English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Comhairliúchán oscailte ag an Aire McEntee maidir le scéim chun neamhaird a thabhairt ar chiontuithe stairiúla fear aerach agus déghnéasach

  • Is deis é an Comhairliúchán poiblí do dhaoine agus do ghrúpaí lena mbaineann eolas a dhéanamh d'fhorbairt na scéime neamhairde
  • Beidh an suirbhé ar siúl ar líne ar feadh roinnt seachtainí, agus cuirfear deireadh leis Dé hAoine an 9 Nollaig

Tá comhairliúchán poiblí seolta inniu ag an Aire Dlí agus Cirt, Helen McEntee, TD, comhairliúchán a dhéanfaidh eolas d'fhorbairt scéime chun neamhaird a thabhairt ar chiontuithe stairiúla a bhaineann le gníomhaíocht ghnéasach chomhthoiliúil idir fir.

Iarrtar ar dhaoine lena mbaineann agus ar eagraíochtaí ionadaíocha tuairimí a thabhairt maidir le roinnt saincheisteanna ríthábhachtacha, bunaithe ar a taithí saoil féin. Déanfaidh na freagraí a thugann siad eolas do mholtaí deiridh an Ghrúpa Oibre atá ag scrúdú fhorbairt na scéime maidir le neamhaird a thabhairt ar chiontuithe i leith gníomhaíocht ghnéasach chomhthoiliúil idir fir roimh an díchoiriúlú sa bhliain 1993.

Dúirt an tAire McEntee:

“Tá muid ag iarraidh a chinntiú go mbeadh aon scéim fhéideartha chomh héifeachtach agus chomh hinrochtana agus ab fhéidir ionas go mbeadh muid in ann na daoine atá buailte ag na dlíthe as dáta seo a shaoradh agus aghaidh a thabhairt ar roinnt de na díobhálacha a rinneadh san am atá caite a bhfuil a dtionchar fós le brath.

Mholfainn d’aon duine de na fir sin a mbaineann sé seo leo, dá dteaghlaigh, dá ndaoine muinteartha agus don pobal LADTA+ i gcoitinne páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo ionas go mbeidh muid in ann a bheith ar an eolas faoina ndearcthaí ar leith féin de réir mar a bheidh muid ag bogadh chun cinn.”

Is seacht gcinn de cheisteanna a bheidh sa suirbhé comhairliúcháin, bunaithe ar shaincheisteanna ríthábhachtacha atá aitheanta ag an nGrúpa Oibre ina saincheisteanna a rachadh tuairimí na bpáirtithe leasmhara ina leith chun leasa dóibh. Leis an suirbhé, iarrfar mar a d'fhéadfaí scéim fhéideartha a dhéanamh níos inrochtana, mar is féidir rannpháirtíocht sa scéim a spreagadh agus mar is féidir an baol go bhfágfaí tráma arís ar iarratasóirí a laghdú, chomh maith le saincheisteanna eile.

Is é 5pm Dé hAoine an 9 Nollaig 2022 an spriocdháta chun an suirbhé a chur i gcrích.

I ndiaidh deireadh a chur leis an gcomhairliúchán, ullmhóidh an Grúpa Oibre tuarascáil achomhair lena dtabharfar léargas ginearálta ar na haighneachtaí a fuarthas, agus lena n-aithneofar na príomhthéamaí a dhéanfaidh eolas do mholtaí deiridh an Ghrúpa Oibre.

Dúirt an tAire McEntee:

“Tá an iomarca daoine ag fulaingt fós mar gheall ar an damáiste a rinne na dlíthe sin.

Cé nach bhfuil muid in ann dul siar ar an dochar a rinneadh do dhaoine a ndearnadh leatrom orthu mar go raibh siad aerach nó déghnéasach, is féidir linn cuidiú leis an bpróiseas cneasaithe.

Tá Clár an Rialtais agus mo Phleananna Ceartais tiomanta do scéim a chur i bhfeidhm a dhéanfaidh neamhaird do chiontuithe na ndaoine a ciontaíodh i ngníomhaíocht chomhghnéis chomhthoiliúil roimh an díchoiriúlú.

Is céim eile thábhachtach é an comhairliúchán seo ar an aistear chun na gealltanais sin a chomhlíonadh, agus chun aghaidh a thabhairt ar an díobháil aonair a rinneadh do na glúnta d’fhir aeracha agus dhéghnéasacha, agus a léiriú ag an am céanna go bhfuil muid sásta cuairt a thabhairt arís ar ghnéithe míshuaimhneacha a bhaineann linn ón am atá caite agus aghaidh a thabhairt orthu.”

Nótaí d'Eagarthóirí

Is féidir teacht ar fhaisnéis mhionsonraithe faoin gcomhairliúchán poiblí anseo: Public Consultation on key issues related to the Disregard of Convictions for Certain Qualifying Offences related to Consensual Sexual Activity between Men

Mar is féidir páirt a ghlacadh sa suirbhé comhairliúcháin

1. Tríd an suirbhé ar líne a chomhlánú anseo: Online Survey

2. Trí ríomhphost a sheoladh chuig: disregard@justice.ie

3. Ar an bpost chuig: An Fhoireann Neamhairde, Beartas Straitéiseach, Pleanáil agus Taighde, Ceartas Coiriúil, An Roinn Dlí agus Cirt, 51 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2, D02 HK52, Éire.

Is féidir aon cheist eile faoin bpróiseas comhairliúcháin a chur ar aghaidh chuig an seoladh teagmhála seo a leanas: disregard@justice.ie.

Is é 5pm Dé hAoine an 9 Nollaig 2022 an spriocdháta chun an suirbhé a chur i gcrích.

Cúlra

Tháinig coiriúlú na ngníomhartha gnéasacha comhthoiliúla idir fir in Éirinn i bhfeidhm roimh bhunú an Stáit agus d’fhan i bhfeidhm go dtí gur díchoiríodh ar deireadh thiar iad sa bhliain 1993. Aithnítear an coiriúlú sin go coiteann anois mar mhasla do dhínit an duine agus mar éagóir stairiúil shuntasach.

D’fhógair an Rialtas pleananna sa bhliain 2018 chun tograí a thabhairt chun tosaigh do scéim chun scriosadh (nó neamhaird) taifead coiriúil do chionta cáilithe a chumasú, sa chás go mbeadh na gníomhartha gnéasacha a bhí i gceist dleathach anois. Bunaíodh Grúpa Oibre a bhí comhdhéanta d'ionadaithe ón Roinn Dlí agus Cirt, An Garda Síochána, Oifig an Ard-Aighne, Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas agus daoine aonair ón bpobal LADT a bhfuil saineolas acu sa réimse seo chun mar is féidir dul chun cinn a dhéanamh ina leith seo a scrúdú.

D’fhoilsigh an Roinn Dlí agus Cirt Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn an Ghrúpa OibreTuarascáil ar Dhul Chun Cinn an Ghrúpa Oibre i mBealtaine na bliana 2022 agus bhí roinnt moltaí inti. Ar cheann de na moltaí, moladh gur cheart tabhairt faoi chomhairliúchán poiblí spriocdhírithe chun deis a chur ar fáil do dhaoine lena mbaineann agus do ghrúpaí ionadaíocha aghaidh a thabhairt ar roinnt de na príomhcheisteanna a bhain le forbairt na scéime neamhairde.

Is de réir an mholta sin atá an Comhairliúchán Poiblí seo seolta ag an Roinn Dlí agus Cirt.