English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Baineann Nic an tSaoi amach Buiséad 2024 na Roinne Dlí agus Cirt chun pobail níos láidre agus níos sábháilte a fhorbairt

Chuir an tAire Dlí agus Cirt, Eiléana Nic an tSaoi, fáilte inniu roimh an méadú suntasach ar leithdháileadh buiséid de níos mó ná €3.27 billiún i gcaiteachas reatha, agus €274m le haghaidh tionscadal caipitil, d’earnáil an Cheartais i 2024, le béim ar leith á leagan ar phobail níos láidre agus níos sábháilte a fhorbairt.

Neartóidh an buiséad seo, atá níos mó ná riamh, obair an Gharda Síochána agus earnáil an cheartais choiriúil chun coireacht a chosc agus a bhrath, agus chun pobail a chosaint; déantar soláthar ann do bhunú na gníomhaireachta reachtúla nua chun tacú le híospartaigh agus bheith ag obair chun deireadh a chur le foréigean baile, gnéasach agus inscnebhunaithe; agus maoineofar leis Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail a leathadh amach ar fud an náisiúin.

Leantar ar aghaidh le Buiséad 2024 ag cur le hinfheistíocht chun daoine óga a athstiúradh ó bheith páirteach sa choireacht, chun tograí athstiúrtha don óige a chur ar fáil i ngach pobal in Éirinn den chéad uair, le fócas níos mó ar ghníomhaíochtaí ag an deireadh seachtaine agus ar dhaoine óga imeallaithe.

Infheisteofar leis freisin inár bpríosúin, lena n-áirítear baill foirne nua i roinnt réimsí, ar nós Aonaid Mearthógála Príosún, chun rún an Rialtais breis is 400 spás nua príosúin a chur ar fáil as seo go ceann 5 bliana a chur chun cinn.

Tacaítear leis freisin le roghanna éifeachtacha a fhorbairt mar mhalairt ar phríosúin, trí roinnt tionscadal ilghníomhaireachta a chabhróidh freisin chun déileáil leis na dian-bhrúnna i gcóras na bpríosún.

Tá an maoiniú ag méadú i gcónaí i leith obair na Roinne Dlí agus Cirt agus í ag freagairt don ghéarchéim dhaonnúil san Úcráin, agus ag próiseáil líon méadaithe iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Le níos mó cinntí a dhéanamh agus breithniú a dhéanamh níos tapúla ar achomhairc, le nósanna imeachta cothroma á gcoinneáil ag an am céanna, freastalaítear ar chustaiméirí agus maolaítear brú in áiteanna eile, ag tacú le córas cothrom.

Tacaítear le Buiséad 2024 le riachtanais ríthábhachtacha nuachóirithe agus digitithe a leathadh amach ar fud earnáil an Cheartais, agus éascaítear don Choimisiún um Chosaint Sonraí tuilleadh fáis a dhéanamh chun príobháideacht daoine a chosaint.

Dúirt an tAire Nic an tSaoi:

“Is é an phríomhthosaíocht atá agam pobail níos láidre agus níos sábháilte a fhorbairt, agus léirítear é sin sa bhuiséad a fógraíodh inniu don Gharda Síochána, buiséad atá tar éis fás breis is leathbhilliún euro ó chuaigh mé i mbun oifige i 2020.

“Chuaigh trí rang d’earcaigh isteach sa Teampall Mór go dtí seo i mbliana, chun tús a chur lena gcuid oiliúna mar Ghardaí, agus leanfaidh sé sin ar aghaidh le grúpaí nua ag dul i mbun a gcuid oiliúna an tseachtain seo chugainn agus i mí na Nollag. Cuireann Buiséad 2024 an maoiniú ar fáil chun leanúint leis an bhfás seo, agus beidh idir 800 agus 1,000 oiliúnaí nua ag dul isteach i gColáiste an Gharda Síochána le linn 2024.

“Chun é sin a dheimhniú, tá an-áthas orm go maoinítear le Buiséad an lae inniu méadú go €305 ar liúntas na nGardaí faoi oiliúint – méadú dhá dtrian ar an leibhéal reatha atá i bhfeidhm ó 2011. Cuirfear tús leis na híocaíochtaí méadaithe seo ar an 1 Eanáir, ach le híocaíocht chnapshuime shiardhátaithe i mí Eanáir dóibh siúd sa choláiste idir seo agus Eanáir.

“Cuirfear tús le feachtas earcaíochta nua don Gharda Síochána go luath, agus go luath i 2024 seolfaidh an Garda Síochána feachtas earcaíochta nua do Chúltaca an Gharda Síochána – an chéad fheachtas earcaíochta dá leithéid ó 2017.

