobh BER de. Tá soilsiú LED ísealfhuinnimh ar fud an fhoirgnimh, téamh Aeir go huisce agus aeráil curtha i bhfearas ag cinntiú go gcomhlíonann sé caighdeáin chomhshaoil an-ard.