Ceadú an Rialtais faighte ag an Aire McEntee chun an Bille Cúirteanna Teaghlaigh agus an chéad Straitéis Náisiúnta Ceartais Teaghlaigh a fhoilsiú
- Foilsithe: 16 Samhain 2022
- An t-eolas is déanaí: 21 Samhain 2022
Tá ceadú an Rialtais faighte ag an Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee chun an Bille Cúirteanna Teaghlaigh agus an chéad Straitéis Náisiúnta Ceartais Teaghlaigh a fhoilsiú. Is céim mhór chun cinn é seo i dtreo an Córas Ceartais Teaghlaigh a athchóiriú agus i dtreo rochtain ar cheartas a fheabhsú, faoi mar a gealladh i gClár an Rialtais agus i bPlean Ceartais 2022.
Tacófar leis na hathchóirithe seo trí ionad saintógtha don Chúirt Dlí Teaghlaigh a thógáil i Lána an Chrochaire i mBaile Átha Cliath. Tiocfaidh an t-ionad seo in áit na saoráidí neamhoiriúnacha agus scoilte atá ann faoi láthair don dlí teaghlaigh i lár Bhaile Átha Cliath i dTeach an Charnáin, ar Shráid na Seansaireachta, i dTeach an Fhionnuisce agus sna Ceithre Cúirteanna.
Leis an mBille Cúirteanna Teaghlaigh, cruthófar Cúirt Teaghlaigh nua shaindírithe laistigh den struchtúr cúirte atá ann cheana féin.
Déantar foráil sa Bhille freisin do nósanna imeachta cúirte lena dtacaítear le próiseas réitigh díospóide atá níos tapa agus a bhfuil níos lú sáraíochta i gceist leis.
Dúirt an tAire McEntee:
“Is cás deacair é do theaghlaigh, ach cás coitianta mar sin féin, go mbíonn orthu déileáil le cliseadh caidrimh nó ceist maidir le cúram nó cothabháil an linbh a réiteach.
Is minic a bhíonn na cásanna seo ag teacht leis na tréimhsí is leochailí de shaol pearsanta na ndaoine lena mbaineann - agus ar an drochuair, ní i gcónaí a éascaítear aistriú gan dua tríd na hathruithe seo i saol teaghlaigh le córas ceartais teaghlaigh an lae inniu.
Cuirtear go mór leis an ualach trom struis a bhíonn ar theaghlaigh cheana féin leis na hamanna feithimh fada chun rochtain a fháil ar an gcúirt, na turais iolracha chuig foirgnimh chúirte chomh maith le próisis atá rómhaorlathach, an easpa eolais atá ar fáil ar an gcóras, agus na costais arda dlí a bhíonn i gceist in amanna.
Tá rún diongbháilte agam feidhmiú an chórais ceartais teaghlaigh a athchóiriú, lena chinntiú go mbeidh córas cúirte teaghlaigh againn a bheidh níos éifeachtúla agus níos so-úsáidte, córas ina mbeidh an teaghlach agus na leanaí i gcroílár na hoibre. Is é sin ceann de na príomhghealltanais i bPlean Ceartais 2022 agus inniu táimid ag ceiliúradh cloch mhíle thábhachtach sa phróiseas sin.”
Is iad seo a leanas na príomhleasuithe sa Bhille:
- Déanfar foráil do bhunú Cúirte Teaghlaigh mar rannáin laistigh de na struchtúir chúirte atá ann cheana.
- Beidh Ard-Chúirt Teaghlaigh, Cúirt Chuarda Teaghlaigh agus Cúirt Dúiche Teaghlaigh ann agus beifear ag plé le cúrsaí dlí teaghlaigh i ngach ceann acu de réir mar is cuí don dlínse.
- Ceapfar breithiúna ar bhonn lánaimseartha chuig rannáin na Cúirte Teaghlaigh. Beidh na breithiúna seo oiriúnach chun bheith ag plé le cúrsaí dlí teaghlaigh mar gheall ar an oiliúint a fuair siad nó an taithí atá acu. Beidh gá le hoiliúint ghairmiúil leanúnach a fháil sa réimse dlí teaghlaigh.
- D'fhonn bainistiú cuí éifeachtach na gCúirteanna seo a chinntiú, moltar go gcruthófaí poist nua do Phríomhbhreitheamh san Ard-Chúirt Teaghlaigh agus sa Chúirt Chuarda Teaghlaigh agus do Bhreitheamh sa Chúirt Dúiche Teaghlaigh.