“Le níos mó Gardaí ar patról go réamhghníomhach inár gcathracha, inár mbailte agus inár gceantair thuaithe, chomh maith le níos mó comhaltaí foirne Garda, caomhnaítear riail agus reacht, agus mothaíonn gach duine níos sábháilte. Le méadú 25% ar Ragobair na nGardaí do 2024 beifear in ann leanúint le póilíneacht ard-infheictheachta, agus cinnteoidh earcú 250 comhalta foirne Garda breise go mbeidh comhaltaí den Gharda Síochána ar fáil le haghaidh dualgas líne tosaigh.

“Tá cosaint ár saoránach i bhfad níos leithne ná an phóilíneacht, agus teastaíonn uaim pobail a chumhachtú chun tuairimí a thabhairt i gcúrsaí a bhaineann lena sábháilteacht féin. I 2024, le maoiniú iomlán €7.9m, cruthófar Oifig Náisiúnta nua um Shábháilteacht Pobail, agus déanfar Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail a leathadh amach chun tosaíochtaí sábháilteachta an phobail féin a phleanáil i ngach limistéar den tír. Tá an-áthas orm gur méadaíodh an Ciste Nuálaíochta Sábháilteachta Pobail, a ath-infheistíonn fáltais ó choireacht arna ngabháil ag an mBiúró um Shócmhainní Coiriúla, go dtí €3.75m.

“Is samplaí maithe den chur chuige úr seo é plean Lárchathair Thuaidh Bhaile Átha Cliath, a foilsíodh níos luaithe an mhí seo, chomh maith le leaganacha níos luaithe sa Longfort agus i bPort Láirge.

“Leagtar amach i gComhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Bhaile Átha Cliath gníomhartha praiticiúla pragmatacha maidir le sábháilteacht an phobail a fheabhsú – moltaí maidir le láithreacht Gardaí, seirbhísí breisithe don óige, gnólachtaí ag dul i mbun beart as a stuaim féin, ar nós na Maor nua Sábháilteachta Pobail, agus a chion féin á dhéanamh ag an údarás áitiúil freisin.

“Is tosaíocht domsa mar Aire Dlí agus Cirt é dul i ngleic le Foréigean Baile, Gnéasach agus Inscnebhunaithe – ag cur tacaíochtaí agus seirbhísí ar fáil atá dírithe ar íospartaigh, agus ag cinntiú go ngearrtar pionós ar lucht déanta coireanna.

“Cuirtear €12m breise ar fáil do 2024 sa Bhuiséad seo, méadú 25% – maoiniú níos mó ná riamh chun foréigean baile, gnéasach agus inscnebhunaithe a chomhrac. Tacófar leis seo le cur i bhfeidhm phlean na Neamhfhulaingthe, agus bunóimid gníomhaireacht Stáit nua sa réimse seo leis.

“Cabhróidh an €12 milliún seo go mór leis an ngníomhaireacht nua chun freastal ar na riachtanais ghéara le haghaidh seirbhísí ar fud na tíre, lena n-áirítear tacaíocht a thabhairt do thearmainn a chur ar fáil. Beidh croí-bhuiséad €43m ag an ngníomhaireacht an bhliain seo chugainn, lena méadófar clúdach ar fud an náisiúin, agus lena gcuirfear borradh faoin móiminteam i gcur i bhfeidhm na spriocanna uaillmhianacha atá leagtha amach sa straitéis náisiúnta.

“Chuir an t-ardú a tháinig le déanaí ar líon na mbásanna ar ár mbóithre iontas agus imní orainn go léir, agus d’fhógair mé maoiniú breise le déanaí chun líon na gceamaraí luais ‘Gabh Slán’ a mhéadú go 9,000 sa mhí. Sa bhuiséad seo, táimid ag maoiniú na n-uaireanta méadaithe seo ar feadh 2024. Dúirt Coimisinéir an Gharda Síochána liom, chomh maith, go gcinnteoidh an t-uainchlár eatramhach a aontaíodh le déanaí idir an bhainistíocht agus cumainn foirne go mbeidh an tAonad Póilíneachta Bóithre níos feiceálaí freisin. Á chur sin le hearcaíocht láidir leanúnach Gardaí, tá súil agam go gcuideoidh na bearta seo le beatha daoine a shábháil ar na bóithre.

