Bille nua foilsithe ag an Aire Nic an tSaoi chun dlíthe ar thoiliú agus teistiméireachtaí i dtaobh carachtair sa chúirt a neartú
- Foilsithe: 12 Iúil 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tá ceadú faighte ag an Aire Dlí agus Cirt, Eiléana Nic an tSaoi, T.D., chun Bille leathan nua a fhoilsiú ar Bille é a neartaíonn an dlí maidir le cionta gnéasacha agus a fheabhsaíonn na cosaintí atá ann d’íospartaigh cionta gnéasacha agus gáinneála ar dhaoine.
I measc phríomhfhorálacha an Bhille um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha agus Gáinneáil ar Dhaoine), 2023, áirítear neartú an dlí i ndáil le toiliú.
Faoi láthair, is féidir daoine a fháil neamhchiontach in éigniú más rud é gur chreid siad go macánta, ach trí dhearmad, go raibh toiliú faighte acu ón íospartach.
Tá an dlí suibiachtúil. Le fírinne, féadfaidh déantóirí líomhnaithe an chiona a rá nach bhfuil siad ciontach mar gur chreid siad go macánta, ach trí dhearmad, go raibh toiliú faighte acu.
Déanfar athrú ar an méid sin leis an mBille nua seo ón Aire Eiléana Nic an tSaoi agus is príomhghné é sin de chuid a Plean Neamhfhulaingthe i leith dul i ngleic le Foréigean Baile, le Foréigean Gnéasach agus le Foréigean Inscnebhunaithe.
Is é a bheidh i gceist amach anseo ná an ionann an chreidiúint agus creidiúint a bheadh ag duine réasúnach sna himthosca, seachas an creidiúint í a bhí ag an duine go macánta.
Ní mór an chreidiúint sin a bheith réasúnach go hoibiachtúil seachas go suibiachtúil.
I gcás ina dtagann ceist faoi chreidiúint réasúnach chun cinn i dtriail, ní mór don ghiúiré aird a thabhairt ar na bearta, más ann, a rinne an cúisí chun a fháil amach ar thoiligh an t-íospartach leis an gcaidreamh collaí.
Dúirt an tAire Nic an tSaoi an méid seo a leanas:
“Ceann de mo chuid príomhthosaíochtaí mar Aire Dlí agus Cirt is ea dul i ngleic le foréigean baile, le foréigean gnéasach agus le foréigean inscnebhunaithe agus íospartaigh coireachta a chosaint.
“Tá an Bille um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha agus Gáinneáil ar Dhaoine), 2023, ina phíosa reachtaíochta an-tábhachtach i dtaca leis na tosaíochtaí sin a bhaint amach.
“Neartóidh sé an dlí maidir le toiliú i gcásanna a bhaineann le héigniú, á cheangal nach mór gur chreid déantóirí líomhnaithe an chiona ‘go réasúnach’ go raibh toiliú faighte acu agus cuirfidh sé deireadh leis an gcosaint atá ann faoi láthair maidir le ‘creidiúint mhacánta’. Ní ceart gur leor úsáid a bhaint as creidiúint shuibiachtúil mar chosaint maidir le toiliú a bheith faighte ag duine.
“Tá sé sin i gcomhréir le moltaí a rinne an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí.”
Athrú eile atá ann sa Bhille seo is ea neartú na gcosaintí atá ann d’íospartaigh maidir le teistiméireachtaí i dtaobh carachtair i dtrialacha i leith cion gnéasach agus tá an méid sin i measc na dtosaíochtaí atá ann i bplean Neamhfhulaingthe an Aire Nic an tSaoi freisin.
Beidh foráil ann sa Bhille seo á rá nach mór do dhuine, ar mian leis nó léi teistiméireacht i dtaobh carachtar duine a chiontaítear i gcion gnéasach a thabhairt le linn na héisteachta pianbhreithe, an teistiméireacht sin a thabhairt faoi mhionn nó le mionnscríbhinn.