- Is é an aidhm ná go mbeifear in ann leis an reachtaíocht seo céatadán níos airde de chásanna dlí teaghlaigh nach bhfuil conspóid ag baint leo a réiteach ag leibhéal na Cúirte Dúiche, agus ar an gcaoi sin go n-íoslaghdófar na costais do dhlíthithe.
- Is é atá beartaithe ná go mbeidh an Chúirt Teaghlaigh ina suí chun éisteacht le himeachtaí dlí teaghlaigh, lena n-áirítear imeachtaí cúraim leanaí, i bhfoirgneamh nó seomra éagsúil seachas sna cinn ina mbíonn cúirteanna eile ina suí nó go mbeidh na himeachtaí sin ar siúl ar laethanta éagsúla nó ag amanna éagsúla seachas nuair a bhíonn imeachtaí cúirteanna eile ar siúl.
- Ceadófar faoin mBille iarratais chomhpháirteacha a dhéanamh ar idirscaradh breithiúnach, colscaradh agus ar scaoileadh páirtnéireachta sibhialta. Tacófar leis sin idirghabháil agus réiteach malartach díospóide i gcásanna mar sin.
- Déantar foráil sa Bhille do Choiste um Rialacha Dlí Teaghlaigh saindírithe a bhunú, nó mar mhalairt air sin, Fo-choistí Dlí Teaghlaigh de na Coistí um Rialacha Cúirte ginearálta a bhunú, chun a chinntiú go mbeidh na rialacha cúirte maidir le himeachtaí dlí teaghlaigh soiléir agus go gcuirfear i bhfeidhm iad ar bhealach comhsheasmhach ar fud leibhéal na gcúirteanna teaghlaigh ar fad.
Leis an mBille, cuirfear tacar de phrionsabail threoracha ar fáil d’fhonn cuidiú go ndéanfar cinnte i gcóras na Cúirte Teaghlaigh go dtabharfar tús áite do shárleasanna an linbh i ngach imeacht dlí teaghlaigh, go mbeidh an córas ag feidhmiú ar bhealach éifeachtúil, agus go spreagfar bainistiú cáis gníomhach sna cúirteanna.
Beidh ceangal ar na cúirteanna sin, ar chleachtóirí agus ar pháirtithe dlí maidir le himeachtaí dlí cúirte aird a thabhairt ar na prionsabail seo.
Áirítear a leanas ar na príomhphrionsabail:
- Tabharfar tús áite do shárleasanna gach linbh lena mbaineann nó leanbh gur dócha go mbeidh tionchar ag toradh na n-imeachtaí dlí teaghlaigh air/uirthi i stiúradh na n-imeachtaí agus ba cheart dearcthaí an linbh a dhearbhú más indéanta agus béim a chur orthu, agus aois agus inmhe an linbh a chur san áireamh.
- Ba cheart don chúirt réiteach na saincheisteanna faoi dhíospóid a spreagadh agus a éascú chomh fada agus is féidir trí mhodhanna malartacha réitigh, amhail idirghabháil - ach amháin i gcásanna nach mbeadh sé sin cuí, amhail cásanna foréigin baile.
- Déanfaidh an chúirt cleachtais bainistithe cáis ghníomhaigh a chur chun cinn agus a bainfear leas as na cleachtais sin sna cúirteanna.
- Imeachtaí a stiúradh ar bhealach a bheadh so-úsáidte do na páirtithe, lena n-aithneofaí na saincheisteanna faoi dhíospóid, lena n-íoslaghdófaí, chomh fada agus is féidir, coimhlint idir na páirtithe, agus a bheadh cóir tapa agus gur dócha go n-íoslaghdófaí costais na n-imeachtaí sin.
Dúirt an tAire McEntee:
Beidh an Bille Cúirteanna Teaghlaigh mar chuid bhunúsach den athchóiriú ar an gcóras ceartais teaghlaigh agus cuirfear ar fáil leis go leor de na nithe tábhachtacha a bheidh riachtanach do na hathchóirithe sin.
Leis an mBille, cruthófar Cúirteanna Teaghlaigh nua saindírithe mar rannáin laistigh de na struchtúir chúirte atá ann cheana agus ceapfar breithiúna na Cúirte Teaghlaigh ar bhonn lánaimseartha.
Déanfar foráil sa Bhille go mbeidh saineolas agus oiliúint ghairmiúil leanúnach i réimse an dlí teaghlaigh ina riachtanas do dhuine atá le ceapadh ina bhreitheamh sa chúirt teaghlaigh.