“Tá áthas orm freisin gur baineadh amach maoiniú €9m chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis na táillí is iníoctha le gairmithe dlí as cúnamh dlíthiúil coiriúil a mhéadú 10% go luath i 2024. I gcomhar leis an méadú ar tháillí, tá sé i gceist tógáil ar láidreachtaí na scéime um chúnamh dlíthiúil coiriúil agus aghaidh á tabhairt ar aon saincheisteanna a bhaineann leis an gcaoi a bhfuil sí struchtúrtha.

“Cuirfear tús anois le hidirphlé leis na gairmeacha dlí chun oibriú le chéile chun athchóirithe ar na táillí a aithint, lena n-áirítear íocaíochtaí a uathoibriú, a thacóidh le héifeachtúlacht agus rialachas feabhsaithe i riaradh na scéime, agus lena leagfar amach bealach chun trédhearcacht agus cothroime níos fearr a bhaint amach i leibhéal na dtáillí a íoctar faoi chúnamh dlíthiúil coiriúil.

“Is athchóirithe riachtanacha iad seo a thacóidh tuilleadh leis na hathchóirithe atá á dtabhairt isteach sa Bhille um Chúnamh Dlíthiúil Coiriúil.”

Dúirt an tAire Stáit um Athchóiriú an Dlí, Séamus de Brúin, TD:

“Bliain i ndiaidh bliana ó 2020 i leith, tá an buiséad atá ar fáil do bhearta athstiúrtha don aos óg á méadú go suntasach againn. Tá €2.9m eile bainte amach againn i mbliana, ar ardú 10% atá ann, agus tá os cionn €33m sa bhuiséad iomlán anois.

“Ciallóidh an maoiniú seo gur féidir linn clúdach iomlán Tograí Athstiúrtha don Óige a chur ar fáil ar fud an náisiúin den chéad uair riamh. Tá ríthábhacht freisin le soláthar ag an deireadh seachtaine a mhéadú agus an tslí a mbeimid ábalta cabhrú leis na leanaí leochaileacha sin idir 8 agus 11 bliain d’aois. Maoineofar leis seo freisin níos mó beart atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt do theaghlaigh, ag obair le scoileanna agus leis na daoine óga sin a raibh sé níos deacra idirphlé leo.

“Le gach duine óg a athstiúraítear ó shaol na coireachta, cruthaítear bealach nua chun an oideachais, na hoiliúna agus na fostaíochta, chomh maith le forbairt phearsanta agus gníomhaíochtaí spóirt. Le hinfheistíocht i gcosc agus athstiúradh, laghdaítear an choireacht agus na costais a bhaineann leis an gcoireacht.

“Tá an-áthas orm freisin gur tháinig níos mó ná dúbailt ar an maoiniú don Údarás Rialála Cearrbhachais atá le bunú go luath, ar tiomantas tábhachtach i gClár an Rialtais atá ann. Tacófar le soláthar leithdháileadh €4m do 2024 leis an bPríomhoifigeach Feidhmiúcháin Ainmnithe chun an tÚdarás a chruthú.”

Vóta ar Vóta go mionsonraithe

Vóta an Gharda Síochána

€2.31 billiún atá san oll-leithdháileadh iomlán do Vóta na nGardaí i 2024, méadú de níos mó ná €172m. Cuirtear san áireamh anseo na harduithe pá atá iníoctha faoi Móiminteam a Thógáil.

Áirítear san €172 milliún breise soláthar do na nithe seo a leanas:

• Idir 800 agus 1,000 earcach nua sna Gardaí agus 250 comhalta foirne Garda breise a earcú.

• Méadú 25% ar bhuiséad ragoibre na nGardaí – ó €105m go dtí €131m – le haghaidh póilíneachta ard-infheictheachta chun dul i ngleic le coireacht agus iompar frithshóisialta.

• Tacú le hearcú Gardaí le méadú 66% ar liúntas oiliúna, arna ardú go €305 sa tseachtain.

• €6m ar fáil le haghaidh thionscnaimh folláine na nGardaí, costas breise leighis agus os cionn 2,500 aonad éide cosanta.

• Maoiniú breise €3.6m le haghaidh cheamaraí luais ‘Gabh Slán’, lena leanfar leis an leibhéal méadaithe 9,000 uair sa mhí a fógraíodh an mhí seo caite ar feadh 2024 go léir.

• Ionad barr feabhais náisiúnta nua i mBaile Átha Cliath d’Aonad Madraí na nGardaí, agus an leathnú atá beartaithe chuig réigiúin uile na nGardaí ar bhonn céimnithe, agus ina mbeidh 50 láimhseálaí páirteach agus rochtain ar 100 madra, de chumais éagsúla.

An Vóta Ceartais

€571 milliún atá san oll-leithdháileadh iomlán don Vóta Ceartais i 2024.