Faoi láthair, má ghlaoitear ar fhinné freastal ar chúirt chun fianaise i dtaobh carachtair a thabhairt, tugtar an fhianaise sin faoi mhionn.
Ach ní mhionnaítear teistiméireachtaí a thugtar i scríbhinn. Déantar foráil le Bille an Aire Nic an tSaoi nach mór teistiméireachtaí den sórt sin a thabhairt faoi mhionn nó le mionnscríbhinn le linn na héisteachta pianbhreithe i gcásanna a bhaineann le duine a chiontaítear i gcion gnéasach.
Cinnteoidh sé sin go mionnaíonn an duine a thugann an teistiméireacht go bhfuil a ráiteas fíor agus is féidir an duine sin a ghlaoch chun láithriú os comhair na cúirte le haghaidh croscheistiú. Le fírinne, is ionann sin agus a rá nach mbeifear in ann litreacha teistiméireachta a léamh os ard sa chúirt a thuilleadh gan deis a bheith ann cur ina gcoinne, más gá sin.
Is é is cuspóir don fhoráil seo a áireamh sa Bhille ná íospartaigh cionta gnéasacha a chosaint ar thuilleadh tráma le linn na héisteachta pianbhreithe.
Tá ceadú faighte ag an Aire ón gComh-Aireacht i leith na n-athruithe seo agus, chomh maith leis sin, tá sí tar éis obair a dhéanamh leis na Seanadóirí Regina Doherty, Lisa Chambers agus Pauline O’Reilly maidir leis an ábhar.
Dúirt an tAire Nic an tSaoi an méid seo a leanas:
“Is féidir le húsáid teistiméireachtaí i dtaobh carachtair a bheith ina cúis le tráma breise d’íospartaigh agus is léir domsa go bhfuil gá againn le rialacha níos láidre maidir le conas is féidir teistiméireachtaí den sórt sin a úsáid sa chúirt.
“Leis an reachtaíocht seo, tabharfar isteach ceanglas á rá go ndéanfar teistiméireachtaí i dtaobh carachtair faoi mhionn nó le mionnscríbhinn i gcásanna cionta gnéasacha, seachas trí bhíthin litir neamh-mhionnaithe chuig an gCúirt.
“Is ionann sin agus a rá gur féidir an duine a thugann an teistiméireacht i dtaobh carachtair a chroscheistiú más gá.”
Ina theannta sin, soláthróidh an Bille um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha agus Gáinneáil ar Dhaoine), 2023, athchóirithe tábhachtacha atá ann in ‘Tacú le Turas Íospartaigh’ chun feabhas a chur ar an gcóras coiriúil i dtaca le híospartaigh de.
Áirítear orthu sin:
Ionadaíocht dhlíthiúil ar leithligh d’íospartaigh ionsaí ghnéasaigh má dhéantar iarratas chun iad a cheistiú maidir lena dtaithíocht chollaí roimh an tráth lena mbaineann an cion atá i gceist;
Má ghéilltear d’iarratas den sórt sin, leanfaidh an t-abhcóide atá ag feidhmiú thar ceann an íospartaigh den ionadaíocht sin a sholáthar le linn an cheistithe sin;
Anaithnideacht a áirithiú le haghaidh íospartach i ngach triail i leith cionta gnéasacha;
Anaithnideacht a sholáthar don chúisí atá cúisithe i gcionta gnéasacha áirithe;
Na mínithe ar ‘foilsiú’ agus ar ‘craoladh’ a uasdátú;
Aisghairm a dhéanamh ar reachtanna lena bhforáiltear go ndéanfar an fíorasc nó an bhreith i dtrialacha a fhógairt go poiblí.
Dúirt an tAire Nic an tSaoi an méid seo a leanas:
“Táimid chun roinnt moltaí a bhí ann i dtuarascáil O’Malley a chur i gcrích ar moltaí iad a bhaineann le hionadaíocht dhlíthiúil d’íospartaigh má dhéantar iarratas chun croscheistiú a dhéanamh ar íospartach i dtrialacha i leith cionta gnéasacha a mhéid a bhaineann le stair íospartaigh, i dtaca le cúrsaí gnéis de roimh an tráth lena mbaineann an cion, lena n-áirítear anaithnideacht a áirithiú i ngach triail i leith cionta gnéasacha.