Cuirfear tacar de phrionsabail threoracha ar fáil sa Bhille freisin le cinntiú go dtabharfar tú áite do shárleasanna an linbh i ngach imeacht dlí teaghlaigh, lena chinntiú go bhfeidhmeoidh córas na Cúirte Teaghlaigh ar bhealach éifeachtúil agus so-úsáidte, agus chun bainistiú cáis gníomhach sna cúirteanna a spreagadh.
Tá tábhacht lárnach ag tógáil an ionaid shaintógtha don Chúirt Dlí Teaghlaigh i Lána an Chrochaire i mBaile Átha Cliath i dtaobh athrú an chórais ceartais teaghlaigh a bhaint amach. Tógfar an t-ionad agus aird á tabhairt ar riachtanais shonracha na ndaoine a úsáideann na cúirte dlí teaghlaigh agus cuirfear saoráid nua-aimseartha ar fáil ina mbeidh cásanna dlí teaghlaigh ar siúl i dtimpeallacht mhaorga shábháilte neamhbhagrach agus beidh réimse seirbhísí tacaíochta in aice láimhe.”
Bunaíodh Grúpa Maoirseachta Ceartais Teaghlaigh chun an chéad straitéis náisiúnta a fhorbairt maidir leis an gcóras ceartais teaghlaigh a athchóiriú agus chun tacú leis na hathruithe reachtaíochta atá molta sa Bhille Cúirteanna Teaghlaigh atá beartaithe.
Tríd na haidhmeanna agus gníomhartha sa Straitéis seo a chur i bhfeidhm, tá an tAire McEntee ag súil lena leanas:
- Go mbeidh sé níos éasca teacht ar eolas faoin gcóras ceartais teaghlaigh
- Go mbeidh sé níos éasca seirbhísí agus tacaíochtaí a aimsiú
- Go mbeidh eolas níos fearr ag daoine ar na roghanna atá ar fáil agus iad ag iarraidh na saincheisteanna atá acu a réiteach
- Go mbeidh an struchtúr cúirte teaghlaigh i bhfeidhm
- Go gcuirfear forbairt an Ionaid Cúirteanna Teaghlaigh i Lána an Chrochaire chun cinn
go gcuirfear tacaíochtaí níos fearr ar fáil do leanaí agus do na daoine is leochailí atá ann
- Go mbeidh an córas ceartais teaghlaigh níos inrochtana, go mbeidh sé níos éasca do dhaoine é a thuiscint agus a mbealach a dhéanamh tríd, agus go mbeidh sé níos freagrúla do riachtanais dlí na ndaoine a mbaineann úsáid as
- Go ndéanfaidh bunú na gcúirteanna teaghlaigh eolas d’fhorbairt na n-athchóirithe timfhillteacha amach anseo chun tacú le teaghlaigh na díospóidí a bhíonn acu a réiteach.
Is éard a dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí agus Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys, ag an seoladh:
“Beidh tábhacht ar leith ag baint leis na hathchóirithe sin do dhaoine atá ar ioncam íseal.
Cuirtear béim sa Straitéis ar an ngá atá le níos mó eolais agus tacaíochtaí a chur ar fáil do dhaoine, lena n-áirítear úsáid réiteach lena mbaineann níos lú sáraíochta a spreagadh chun cuidiú le díospóidí a réiteach.
Cuirtear béim freisin ar an tábhacht atá le hoiliúint a chur ar na daoine sin a bhíonn ag obair le leanaí agus le teaghlaigh ar fud an chórais ceartais agus tacú leis na daoine sin chun teagmháil a dhéanamh leo.”
Dúirt an tAire Stáit d’Athchóiriú Dlí, James Browne, ag an seoladh:
Leis an mBille Cúirteanna Teaghlaigh chomh maith leis an Straitéis Ceartais Teaghlaigh, nuachóireofar an córas ceartais teaghlaigh.
Cuirtear an-fháilte roimh an gcaoi a dtugtar aitheantas sa straitéis agus sa Bhille don tábhacht atá le leanaí a chur i gcroílár an cheartais teaghlaigh maidir le cúrsaí a bhaineann leo, agus cluas éisteachta a thabhairt dóibh sa chóras ceartais teaghlaigh mar is cuí.
Tá na hathchóirithe seo ag leanúint comhairliúchán suntasach le páirtithe leasmhara, lena n-áirítear le leanaí agus le daoine óga, rud a chiallaíonn go ndéanfar eolas do na hathchóirithe trí thaithí saoil - Ceapaim go bhfuil sé sin an-tábhachtach lena chinntiú go mbeidh na córais éifeachtach agus freagrúil i leith riachtanais na n-úsáideoirí agus go bhfuil sé ríthábhachtach maidir le rochtain ar cheartas a fheabhsú”