English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Comórtas earcaíochta do Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ainmnithe don Údarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail

Tá fáilte curtha ag an Aire Dlí agus Cirt, Eiléana Nic an tSaoi TD, roimh sheoladh comórtais inniu chun Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ainmnithe a earcú don ghníomhaireacht nua atá le cur ar bun - An tÚdarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail (PCSA) a bhunófar i ndiaidh achtú an Bhille um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail, atá os comhair an tSeanaid faoi láthair.

Is é an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a sheol an comórtas inniu agus is é an spriocdháta chun iarratais a chur isteach ná 3pm Déardaoin, an 16 Samhain. https://www.publicjobs.ie/en/?option=com_jobsearch&view=jobdetails&Itemid=263&cid=181703&campaignId=23507003

Nuair a bheidh an PCSA curtha ar bun, déanfar feidhmeanna maoirseachta leathana an Údaráis Póilíneachta reatha agus sainfheidhmeanna cigireachta an Gharda Síochána a chomhdhlúthú in aon chomhlacht nua amháin agus cuirfear leis na feidhmeanna sin freisin. Is céim bharrthábhachtach é seo i dtreo creata atá níos comhtháite agus níos éifeachtaí chun maoirseacht neamhspleách a dhéanamh ar an nGarda Síochána agus chun cuidiú linn pobail níos láidre agus sábháilte a fhorbairt.

Níl i mbunú an PCSA ach gné thábhachtach amháin den tsraith fhoriomlán athruithe atá á cur i gcrích faoin mBille um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail 2023.

Tá clár cuimsitheach forfheidhmithe á reáchtáil i gcomhthráth le rith an Bhille lena chinntiú go mbeifear in ann struchtúir agus forálacha nua a bhunú chomh luath agus is féidir i ndiaidh an t-achtú a chur i gcrích.

Is é an príomhról a bheidh ag an PCSA ná athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht an Gharda Síochána agus feabhsú leanúnach an Gharda Síochána a chur chun cinn i dtaca lena misean ‘Daoine a Choinneáil Sábháilte’ a chur i gcrích. Bainfidh an comhlacht neamhspleách tairbhe as sainfheidhm chigireachta inmheánach, ag a mbeidh cumhachtaí láidre cigireachta, lena n-áireofar an chumhacht cuairteanna a thabhairt ar áitreabh Garda gan choinne.

Chomh maith leis sin, cuirfidh an PCSA comhoibriú idirghníomhaireachta agus rannpháirtíocht phobail chun cinn chun sábháilteacht pobail a fheabhsú, lena n-áireofar maoirseacht a dhéanamh ar chomhoibriú agus comhar na nGardaí le gníomhaireachtaí ábhartha eile. Tá sé seo i gcomhréir leis an mbeartas atá mar bhonn agus mar thaca ag an mBille nach é amháin An Garda Síochána atá freagrach as sábháilteacht pobail a fheabhsú agus a chaomhnú, ach go dteastaíonn cur chuige uile-Rialtais agus tras-sochaíoch ina leith.

Chomh maith leis sin, leanfaidh an PCSA den ról tábhachtach atá ag an Údarás Póilíneachta reatha i ndáil le feasacht agus rannpháirtíocht phoiblí a chomhlíonadh, lena n-áireofar cruinnithe poiblí a reáchtáil ar bhonn rialta le Coimisinéir na nGardaí agus a fhoireann shinsearach ceannaireachta.

Agus an comórtas á fhógairt, dúirt an tAire Nic an tSaoi:

“Tá an-mheas agam ar an obair thábhachtach a dhéanann an tÚdarás Póilíneachta agus Cigireacht an Gharda Síochána i láthair na huaire.

“Beidh deis ar leith ag an té a n-éireoidh leis/léi an post seo a fháil forbairt a dhéanamh ar an obair seo sa PCSA nua, ar trí sin a ndéanfar maoirseacht ar an nGarda Síochána a neartú agus a fhorbairt tuilleadh.

“Beidh ról tábhachtach ceannaireachta ag an té sin i ndáil le freagrachtaí feidhmíochta, sábháilteachta pobail, cuntasachta agus trédhearcachta an Gharda Síochána a dhearbhú ar mhaithe le leas na bpobal ar a bhfreastalaíonn siad.

“Tá seoladh an chomórtais do Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ina garsprioc thábhachtach sa chlár ollmhór oibre atá ar siúl i mo Roinnse agus sna gníomhaireachtaí ábhartha chun ullmhú don Bhille um Póilíneacht, Slándáil agus Pobail agus a achtú agus a thionscnamh.

“Tá an obair seo ag leanúint go fóill i gcomhthráth le rith na reachtaíochta trí na Tithe d’fhonn a chinntiú go mbeifear in ann na comhlachtaí, struchtúir agus próisis éagsúla nua a chur ar bun chomh luath agus is indéanta i ndiaidh achtú an Bhille.

“Tá cur i bhfeidhm na n-athchóirithe leathana seo an-tábhachtach dom de réir mar a oibrímid chun pobail níos láidre agus níos sábháilte a fhorbairt.

“Tá foráil sa Bhille seo do chreat nua i ndáil le rialú agus maoirseacht a dhéanamh ar phóilíneacht. Chomh maith leis sin, neartaítear comhar agus comhordú ar fud an Rialtais, idir gníomhaireachtaí agus le pobail iad féin, d’fhonn sábháilteacht pobail a fheabhsú agus a chaomhnú.

I dteannta a chéile, tacófar le feidhmíocht bharrmhaith an Gharda Síochána mar sheirbhís póilíneachta agus slándála ghairmiúil, eiticiúil, chomhaimseartha agus éifeachtach atá dea-bhainistithe, cost-éifeachtúil, oilte agus feistithe mar is cuí, agus cuntasach go soiléir.

“Is gné ríthábhachtach é seo dár misean chun pobail níos sábháilte agus níos láidre a fhorbairt.”

CRÍOCH./

Nótaí d’eagarthóirí:

Mar a fhoráiltear faoin mBille, d’fhéadfadh an tAire duine a ainmniú i leith ceapacháin mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis sula mbeidh an tÚdarás curtha ar bun. Ceapfar an té seo mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar lá an bhunaithe

I ndiaidh a achtaithe, is leis an mBille um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail 2023 a n-aisghairfear Acht an Gharda Síochána 2005 (arna leasú) ina iomláine.