“Is nithe iad sin go léir arb eol dúinn maidir leo gur féidir leo a bheith ina gcúis le tuilleadh tráma agus le hatrámú agus le ceartas a cheilt ar mharthanóirí ionsaí ghnéasaigh, agus chinn mé na cosaintí tábhachtacha sin a áireamh sa reachtaíocht agus a thabhairt isteach a luaithe is féidir.”
Leis an reachtaíocht nua freisin, cuirfear moltaí ó Ghrúpa Athbhreithnithe Neamhspleách Óglaigh na hÉireann. Mhol an Grúpa Athbhreithnithe Neamhspleách moltaí faoi leasuithe ar an Acht Cosanta, 1954, lena chinntiú go ndéileálann An Garda Síochána agus na cúirteanna sibhialta le daoine atá faoi réir an dlí mhíleata agus a dhéanann cionta gnéasacha sa dlínse seo, seachas déileáil leo trí armchúirt. Tugann an Bille seo éifeacht do na leasuithe sin.
Ina theannta sin, cuirfidh an Bille Sásra Tarchurtha Náisiúnta i bhfeidhm chun íospartaigh na gáinneála ar dhaoine a shainaithint agus chun tacaíocht a thabhairt dóibh.
Is é an Sásra Tarchurtha Náisiúnta an creat ar tríd a shainaithníonn an Stát íospartaigh na gáinneála ar dhaoine agus a thacaíonn an Stát leo. Faoi láthair, tá freagracht ar an nGarda Síochána amháin i ndáil le híospartaigh na gáinneála ar dhaoine a shainaithint.
Faoin Sásra nua Tarchurtha Náisiúnta, déanfar líon mór Ranna agus gníomhaireachtaí ábhartha eile a ainmniú mar údaráis inniúla i leith íospartaigh a shainaithint agus, chomh maith leis sin, ceadófar eagraíochtaí sochaí sibhialta a thacaíonn le híospartaigh na gáinneála a ainmniú mar Chomhpháirtithe Iontaofa.
Dúirt an tAire Nic an tSaoi an méid seo a leanas:
“Mar thoradh ar an gcur chuige nua seo, beidh sé níos fusa d’íospartaigh na gáinneála teacht chun cinn, beidh sé níos fusa íospartaigh na gáinneála a shainaithint agus beidh sé níos fusa d’íospartaigh na gáinneála rochtain a fháil ar chomhairle, ar chóiríocht agus ar thacaíocht.
"Is é fírinne an scéil, mar gheall ar idirghníomhaíocht a d’fhéadfadh a bheith ag íospartaigh gáinneála le hoifigigh forfheidhmithe an dlí i ndlínsí eile, go mbíonn roinnt acu den tuairim nach féidir leo muinín a bheith acu as na póilíní. D’fhéadfadh sé sin stop a chur leo i dtaca lena sainaithint féin don Gharda Síochána mar íospartaigh.
"Tríd an gcur chuige nua seo, admhaítear go bhfuil ról ag comhlachtaí eile Stáit - lasmuigh den Gharda Síochána - agus ag Eagraíochtaí Neamhrialtasacha i ndáil le híospartaigh na gáinneála ar dhaoine a shainaithint agus i ndáil lena dtarchur chuig an Sásra Tarchurtha Náisiúnta ar tríd a bheidh íospartaigh shainaitheanta in ann na tacaíochtaí riachtanacha a fháil."
Déanfar an Bille atá foilsithe a thíolacadh do Thithe an Oireachtais anois agus beidh díospóireacht ann maidir leis.