• Straitéis na Neamhfhulaingthe arna maoiniú le méadú €12m (25%) chun gníomhaireacht Stáit nua a bhunú go hiomlán, agus chun na tacaíochtaí atá ar fáil d’íospartaigh an fhoréigin baile, ghnéasaigh agus inscnebhunaithe a mhéadú.

• €7.9m do thionscnaimh sábháilteachta pobail, lena n-áirítear €3.75m don Chiste Nuálaíochta Sábháilteachta Pobail, agus bunú Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail ar fud an náisiúin le hOifig Náisiúnta Comhordúcháin mar bhonn taca leo.

• €2.9m breise (+10%) de mhaoiniú don Straitéis um Cheartas i leith an Aosa Óig, go dtí €33m, maoiniú nach bhfacthas a leithéid riamh cheana.

• €2.5m breise don tSeirbhís Phromhaidh, ina n-áirítear baill foirne bhreise agus tacaíocht mhaoinithe tionscadal.

• Le méadú €2.7m beidh go dtí €19.3m sa leithdháileadh iomlán do Choimisiún Ombudsman an Gharda Síochána chun tacú lena athrú leis an mBille um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail a bheidh ann go luath. Cuireadh maoiniú breise ar fáil freisin d’Oifig an Scrúdaitheora Neamhspleách.

• €5.5m don Bhord um Chúnamh Dlíthiúil chun baill foirne nua a earcú, infheistíocht i dteicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide a mhéadú, agus soláthar a dhéanamh do chostais bhreise a bhaineann go díreach leis an méadú ar iarratais inimirce.

• €2.2m chun tacú le híospartaigh na coireachta, lena n-áirítear an feachtas “Bíodh a fhios agat cad iad na Cearta atá agat”, agus cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta nua um Gháinneáil ar Dhaoine.

• Cuirfear €34m san iomlán ar fáil i 2024 chun leanúint le hobair na hOifige um Chosaint Idirnáisiúnta agus an Bhinse Achomhairc um Chosaint Idirnáisiúnta agus an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil, agus chun leanúint ag díriú ar an bhfreagairt dhaonnúil ar chás na hÚcráine. Tógfaidh sé sin ar an dul chun cinn mór atá déanta chun dul i ngleic le riaráistí, agus tacóidh sé le hathchóirithe suntasacha atá bainte amach cheana féin.

Agus í ag tagairt don mhaoiniú breise nach croí-mhaoiniú é de €34m mar fhreagairt ar an ngéarchéim dhaonnúil, lean an tAire uirthi:

“Táim an-bhródúil as teacht aniar agus comhbhá mo Roinnese i leith na ndaoine a bhfuil cosaint á lorg acu. Go háirithe, i dtaca leis an gcogadh san Úcráin, tá an maoiniú seo riachtanach chun measúnú a dhéanamh go daonnachtúil agus go héifeachtúil ar iarratais ar chosaint shealadach.

“Tá mo Roinnse ag leanúint uirthi ag feabhsú próiseáil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, agus ag tacú leis na héilimh bhreise iarmhartacha ar an mBinse Achomhairc um Chosaint Idirnáisiúnta agus ar an mBord um Chúnamh Dlíthiúil. Cabhróidh an maoiniú chun daoine a fháil, chomh maith le hacmhainní i dteicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide, de réir mar a leanfaidh an Roinn uirthi ag forbairt acmhainn chosanta idirnáisiúnta. Dhúbail muid foireann na hOifige um Chosaint Idirnáisiúnta ó thús na bliana seo, agus cuirfidh an Buiséad seo ar ár gcumas 125 ball foirne eile a earcú i 2024 chun leanúint ar aghaidh ag cur le haschur na hoifige sin d’fhonn sprioc phróiseála 1,200 cinneadh sa mhí a bhaint amach faoi dheireadh 2024.”

Vóta na bPríosún

€438.7 milliún atá san oll-leithdháileadh iomlán do Vóta na bPríosún i 2024.

• Tá an buiséad do Sheirbhís Phríosúin na hÉireann ardaithe níos mó ná €27m ar a raibh i mbuiséad 2023.

• Áirítear ansin €9m breise i soláthar foirne chun soláthar a dhéanamh d’aonaid speisialaithe nua a dhéileálfaidh le bainistiú éifeachtach dhaonra na bpríosún.

• Mar chuid den fhoireann nua beidh Aonad Mearthógála Príosún, chun teacht le rún an Rialtais os cionn 400 spás príosúin nua a chur ar fáil sna 5 bliana amach romhainn.