Nóta d’eagarthóirí:
Moltaí de chuid Athbhreithniú O’Malley ar Chosaintí d’Fhinnéithe Leochaileacha le linn Cionta Gnéasacha a Imscrúdú agus a Ionchúiseamh
Is ar an 4 Lúnasa, 2020 a cheadaigh an Rialtas Athbhreithniú O’Malley ar Fhinnéithe Leochaileacha le linn Cionta Gnéasacha a Imscrúdú agus a Ionchúiseamh. Tugtar mionsonraí sa tuarascáil faoi mholtaí chun feabhas a chur ar eispéireas finné le linn triail i leith cion gnéasach. Rinneadh an plean forfheidhmiúcháin a lean as sin, ‘Tacú le Turas Íospartaigh’, a fhoilsiú i mí Dheireadh Fómhair 2020.
Cuirfidh an Bille cuid de na hathchóirithe reachtacha a mholtar in Athbhreithniú O’Malley i bhfeidhm. Baineann tromlach na moltaí sin le hanaithnideacht an íospartaigh nó an chúisí ó tharla gur shainaithin an tOllamh O’Malley bearnaí i Leabhar na Reachtanna, is é sin, áiteanna nach raibh ráthaíocht ann i leith anaithnideachta i gcás roinnt cionta.
Déanfar ceart an íospartaigh ar ionadaíocht dhlíthiúil ar leithligh má dhéantar iarratas chun iad a cheistiú faoina dtaithíocht chollaí roimh thráth an chiona atá i gceist a leathnú le go mbeidh trialacha i leith ionsaí gnéasach san áireamh, rud nár clúdaíodh roimhe seo faoin reachtaíocht. Ligfear don abhcóide a shanntar chun feidhmiú thar ceann an íospartaigh le linn an iarratais leanúint d’ionadaíocht a thabhairt don íospartach le linn an cheistithe má ghéilltear don iarratas.
Sásra Tarchurtha Náisiúnta d’Íospartaigh na Gáinneála ar Dhaoine
Soláthróidh an Bille bonn reachtach le haghaidh Sásra nua Tarchurtha Náisiúnta d’íospartaigh na gáinneála ar dhaoine. Is é atá i Sásra Tarchurtha Náisiúnta - mar atá sainmhínithe ag an gCoimisiún Eorpach agus ag an OSCE - ná sásra ar tríd a chomhlíonann Stáit a n-oibleagáidí maidir le cearta daonna íospartach gáinneála a chosaint agus a chur chun cinn, agus iad ag obair i gcomhpháirtíocht leis an tsochaí shibhialta.
Faoi láthair, is é An Garda Síochána an t-aon údarás inniúil amháin atá ann i dtaca le daoine a shainaithint go foirmiúil mar íospartaigh na gáinneála ar dhaoine. Aithnítear nach freagairt leordhóthanach é na Gardaí a bheith ann mar an t-aon údarás inniúil amháin sa réimse seo.
Mar gheall ar idirghníomhaíocht a d’fhéadfadh a bheith ag íospartaigh gáinneála le hoifigigh forfheidhmithe an dlí i ndlínsí eile, bíonn roinnt íospartach gáinneála den tuairim nach féidir leo muinín a bheith acu as na póilíní.
Tríd an gcur chuige nua, déantar foráil á rá go bhfuil ról ag comhlachtaí eile stáit agus ag Eagraíochtaí Neamhrialtasacha maidir le híospartaigh na gáinneála ar dhaoine a shainaithint agus maidir lena dtarchur chuig an Sásra Tarchurtha Náisiúnta.
Moltaí ón gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí maidir le hEolas nó Creidiúint i dtaca le Toiliú sa Dlí a bhaineann le hÉigniú
I mí na Samhna 2019, d’fhoilsigh an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí a thuarascáil dar teideal ‘Eolas nó Creidiúint i dtaca le Toiliú sa Dlí a bhaineann le hÉigniú’, tar éis dó iarraidh ina leith sin a fháil ón Ard-Aighne a bhí ann roimhe seo. Sa Tuarascáil sin, moltar gur ceart an dlí a athchóiriú ionas go mbeadh creidiúint an chúisí i dtaobh toiliú ‘réasúnach go hoibiachtúil’ agus ionas go bhfaighfear amach cad iad na bearta, más ann, a rinne an cúisí chun a fháil amach an raibh an bhean ag toiliú.