• Déanfar soláthar leis seo freisin d’oifigigh phríosúin a earcú, agus 65,000 uair an chloig bhreise, chun bainistiú a dhéanamh ar an daonra reatha.

• Nach mór €6m chun soláthar a dhéanamh d'fhóntais agus méaduithe ar chostais a bhaineann le hoibriú na Seirbhíse Príosún, ar nós na lónadóireachta, éadaí agus níocháin.

• €2.5m de mhaoiniú Covid arna choinneáil atá le cur ar fáil le haghaidh seirbhísí leighis príosúnach.

Dúirt an tAire Nic an tSaoi:

“Fáiltím roimh acmhainní a bhfuil géarghá leo a chur san áireamh chun tacú le Seirbhís Phríosúin na hÉireann. Cuirtear beagnach €27m de chaiteachas breise ar fáil do Phríosúin leis an bpacáiste maoinithe.

“Táim bródúil as a bhfuil déanta ag baill foirne líne tosaigh i Seirbhís Phríosúin na hÉireann agus ag na daoine a oibríonn le ciontóirí sa tSeirbhís Phromhaidh. Tá sé léirithe go laghdaítear an t-athchiontú leis an obair chuspóir-thiomáinte athshlánúcháin agus ath-imeasctha a dhéanann siad.

“Leis an maoiniú nua, earcófar níos mó oifigeach príosúin, agus beidh 65,000 uair an chloig bhreise ann chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le daonra na bpríosún, atá ag dul i dtreo 5,000 duine, líon níos airde ná riamh. Tá áthas orm go háirithe maoiniú a chur ar fáil a chabhróidh leis an tSeirbhís Phríosúin cóiríocht do dhaonra na bpríosún, agus bainistiú foriomlán dhaonra na bpríosún, a uasmhéadú.”

Vóta na gCúirteanna

€183 milliún atá san oll-leithdháileadh iomlán do Vóta na gCúirteanna i 2024, lena n-áirítear maoiniú caipitil de €67m.

• Gheobhaidh an tSeirbhís Chúirteanna €1.4m le haghaidh suas le 35 ball foirne breise chun tacú go díreach le hobair chomhaltaí nua den Bhreithiúnacht.

• €1.4m breise chun soláthar a dhéanamh do chur chun cinn r-Phrobháide agus do ghnéithe eile de Chlár Nuachóirithe na gCúirteanna; chun na próisis in imeachtaí cúirte a shimpliú agus na seirbhísí a dhéanamh níos inrochtana do chách.

• Tacaíocht bhreise €2m chun na costais oibríochtúla bhreise a íoc ar fud na Seirbhíse Cúirteanna.

An Coimisiún um Chosaint Sonraí

€27.9 milliún atá san oll-leithdháileadh iomlán do Vóta an Choimisiúin um Chosaint Sonraí i 2024.

Leanfaidh an leithdháileadh don Choimisiún air ag méadú i 2024 agus cuirfidh sé leis an méadú 60% ó 2020 (€11m). Léiríonn sé seo an ról tábhachtach atá ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí maidir le cearta príobháideachta a chosaint. Déantar soláthar leis an leithdháileadh iomlán de bheagnach €28m d’athstruchtúrú go múnla nua oibriúcháin, le triúr Coimisinéirí, agus don aistriú chuig áitreabh nua ceann-cheathrún i mBaile Átha Cliath.

An tÚdarás Póilíneachta

Cuirfidh leithdháileadh €4.4m acmhainní breise ar fáil chun comhlacht nua, an tÚdarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail, a bhunú i 2024, údarás a thiocfaidh in áit an Údaráis Póilíneachta agus Chigireacht an Gharda Síochána.

Nóta d’Eagarthóirí

Tá €3.5 billiún san iomlán sna buiséid ollchaiteachais do na 6 Vóta sa Ghrúpa Vótála Ceartais, agus clúdaíonn siad na Vótaí seo a leanas:

Vóta na nGardaí (€2.31 billiún), Vóta na bPríosún (€439 milliún), Vóta na gCúirteanna (€183 milliún), Vóta an Cheartais (€571 milliún), Vóta an Choimisiúin um Chosaint Sonraí (€28 milliún) agus Vóta an Údaráis Póilíneachta (€4.4 milliún).

Léiríonn na buiséid sin an t-ollchaiteachas reatha agus caipitil, agus ní áirítear leithreasaí i gcabhair iontu. Léiríonn méaduithe go ginearálta an difríocht ó bhí Buiséad 2023 ann, agus áirítear pá arna leithdháileadh faoi Móiminteam a Thógáil iontu.