Tá sé tábhachtach a bheith ar an eolas nár scrúdaigh an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí cionta ionsaí ghnéasaigh agus go mbeidh gá leis an gcóras nua a leathnú chuig ionsaí gnéasach chomh maith lena leathnú chuig éigniú; ach is réimse casta é seo a bhfuil tuilleadh taighde ag teastáil ina leith. Tá tograí á bhforbairt ag an Roinn Dlí agus Cirt i ndáil le cionta ionsaí ghnéasaigh agus tabharfar na tograí ar aghaidh le ceadú an Rialtais a fháil ag tráth is faide anonn.
Dara Prótacal Roghnach a ghabhann le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta an Linbh i leith díol leanaí, striapachas leanaí agus pornagrafaíocht leanaí
Tá comhairle tugtha ag Oifig an Ard-Aighne á rá gur gá, chun fáil réidh le ceann de na bacainní deiridh i leith dhaingniú an Dara Prótacal Roghnach a ghabhann le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta an Linbh, alt 3 den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 2017, a chur isteach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht um Chionta Gnéasacha (Dlínse), 1996, chun foráil a dhéanamh maidir le seach-chríochachas. Le halt 3 d’Acht 2017, cruthaítear cion leanbh a fháil nó a chur ar fáil chun críocha dúshaothrú gnéasach agus, tríd an alt sin a chur le Sceideal Acht 1996, beifear in ann dúshaothrú gnéasach a ionchúiseamh i gcás go ndéantar cuid den chion, nó an cion ar fad, lasmuigh den Stát.
Leasuithe ar an Acht Cosanta 1954
I mí an Mhárta 2023, d’fhoilsigh an Grúpa Athbhreithnithe Neamhspleách tuarascáil ar nithe a bhaineann le dínit agus comhionannas in Óglaigh na hÉireann. I measc nithe eile, mhol an Grúpa gur ceart alt 169 agus alt 192 den Acht Cosanta, 1954, a leasú lena chinntiú nach ndéileáiltear le cionta gnéasacha sonraithe faoin dlí míleata ná i gcóras na harm-chúirte. Seachas sin, is ceart don Gharda Síochána na cionta sin a imscrúdú agus is ceart iad a ionchúiseamh i gcúirteanna sibhialta.
Trí na leasuithe sin, cinnteofar gurb iad an Garda Síochána agus na cúirteanna sibhialta a dhéileálfaidh le cásanna a bhaineann le hionsaí gnéasach, le tromionsaí gnéasach, le héigniú agus le héigniú faoi alt 4. Leanfaidh an dlí míleata d’fheidhm a bheith aige i gcás go dtarlaíonn cionta den sórt sin thar lear, áit nach bhfuil dlínse ag an nGarda Síochána.
Deimhniú a dhéanamh maidir le fianaise i dtaobh carachtair
Tá foráil bhreise curtha san áireamh i ndréacht-téacs an Bhille um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha agus Gáinneáil ar Dhaoine), 2023, ar foráil í a bhaineann le ‘deimhniú’ a dhéanamh maidir le fianaise i dtaobh carachtair. Faoi láthair, má ghlaoitear ar fhinné freastal ar chúirt chun fianaise i dtaobh carachtair a thabhairt, tugtar an fhianaise sin faoi mhionn. Ach ní mhionnaítear teistiméireachtaí a thugtar i scríbhinn.
Ceanglaítear leis an bhforáil nua nach mór teistiméireachtaí den sórt sin a thabhairt faoi mhionn nó le mionnscríbhinn le linn na héisteachta pianbhreithe i gcásanna a bhaineann le duine a chiontaítear i gcion gnéasach. Cinnteoidh sé sin go mionnaíonn an duine a thugann an teistiméireacht go bhfuil a ráiteas fíor. Is é atá sa réasúnú a bhaineann leis an bhforáil seo ná íospartaigh cionta gnéasacha a chosaint ar thuilleadh tráma le linn na héisteachta pianbhreithe.